Tá seisear cainteoirí Gaeilge i measc an 50 Éireannach ar bronnadh tréimhse chónaithe sa Centre Culturel Irlandais i bPáras na Fraince orthu le deireanas.
Fuair na ceoltóirí Cormac Begley, as Gaeltacht Chorca Dhuibhne, Peadar-Tom Mercier as Gaeltacht Chonamara, agus Doireann Ní Ghlacáin, as Cluain Tarbh, trí cinn de na 13 cónaitheacht cheoil. Bronnadh cónaitheacht litríochta ar na filí as Baile Átha Cliath Aifric Mac Aodha agus Ciara Ní É agus bronnadh cónaitheacht scannánaíochta ar an gCorcaíoch Ciara Nic Chormaic. Caithfidh na healaíontóirí seo aon mhí amháin ar a laghad i bpríomhchathair na Fraince le tograí a fhorbairt ina réimse sainiúil ealaíne féin.
Dúirt Aifric Mac Aodha le Tuairisc go raibh “áthas an domhain” uirthi nuair a fuair sí an scéala go raibh an chónaitheacht buaite aici agus go raibh sí ag súil go mór lena tréimhse i bPáras.
“Níl a fhios agam cathain a bheidh mé ann go fóill, beidh sé ag braith ar chúinsí oibre, seans go mbeidh mé ann aimsir na Nollag ach beidh sé sin le dearbhú leis an ionad féin.
“Chaitheas seal i mo au paire i bPáras breis agus 30 bliain ó shin agus léigheas san ionad cultúir tuairim is fiche bliain ó shin ach tá mé ag súil go mór le bheith sa chathair arís ag obair san ionad,” a dúirt sí.
B’éigean do na healaíontóirí togra a leagan amach ina n-iarratas ar an gcónaitheacht. Is togra filíochta a bheidh ar bun ag Mac Aodha ann agus é dírithe ar chúrsaí turasóireachta agus an ceangal atá acu le mionteangacha.
“Theastaigh uaim rud éigin a scríobh ar chúrsaí turasóireachta agus bhí mé ag iarraidh é a cheangal le ceisteanna faoi mhionteangacha. An tslí nach mbíonn daoine ag iarraidh an geimhreadh a chaitheamh leis an nGaeilge, bíonn siad sásta am a chaitheamh léi sa samhradh. Beidh dánta á n-aistriú ón bhFraincis agam chomh maith agus beidh léamh nó dhó le déanamh,” a dúirt sí.
Dúirt sí go bhfuil áthas uirthi freisin go bhfuil “scata” cainteoirí Gaeilge tar éis cónaitheacht a ghnóthachtáil.
Fág freagra ar 'Tréimhse chónaithe i bPáras faighte ag seisear cainteoirí Gaeilge'