Treoirlínte pleanála don Ghaeltacht le foilsiú aimsir na Cásca, a deir an tAire Tithíochta

Dúirt O’Brien go raibh díomá air nár foilsíodh na treoirlínte, a gheall sé breis is dhá bhliain ó shin, go dtí seo ach nach raibh sé “éasca ar chor ar bith” ceist na tithíochta sa Ghaeltacht a réiteach

Treoirlínte pleanála don Ghaeltacht le foilsiú aimsir na Cásca, a deir an tAire Tithíochta

Tá ráite ag an Aire Tithíochta go bhfuil sé ag súil go bhfoilseofar dréacht-treoirlínte pleanála nua don Ghaeltacht aimsir na Cásca.

Agus é ag labhairt le linn an phlé ar an leasú atá le déanamh ar an mBille Pleanála agus Forbartha, dúirt an tAire Darragh O’Brien go bhfoilseofar na dréacht-treoirlínte mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí “roimh an gCáisc”. Beidh Domhnach na Cásca ar an 31 Márta i mbliana.

Dúirt O’Brien go raibh díomá air nár foilsíodh na treoirlínte, a gheall sé breis is dhá bhliain ó shin, go dtí seo ach nach raibh sé “éasca ar chor ar bith” ceist na tithíochta sa Ghaeltacht a réiteach.

“Nílim sásta nach bhfuil sé déanta anois ach tá mé cinnte go mbeidh mé ábalta na treoirlínte a chur os comhar an phobail timpeall na Cásca,” a dúirt sé.

Mhaígh O’Brien go raibh sé tábhachtach dul i gcomhairle le muintir na Gaeltachta maidir leis na treoirlínte.

Dúirt sé gur mheas sé gur fearr déileáil le cás na Gaeltachta le treoirlínte seachas le reachtaíocht phríomha toisc go bhféadfadh “iarmhairtí neamhbheartaithe” a bheith mar thoradh ar athruithe ar an reachtaíocht. Dúirt sé go raibh teaghlaigh ina gcónaí sa Ghaeltacht nár labhair ach Béarla, mar shampla, agus go bhféadfadh reachtaíocht phríomha srian a chur ar a gcearta.

Bhí cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht go mór chun tosaigh le linn an phlé ar leasuithe ar an reachtaíocht i dTeach Laighean inné agus cé nach raibh sé sásta glacadh le haon cheann de na leasuithe a bhí curtha chun cinn ag Teachtaí Dála eile faoin nGaeilge agus an Ghaeltacht, gheall an tAire go dtiocfadh sé ar ais lena mholtaí féin ag Céim na Tuarascála den bhille. Dúirt sé go raibh athruithe maithe déanta i dtaobh cúrsaí pleanála in Acht na Gaeltachta, 2012, ach go bhféadfaí an obair sin a neartú leis an reachtaíocht nua.

Athrú amháin a bheartaigh an tAire ná go mbeadh ceantair Ghaeltachta agus oileáin áirithe mar cheantair ar leith i bpleananna forbartha na n-údarás áitiúil. Dúirt sé nach raibh aon leanúnachas ann maidir le cur chuige na n-údarás áitiúil i dtaobh cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.

Dúirt sé freisin go raibh sé ag iarraidh scéimeanna tithíochta inacmhainne a fhorbairt sa Ghaeltacht agus nach raibh tada ann a stopfadh Údarás na Gaeltachta óna leithéid de scéimeanna a chur ar fáil.

Dúirt an tAire O’Brien freisin go raibh sé le bualadh leis an ngrúpa feachtais BÁNÚ Dé Luain seo chugainn.

Bhí na Teachtaí Dála Eoin Ó Broin, Aengus Ó Snodaigh agus Thomas Gould ó Shinn Féin, Cian O’Callaghan (Daonlathaithe Sóisialta) agus Marc Ó Cathasaigh (Comhaontas Glas) i measc na dTeachtaí a chuir leasuithe faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht chun tosaigh.

Fág freagra ar 'Treoirlínte pleanála don Ghaeltacht le foilsiú aimsir na Cásca, a deir an tAire Tithíochta'

  • Máirín

    Bheadh bunshraith láidir curtha faoi chomharchumann tithíochta Gaeltachta le polasaí láidir teanga dá dtosódh grúpa ceann anois. Tógfaidh sé tamall eile an dréacht a réiteach, ansin aighneachtaí a lorg, ansin é a bheith glactha sa Dáil agus ag an deireadh ceadaithe ag an AE. Tá leide maith tugtha ag Darragh O’Brien gur beag athrú a bheidh ar chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.
    Teastaíonn tacaíocht an phobail go léir ó Bánú chun brú a chur ar an rialtas cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a chur in oiriuint do chúrsaí tithíóchta don óige a chur chun cinn.

  • An Teanga Bheo

    Tithe is áit conaí do chuile dhuine ní don óige a bheith gaelach agus pleanáil dúinn uilig’