Tosóidh an cogadh aicmeach i gceart má choinnítear Sinn Féin as an rialtas

Tá neart tráchtairí sna meáin atá buartha faoi bharbaraigh as Sinn Féin ach níl mórán acu ann a thuigeann gur cogadh aicmeach atá ar bun faoi láthair

Tosóidh an cogadh aicmeach i gceart má choinnítear Sinn Féin as an rialtas

An mbíonn mórán tionchair ar pholaiteoir ag a bhean chéile nó a fhear céile? Is críonna an té a déarfadh agus ní mar a chéile chuile lánúin ar ndóigh.

Alt a bhí ag an gcolúnaí Victoria White san Irish Examiner an lá faoi dheireadh a chuir ag smaoineamh ar an mbealach seo mé. Ise bean cheannaire an Chomhaontais Ghlais Eamon Ryan.

Más cruthú ar bith an t-alt seo tá comhráite thar a bheith suimiúil os cionn na bplátaí muesli ag an mbeirt acu na laethanta seo agus an Comhaontas Glas ar a mbionda ag iarraidh a dhul isteach i rialtas. Nach mór a thabharfá ar a bheith i do chuileog ar an mballa ag éisteacht leo?

Tuigeann Victoria White go rímhaith go bhfuil aicmeachas sa tír seo. Sin rud nach dtarraingíonn colúnaithe eile aird ar bith air. Is breá leo a thabhairt le tuiscint gur mar a chéile muid, gur sa mbád céanna atá muid.

Sa mbád céanna a bhí na paisinéirí ar an Titanic freisin ach bhí cuid acu sna cábáin dhaora agus an chuid eile sna cábáin shaora. Is maith atá a fhios againn cé acu is mó a bádh.

Ba mhaith a thuig Máirtín Ó Cadhain an deighilt aicmeach. Seo mar a chuir seisean é:

Bhí an smaoineamh sin téaltaithe i m’intinn sular fhág mé an Ghaeltacht ná ar chuala mé caint ar Mharx ná ar an gConaolach ariamh…Bhí an fuath aicmeach seo gríosta ionam i bhfad sular léigh mé an chéad fhocal den Chonaolach ná de Das Kapital. Agus nuair a léigh thuig mé ar an bpointe céard é.

Bhí leagan cainte ag na Gaeil roimhe sin a léirigh an rud céanna: níl aon lá riamh ná bíonn an cruas ag déanamh cos ar bolg ar an éagruas, mar a dúirt an dreoilín leis an bhfiolar.

Ach ar ais linn go dtí Victoria White. ‘Class snobbery’ a thug sise ar an drogall atá ar Fhianna Fáil a dhul chun cainte le Sinn Féin.

Tuigeann sí go bhfuil an bhearna idir Fine Gael agus Sinn Féin rómhór. Aidhm eile atá ag Fine Gael, a deir sí, agus sé sin fanacht ar an eite dheis san áit a bhfuil an mheánaicme ag iarraidh orthu fanacht. Ach céard atá ar bun ag Fianna Fáil, ar sise, agus iad ag tabhairt droim láimhe do na vótóirí atá naísiúnach agus ar an eite chlé?

Tá sé an-soiléir anois, a dúirt sí, go bhfuil an aicme oibre tréigthe ag Fianna Fáil agus go bhfuil Sinn Féin tagtha i gceannas sna heastáit tithíochta agus amuigh faoin tuath.

Páirtí an Lucht Oibre ba cheart a bheith san ionad sin, ar sise, ach ní mar sin a tharla. (Tá iontas orm nár luaigh sí an chaoi ar chac Páirtí an Lucht Oibre ar na huibheacha nuair a chuaigh siad i gcomhrialtas a thosaigh ag fáisceadh ar an gcosmhuintir. An ndéanfaidh an Comhaontas Glas an dearmad céanna? Níor mhór di a dhul chun cainte le hEamon aríst.)

Is cosúil go bhfuil David McWilliams é féin ag tabhairt an cogadh aicmeach sin faoi deara. In alt leis a foilsíodh san Irish Times labhair sé ar an “contented class”. 20% de na vótóirí atá iontu, a dúirt sé agus ní theastaíonn uathusan go gcuirfí as ar chor ar bith don saol sócúil atá acu.

Níl aon mhorgáiste le n-íoc acu agus dá dhaoire dá n-éireoidh tithe is ea is fearr leo é. Tá árachas maith sláinte acu agus scaireanna i gcomhlachtaí. Cuireann siad a gcuid gasúr ag scoileanna táille agus déanann siad cinnte go bhfaighidh siad ceachtanna breise lena réiteach do scrúduithe.

Tá neart tráchtairí acu sna meáin chumarsáide lena gcosaint ar na barbaraigh as Sinn Féin.

Ná bídís chomh cinnte sin díobh féin feasta. Tá an cogadh sa Tuaisceart thart, a dúirt Victoria White, ach tosóidh an cogadh aicmeach i gceart má choinnítear Sinn Féin as an rialtas.

Ceacht eile é sin a chaithfidh sí a mhúineadh dá fear céile Eamon Ryan.

Fág freagra ar 'Tosóidh an cogadh aicmeach i gceart má choinnítear Sinn Féin as an rialtas'

  • Pól Ó Braoin

    Bíodh toghchán eile againn! Feicfidh muid ansin cé a bheas sa rialtas…

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Seosamh Ó Cuaig, ‘Tosóidh an cogadh aicmeach i gceart má choinnítear Sinn Féin as an rialtas’

    Meascann Seosamh Ó Cuaig le chéile aicmeachas, an deighilt aicmeach, fuath aicmeach, class snobbery, agus an cogadh aicmeach.
    Is cinnte go bhfuil aicmeachas agus class snobbery sa tír, ach is measa i bhfad a bhídís sin ná atá. Má bhí fuath aicmeach sa tír, is deacra, sa lá atá inniu ann, sampla a thabhairt de sin. Is beag ar fad den chogadh aicmeach a bhí, ná atá sa tír, agus má eascraíonn cogadh ó dheacrachtaí airgid daoine i láthair na huaire, ní dócha gur cogadh aicmeach a bheidh ann, mar a thuigtear an téarma sin coitianta.
    I ndeireadh a shaoil a dúirt an Cadhnach an méid a dúirt sé faoi fhuath aicmeach, nuair a thosaigh sé ar a bheith ag ligean Marxachais air féin. Blianta fada ó shin, bhí taispeántas ag Maitiú Ó Néill, trócaire air, ar pholaitíocht an Chadhnaigh le linn dóibh beirt a bheith i ngéibheann i gCampa Géibhinn an Churraigh. Ba léir ar an taispeántas sin go raibh an Cadhnach go mór i gcoinne an Chumannachais agus é i ngéibheann. Is follas ón leabhar As an nGéibheann gur mheas an Cadhnach gur ag na Naitsithe a bheadh an bua sa Dara Cogadh Domhanda. Ní hí a chuid polaitíochta an chuid is buanseasmhaí de smaointeoireacht an Chadhnaigh.
    Má bhíonn cogadh aicmeach inniu ann, is é is dóichí gurb iad an dá chliathán den mheánaicme a bheidh ag troid le chéile. Formhór na ndaoine atá briste i gcúrsaí airgid i láthair na tíre, ní den íosaicme iad. Rinne Raymond Crotty amach na blianta ó shin gurb é ba chúis le praghas ard a bheith ar thithe sa Stát theas, praghas ró–ard a bheith ar an talamh. Taitníodh sé linn, ó ná taitníodh, chabhraigh an comhionannas i gcúrsaí fostaíochta le praghas na dtithe a chur in airde. Bhí tráth ann a n–éiríodh le fear, a bheadh bocht go maith, a dhóthain a chruinniú le hairgead sealbhaíochta a thabhairt ar theach faoi bhráid morgáiste. Ar phá nó ar thuarastal an fhir a bhí an morgáiste sin bunaithe. Ach nuair a tugadh cead go forleathan don bhean a post a choinneáil tar éis di pósadh, tosaíodh ar an morgáiste a bhunú ar an dá thuarastal, tuarastal an fhir agus tuarastal na mná. De réir a chéile cuireadh in airde praghas na dtithe a thuilleadh. Tháinig an–bhrú ar an lánúin an déanamh clainne a chur siar go dtí go mbeidís ina gcuid tríochaidí. Ach níl an geilleagar Nua–Liobrálach agus nádúr an duine ag réiteach rómhaith le chéile, agus is an–deacair do bhean leanbh a ghiniúint mura mbíonn sin déanta aici sula mbaineann sí 30 bliain d’aois amach. Tá gaol gairid ag an Nua–Liobrálachas leis an meath atá tagtha ar an saol, mar atá ráite ag Patrick J. Deneen, sa leabhar Why Liberalism Failed (Yale University Press 2018).
    Conas atá sa lá atá inniu ann? De réir dealraimh, tá sé tagtha de rud nach féidir do lánúin ar an dá theacht isteach, a ndóthain a chruinniú le hairgead sealbhaíochta a thabhairt ar theach faoi bhráid morgáiste. B’fhéidir gur béaloideas cathrach é seo, ach tá sé cloiste agamsa nach gnách gur féidir, sa lá atá inniu ann, do lánúin ar comhairleoirí ospidéil an bheirt acu, an t airgead sealbhaíochta sin a chur le chéile. An focal Gaeilge, ‘eacnamaíocht’, is Gaelú is ea é ar fhocal Gréigise, arb é an traslitriú Laidine air oikomom[e]ia. Cad is brí le oikonom[e]ia? Freagra: ‘riar tí’.
    Is é críoch agus deireadh na mbeart, ainneoin an dul chun cinn agus an chomhionannais a rabhthas ag tnúthán leis, go bhfuil sclábhaithe pá déanta an athuair den fhear agus den bhean. Bíonn daoine ag síorghearán go bhfuil na tithe chomh daor sin anois sna cathracha, go mbíonn ar an bhfear agus ar an mbean tiomáint uair an chloig go leith go dtí a gcuid oibre ar maidin, agus uair an chloig go leith abhaile tráthnóna; go gcaitheann siad feighlithe leanaí a fhostú chun aire a thabhairt dá gcuid leanaí, agus an t–athair agus an mháthair amuigh ag obair; nach mbaineann siad an baile amach tráthnóna go dtí 7.30, agus go mbíonn siad chomh traochta an uair sin nach féidir dóibh labhairt lena gcuid leanaí, sa tslí is go bhfásann na leanaí sin suas agus níos mó aithne acu ar na feighlithe leanaí, ná ar a gcuid féin tuismitheoirí. Sin saoirse agat, a dhuine! Má bhíonn Gaeilge ag an lánúin, tabhair an dá leabhar leis go mbíonn sé geall le bheith dodhéanta teacht ar fheighlithe a bhfuil Gaeilge acu. An aon iontas é go bhfuil an Ghaeilge ar an dé deiridh sna Gaeltachtaí féin?
    Cara domsa, bhí aithne aige ar Mhary Lou McDonald agus iad beirt ina mbaill d’Fhianna Fáil fadó. Is amhlaidh a chaith Cathal Ó hEochaidh mo charasa amach as Fianna Fáil. Ar aon chuma, is cuimhin le mo chara nach í canúint Bhaile Átha Cliath a bhíodh ar Bhéarla Mhary Lou an uair sin. Ar Choláiste na Carraige Duibhe a cuireadh meánscolaíocht ar Eoin Ó Broin –– gach uile sheans gur ansiúd a d’fhoghlaim Eoin a chuid eacnamaíochta. As daoine gustalacha a fáisceadh Paul Murphy [Rise/Dlúthpháirtíocht – Pobal seachas Brabach], Clare Daly [Neamhspleáigh Ar Son Athrú], agus Ruth Coppinger [Dlúthpháirtíocht – Pobal seachas Brabach]. Tá cogadh aicmeach agus cogadh aicmeach ann!
    De réir an staraí, Stanley G. Payne, is í an Spáinn an t–aon tír amhán a raibh cogadh cathartha san 20ú céad inti a bhfuil sé le rá ina thaobh gur den lucht oibre céatadán suaithinseach den eite chlé lena linn. Nuair a thosaigh na hAinrialaithe agus na Sóisialaithe ar bhúistéireacht a dhéanamh ar dhaoine a raibh drochamhras acu orthu, ní dhearna an chuid ba mheánaicmí de Rialtas na Poblachta faic chun é sin a stopadh. Sa deireadh, nuair ba léir gur ag Franco a bheadh an bua, na conláin go léir ar thaobh na Poblachta, ach na Stailínigh, chuir siad le chéile i gcoinne na Stailíneach, chloígh siad na Stailínigh, agus ghéill na conláin úd ansin do Franco. Thuar Marx gur sa Ghearmáin, tír dhul–chun–cinniúil, a thosófaí ar an Réabhlóid Chumannaíoch. Ní sa Ghearmáin a tosaíodh ar an Réabhlóid sin ach in Impireacht na Rúise, le cabhair baincéirí sa Ghearmáin agus i Nua–Eabhrac. Dar ndóigh, is impireacht ar bheagán foráis ba ea Impireacht na Rúise. Ní mar a shíltear a bhítear!

  • Seán Mac Bhriain

    Déanaim gáire i gcónaí nuair a luaitear an Cadhnach agus a dhearcadh “rómánsúil” ar shaol an chruatain a raibh a chosa beaga ag imeacht uaidh dhá thréigean.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Cén dearcadh “rómánsúil” a bhí ag an gCadhnach ar shaol an chruatain?