Toghchán na Slóvaice buaite ag pobalóir atá ar son na Rúise

Fuair Smer-SSD, atá ar son deireadh a chur le tacaíocht mhíleata na Slóvaice don Úcráin, os cionn 23% den vóta sa toghchán parlaiminte

Toghchán na Slóvaice buaite ag pobalóir atá ar son na Rúise

Tá iar-phríomh-aire pobalach na Slóvaice Robert Fico, a gheall go gcuirfeadh sé deireadh le tacaíocht mhíleata na tíre don Úcráin, ar tí a bheith i gcumhacht athuair.

Fuair Smer-SSD, páirtí Fico, os cionn 23% den vóta i dtoghchán parlaiminte na Slóvaice.

Tháinig páirtí liobrálach Michal Šimečka Progresívne Slovensko sa dara háit le beagnach 17% den vóta, agus bhí Hlas, a bhfuil Peter Pellegrini ina cheannaire orthu sa tríú háit  le breis is 15%.

Ní léir fós cé a bhunóidh comhrialtas i ndiaidh an toghcháin ach d’fhéadfadh go rachadh Fico le Hlas, páirtí a bunaíodh i ndiaidh scoilte le Smer in 2020, agus Páirtí Náisiúnta na Slóvaice a fuair 5% den vóta.

Tá imní agus amhras cothaithe ag toradh an toghcháin san Eoraip mar gheall ar sheasamh Fico ar cheist na hÚcráine agus ceisteanna eile.

Tá geallta ag Fico go gcuirfidh sé deireadh le cúnamh míleata na Slóvaice don Úcráin agus tá cáineadh déanta aige ar na smachtbhannaí atá curtha ar an Rúis.

Tá cáineadh déanta ar Fico chomh maith as cur in aghaidh cearta LGBTQ+.

Mar gheall ar a phobalachas agus a pholasaí ar son na Rúise, déantar comparáid idir Fico agus Viktor Orbán na hUngáire. Tá Orbán molta go hard ag Fico as tús áite a thabhairt don Ungáir.

Chuir Orbán fáilte roimh an scéala gur tháinig Fico agus a pháirtí sa chéad áit sa toghchán. “Tomhais, cé atá ar ais!” a dúirt Orbán ar X (Twitter mar a bhí).

“Bíonn sé go maith i gcónaí a bheith ag comhoibriú le tírghráthóir.”

Fág freagra ar 'Toghchán na Slóvaice buaite ag pobalóir atá ar son na Rúise'