Titim 33% le seachtain anuas ar líon na gcásanna Covid-19 sna haonaid dianchúraim in ospidéil atá ag freastal ar an nGaeltacht

Bhí 12 cás den choróinvíreas sna haonaid dianchúraim in ospidéil atá ag freastal ar an nGaeltacht Dé Luain seo caite

Titim 33% le seachtain anuas ar líon na gcásanna Covid-19 sna haonaid dianchúraim in ospidéil atá ag freastal ar an nGaeltacht

Tá laghdú 33% tagtha le seachtain anuas ar líon na ndaoine la bhfuil Covid-19 orthu atá ag fáil cóir leighis sna haonaid dianchúraim in ospidéil atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta, de réir na bhfigiúirí is déanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Bhí 12 cás den choróinvíreas sna haonaid dianchúraim in ospidéil atá ag freastal ar an nGaeltacht Dé Luain seo caite, an 4 Bealtaine. Titim 33% a bhí ansin i gcomparáid leis an 18 duine a bhí ag fáil cóir leighis sna haonaid dianchúraim chéanna seachtain roimhe sin.

Is in Ospidéal Ollscoile Chiarraí amháin a tháinig méadú ar líon na n-othar a bhí ag fáil cóir leighis don ghalar Covid-19 sna haonaid dianchúraim sa tréimhse chéanna idir an 4 Bealtaine- 27 Aibreán.

Othar amháin breise a bhí i gceist i gCiarraí agus beirt a bhí ag fáil cóir leighis don choróinvíreas san aonad dianchúram i dTrá Lí Dé Luain seo caite.

Níor tháinig aon athrú ar na figiúirí do na haonaid dianchúraim in Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo ná in Ospidéal Ollscoile Phort Láirge idir an 27 Aibreán agus an 4 Bealtaine.

Laghdú a bhí i gceist le líon na gcásanna don ghalar sna haonaid dianchúraim eile. Ní raibh ach othar amháin a raibh Covid-19 orthu san aonad dianchúraim in Ospidéal Leitir Ceanainn agus duine amháin a bhí in Ospidéal na hUaimhe chomh maith.

Beirt a raibh Covid-19 orthu a bhí ag fáil cóir leighis san aonad dianchúraim in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh agus beirt a bhí san aonad in Ospidéal Ollscoile Chorcaí.

Tá an laghdú ar líon na gcásanna sna haonaid dianchúraim in ospidéil na gcontaetha Gaeltachta ag teacht leis na figiúirí don Stát go léir. Bhí 117 duine ag fáil cóir leighis in aonad dianchúraim don ghalar Covid-19 ar an 27 Aibreán ach 90 duine a bhí i gceist maidin inné.

B’ionann an 90 duine a raibh Covid-19 orthu a bhí in ICU inné agus an líon céanna daoine a raibh Covid-19 orthu a bhí sna haonaid dianchúraim ar an 29 Márta, an lá i ndiaidh do na srianta dianghlasála teacht i bhfeidhm.

Ó rinne Tuairisc.ie anailís ar na figiúirí coicís ó shin, tá titim beagnach 50% tagtha ar líon na ndaoine a bhfuil Covid-19 orthu atá sna haonaid dianchúraim sna hospidéil atá ag freastal ar an nGaeltacht. 22 duine a bhí i gceist ar an 20 Aibreán i gcomparáid leis an 12 duine a bhí iontu ar an 4 Bealtaine.

Bhí laghdú le feiceáil chomh maith ar líon na gcásanna iomlána den ghalar Covid-19 a bhí sna hospidéil atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta.

Níor tháinig ardú ar líon na gcásanna ach in dhá ospidéal atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta le seachtain anuas.

Bhí an coróinvíreas ar bheirt othar breise in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh ar an 4 Bealtaine, i gcomparáid le seachtain roimhe sin. Ardú de bheirt a bhí i gceist chomh maith in Ospidéal Ollscoile Chiarraí.

12 cás don ghalar Covid-19 a bhí deimhnithe in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, Dé Luain seo caite. Deich gcinn a bhí deimhnithe ann seachtain roimhe ar an 27 Aibreán.

Ceathrar a raibh Covid-19 orthu a bhí in Ospidéal Ollscoile Chiarraí ar an 27 Aibreán agus bhí sé sin ardaithe go dtí seisear Dé Luain seo caite.

Bhí 20 cás deimhnithe in Ospidéal Leitir Ceanainn ar an 4 Bealtaine, mar a bhí ar an 27 Aibreán, ach tháinig ardú suntasach ar líon na n-othar a raibh amhras ann go raibh an galar tolgtha acu, áfach. Bhí 26 duine san ospidéal Dé Luain seo caite ag fáil cóir leighis fad is a bhí siad ag fanacht ar thorthaí tástálacha Covid-19, dúbailt ar an líon a bhí ann seachtain roimhe sin.

Laghdú a tháinig ar líon na gcásanna iomlána Covid-19 sna hospidéil eile atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta – Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo, Ospidéal Ollscoil Chorcaí, Ospidéal na hUaimhe agus Ospidéal Ollscoile Phort Láirge.

Tháinig an laghdú is mó in Ospidéal Ollscoil Chorcaí, áit ar thit líon na gcásanna deimhnithe ó 25 cás ar an 27 Aibreán go dtí 14 cás ar an 4 Bealtaine.

San Uaimh a tháinig an laghdú is mó ó thaobh céatadáin de agus titim 50% ar líon na gcásanna in Ospidéal na hUaimhe, ó ocht gcás go dtí ceithre chás.

752 cás a bhí sna haonaid ghéarchúraim ar fad ó dheas ar an 27 Aibreán agus bhí an figiúir sin tite go dtí 680 faoin 4 Bealtaine, laghdú beagnach 10%.

Is léir ó na figiúirí, áfach, go raibh na hospidéil ag freastal le seachtain anuas ar níos mó othar nach raibh Covid-19 orthu. Bhí imní léirithe ag na seirbhísí sláinte faoi líon na ndaoine nach raibh an coróinvíreas orthu ach a bhí tinn agus a bhí ag seachaint dul chuig an ospidéal.

In Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo, thit líon na leapacha ginearálta a bhí folamh ó 35 go dtí 5 in achar seachtaine, laghdú breis agus 85%.

Bhí titim shuntasach ar líon na leapacha ginearálta a bhí folamh in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, agus in Ospidéal Leitir Ceanainn chomh maith. I nGaillimh, b118 leaba a bhí folamh ansin Dé Luain seo caite, i gcomparáid le 153 leaba an tseachtain roimhe sin agus i Leitir Ceannain thit líon na leapacha a bhí díomhaoin ó 106 go dtí 79 san achar céanna.

Fág freagra ar 'Titim 33% le seachtain anuas ar líon na gcásanna Covid-19 sna haonaid dianchúraim in ospidéil atá ag freastal ar an nGaeltacht'