‘Trá Mhór’ fágtha ar an trá fholamh ag Instagram

Ní féidir leaganacha Gaeilge de logainmneacha na hÉireann a úsáid agus an chlib áite á cur le grianghraif ar an aip Instagram níos mó

instagram-crop

Glanadh an rogha logainmneacha Gaeilge a úsáid leis an uasdátú is deireanaí a rinneadh ar an aip Instagram. Bhítí in ann clib áite a chur i nGaeilge, ‘Trá Mhór – Port Láirge’ mar shampla, le postálacha ar an suíomh roinnte pictiúr ach le tamall anuas tá an rogha sin bainte uaidh agus gan ach leaganacha Béarla ina n-áit. 

Baintear úsáid as an gclib aite chun léarscáil pictiúr a chruthú a thaispeánann do lucht leanta an úsáideora na háiteanna ar fad a tógadh a chuid grianghraf. Is féidir é a úsáid freisin chun na grianghraif ar fad a tógadh in áit faoi leith a fheiceáil in aon sruth amháin. 

Tá a leithéid d’áis ag Facebook freisin agus an rogha Ghaeilge ar fáil ar an suíomh sin i gcónaí. Cuireadh Facebook é féin ar fáil i nGaeilge tamall de bhlianta ó shin agus cuireadh an leagan Gaeilge de Twitter ar fáil níos túisce i mbliana. Ní fios cé acu an gcuirfear nó nach gcuirfear Instagram ar liosta na suíomhanna atá ar fáil i nGaeilge. 

Tá Instagram ar an gceathrú meán sóisialta is mó in Éirinn, i ndiaidh Facebook, Twitter agus LinkedIn, ach is aige atá na húsáideoirí is dílse. Baineann 46% de lucht a úsáidte leas as an suíomh gach uile lá.

Bhain conspóid le Google Maps roinnt blianta ó shin nuair a taispeánadh logainmneacha na hÉireann i nGaeilge agus i mBéarla araon ar an suíomh sin. Chuir an dátheangachas cuma dhoiléir ar an áis, dar le grúpa úsáideoirí, agus cuireadh brú ar Google na logainmneacha Gaeilge a bhaint ó na léarscáileanna, rud a rinneadh. Is féidir, áfach, logainmneacha Gaeilge a chur sa bhosca cuardaigh ar Google Maps agus ní chuirtear isteach ná amach ar na torthaí a fhaightear. 

Ní raibh urlabhraí ó Instagram ar fáil agus an t-alt seo á scríobh.

Fág freagra ar '‘Trá Mhór’ fágtha ar an trá fholamh ag Instagram'