Togra scríbhneoireachta seolta chun gasúir a spreagadh scéal a gceantair féin a insint 

Agus gan cead ag daoine óga dul níos faide ná 5km ón mbaile de bharr na srianta, tá Fighting Words ag iarraidh daoine óga a spreagadh chun scríobh faoina ndúchas agus na scéalta suimiúla atá timpeall orthu sa bhaile

Togra scríbhneoireachta seolta chun gasúir a spreagadh scéal a gceantair féin a insint 

Tá grúpa scríbhneoireachta ag iarraidh ar pháistí agus daoine óga na scéalta atá ina gceantair féin a insint mar chuid de thogra nua.

Agus gan cead ag daoine óga dul níos faide ná 5km ón mbaile de bharr na srianta, tá Fighting Words ag iarraidh daoine óga a spreagadh chun scríobh faoina ndúchas agus na scéalta suimiúla atá timpeall orthu sa bhaile.

Eagraíocht é Fighting Words a bhunaigh an scríbhneoir cáiliúil Roddy Doyle agus Seán Love i mBaile Átha Cliath in 2009 chun an scríbhneoireacht chruthaitheach a spreagadh i measc páistí agus daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste.

Bhí Doyle in Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc i gConamara anuraidh chun an chéad bhrainse de Fighting Words sa Ghaeltacht a sheoladh.

Tá togra nua seolta ag an eagraíocht anois, ‘An Togra 5×5’ chun deis a thabhairt do dhaoine óga foghlaim agus scríobh faoin gceantar atá timpeall orthu.

Iarrtar ar ghasúir pictiúr a thógáil de rud éigin taobh istigh den teorainn 5km agus an scéal a bhaineann leis a insint ag úsáid an uimhir 5, bíodh sé ina dán 5 fhocal nó 5 líne, scéal i 5 alt, greannán i 5 phainéal nó pé léiriú eile is ansa leo.

Tá smaointe eile agus na sonraí uile ar fáil ar shuíomh Fighting Words anseo.

Iarrtar ar na gasúir an obair a sheoladh isteach chucu agus foilseofar í in irisleabhar digiteach ar shuíomh Fighting Words mí Aibreáin.

Tá an togra seo dírithe ar ghasúir atá idir 12 agus 17 bliain d’aois.

Fág freagra ar 'Togra scríbhneoireachta seolta chun gasúir a spreagadh scéal a gceantair féin a insint '

  • Bríd-Treasa

    Iontach, míle buíochas! Is féidir le duine ar bith os cionn dhá bhliain déag a bheith páirteach, daoine fásta san áireamh! Beidh togra eile á sheoladh againn do pháistí go luath!