Tosaíonn an corp ag cogarnaíl linn i bhfad sula ligeann sé béic

Tá an corp cliste agus bíonn a fhios ag an gcorp go bhfuil scíth ag teastáil sula mbíonn a fhios againn féin é

Tosaíonn an corp ag cogarnaíl linn i bhfad sula ligeann sé béic

Gach bliain, timpeall an ama seo, tosaíonn na cuasa ag cur orm agus ag cogarnaíl liom. Uaireanta pian bheag taobh thiar do mo shúile, a bhíonn ann, uaireanta eile ceo trom sa chloigeann nó sruthán sróine a bhíonn i gceist. Bealach cineálta ag mo chorp a rá liom:
‘Moilligh síos, a Mharian.’

Bhí de nós agam neamhaird a dhéanamh air, leanacht orm, liostaí a chumadh gan stad agus dul ar aghaidh le rás mór an tsaoil. Bhí mé cosúil leis an hamstair ar an roth, ag dul timpeall agus timpeall, gan sos ná am agam chun breathnú timpeall. Ach thar na blianta, d’fhoghlaim mé go dtosaíonn an corp ag cogarnaíl i bhfad sula ligeann sé béic.

Deir Louise Hay go mbíonn baint ag fadhbanna riospráide le bheith ag déanamh an iomarca rudaí ag an am céanna, nó le bheith ag mothú cantalach le duine éigin, nó leat féin. Nuair a thosaíonn an cuas nó an sinus ag cogarnaíl, is minic gur féidir liom é a cheangal le mothúchán atá mé a choinneáil istigh, b’fhéidir gur beagán feirge nó frustrachais atá ann, nó b’fhéidir gur tuirse atá orm. Cuireann sé i gcuimhne dom stopadh, análú, agus fiafraí díom féin:

Céard air a bhfuil mé ag coinneáil greim?

Céard nach bhfuil chun mo leasa níos mó?

Nuair a aithním é sin, ní thosaím ag caitheamh anuas orm féin. Ní bhíonn gá leis sin. Tógaim sos agus déanaim na rudaí beaga sin a thugann suaimhneas intinne dom:

  • Moilliú agus sos — cupán tae, nó Netflix gan a bheith ag mothú ciontach faoi
  • Análú tríd an tsrón — suaimhneas don chorp, don intinn, don chuas
  • Glanadh sróine — éifeachtach agus simplí, agus mothaím níos úire ansin
  • Aer na farraige agus uisce salainn — cibé acu tumadh isteach san fharraige nó siúl cois trá, tugann sé fuinneamh nua duit
  • Codladh sámh — gáire maith agus codladh fada, an dá leigheas is fearr do do chorp agus d’intinn
  • Bia simplí, folláin — ‘níl gá le cáis ar gach rud, a Mharian!’

Is tréimhse í seo den bhliain a bhfuil go leor ag tarlú. Tá athrú séasúir ann agus tá na hoícheanta ag dul i bhfad. Bíonn brú an tsaoil ort agus an sceideal lán. Má tá do chorp ag cogarnaíl freisin faoi bhrú a bheith ar do chuas, nó le tuirse nó le ceo sa chloigeann, b’fhéidir go bhfuil sé ag iarraidh ort stopadh, spás a dhéanamh duit féin, agus aire a thabhairt duit féin.

Tá an corp cliste. Labhraíonn sé linn. Tá an chogarnaíl, na pianta, na comharthaí beaga sin ann mar chuireadh le stopadh, le héisteacht, le bheith leat féin. Uaireanta ní gá ach a bheith leat féin agus do chuid mothúchán a aithint gan stró ar bith.

Mar sin inniu, táim chu é a thógáil níos réidhe. Táim ag análú trí mo shrón. Táim ag ligean mo scíthe, ag scaoileadh leis an rud nach bhfuil uaim a thuilleadh, agus ag meabhrú dom féin gur cuma cé chomh ceomhar is atá an lá go bhfuil gach rud go breá.

(Agus mura bhfuil, pota uisce goirt, beagán grinn agus ola lus an phiobair – sin mo spa treatment féin an fómhar seo!)

– Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tá tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com

Fág freagra ar 'Tosaíonn an corp ag cogarnaíl linn i bhfad sula ligeann sé béic'

  • Seán

    Comhairle ár leasa ansin agat dúinn, míle buíochas leat.
    Tá dubhluachair na bliana buailte linn anois agus mothaíonn roinnt daoine dumhach, dobhrónach de bharr an easpa solais.
    Cuimhnigh, áfach, (má tá roinnt laethanta saor agat) gur féidir eitiltí ar phraghas an-íseal a fháil go dtí na hoileáin teo ó dheas.
    Grian agus teas.