Tionscal mídhleathach na n-earraí faisin bréige ag fás gan stad

Tá súil á coinneáil ar cheantanna ar líne, suíomhanna gréasáin agus ar na meáin shóisialta agus úsáid á baint as na cúirteanna, lucht custaim agus póilíní chun iad siúd atá ag baint saibhris as lipéid faisin bhréige a stopadh

Tionscal mídhleathach na n-earraí faisin bréige ag fás gan stad

Ceist agam ort – an gcaithfeá earra faisin le lipéad bréige air a rinneadh mar aithris ar tháirge ó dhearthóir mór le rá, abair Chanel, Christian Louboutin, Armani nó Tom Ford?

Ceist eile – an aithneodh mórán againn an difríocht idir an ceann ceart agus an ceann bréige, nach bhfuil ann ach droch-chóip den rud féin?

Is cosúil go bhfuil lucht déanta na n-earraí bréige faighte chomh sofaisticiúil anois i mbun a gceirde gur deacair go minic idirdhealú a dhéanamh idir an ceann fírinneach agus an ceann bréige.

Tá tuairimíocht ann gur fiú suas le €500 billiún in aghaidh na bliana an tionscal ‘bréige’ seo ar fud an domhain agus é ag fás i gcónaí d’ainneoin iarrachtaí móra ag lucht faisin agus stíle stop a chur leis.

Oiread earraí a bheith á gceannach ar an idirlíon is cúis le fás an tionscail mhídhleathaigh seo ach tá iarrachtaí breise á ndéanamh freisin a bheith chomh hoilte sin i mbun na cóipeála gur deacair don ghnáthdhuine an difríocht a aithint. 

Tá feachtais á reáchtáil le blianta le dul i ngleic leis na hearraí bréige agus teidil éagsúla orthu – “Real Ladies don’t like fake” ag Christian Dior, “Fakes Are Never in Fashion” ag Harper’s Bazaar agus “Stop Fake” ag Christian Louboutin.

Go deimhin, tá suíomh gréasáin forbartha ag Christian Louboutin le hiarracht a dhéanamh cosaint a thabhairt dá bhranda cáiliúil – bróga na mbonn dearg ina liostáiltear 1,300 díoltóir ar fud an domhain atá ag tairiscint leaganacha bréige de na bróga cáiliúla sin. 

I mí na Nollag anuraidh, d’éirigh leis an bhfeachtas sin i gcomhar leis na húdaráis phóilíneachta áitiúla, 564 péire de bhróga ‘bréige’ le branda Louboutin orthu a  aimsiú i dtrí cinn de ruathair in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, sa Bhreatain agus sa tSeapáin. Nuair a thugtar san áireamh gur minic go bheadh costas níos mó ná €800 ar phéire amháin de na bróga sin, bheadh beagnach leathmhilliún euro i gceist sna trí chás sin in imeacht aon mhí amháin ag dearthóir amháin.

Baineann lucht an fheachtais in aghaidh na lipéad bréige úsáid as gach deis leis an trádáil seo a stopadh. Coinníonn siad súil ar cheantanna ar líne, suíomhanna gréasáin agus ar na meáin shóisialta. Téann siad i muinín na gcúirteanna, lucht custaim agus póilíní le teacht orthu siúd atá ag tairiscint a gcuid táirgí ar phraghsanna a bhíonn róshaor.   

Agus is é an praghas róshaor sin an eochair is fearr agus is éifeachtaí le teacht ar lucht na cóipeála.

Deir na húdaráis gur tionscal nach bhfuil aon smacht air é an gnó a bhaineann le cóipeáil earraí faisin. Is féidir a bheith cinnte nach n-íocann lucht a ndéanta aon cháin ná dleacht, nach gá go mbeadh aird acu ar phá ceart a íoc lena gcuid oibrithe ná cúram a dhéanamh de shláinte agus sábháilteacht na bhfostaithe.

Go deimhin, ní féidir glacadh leis ach an oiread go mbíonn lucht na cóipeála airdeallach ar bhealach ar bith ar chearta daonna ina gcuid ionad oibre, a bhíonn lonnaithe go minic i dtíortha bochta sa chuid sin den domhan atá i mbéal forbartha.  Deirtear freisin gur i lámha buíonta coirpeach a bhíonn cuid áirithe den tionscal seo agus go bhféadfadh gur eagraíochtaí sceimhlitheoireachta a fhaigheann cuid den bhrabús.

Iadsan gur acmhainn dóibh earraí ardfhaiseanta de chuid na ndearthóirí mór le rá a cheannach, cén chaoi a mbeadh a fhios acu nach cóipeanna bréige atá á gceannach acu?

An praghas a bheith ró-íseal an chéad leide agus an chomhairle is fearr; má bhíonn sé i bhfad faoi bhun an chostais a bhíonn ag an dearthóir de ghnáth, is mó an seans gur cóip bhréige é. 

Is gá súil a choinneáil freisin ar chaighdeán na hoibre, an fhuáil agus mar sin de. Tá tábhacht leis an áit as a dtáinig an táirge – is annamh gur ón tSín ná ón India a thiocfadh táirgí lámhdhéanta na ndearthóirí móra Eorpacha.

Is ceart freisin aire a thabhairt don lógó, don phacáistiú agus d’aon cháipéisíocht a bheadh i dteannta an táirge lena dheimhniú go bhfuil siad ag teacht go hiomlán le saothar an dearthóra.

An leigheas is fearr ar fad ar an scéal ná an táirge a cheannach díreach ó shiopa an dearthóra féin.

Rud amháin atá cinnte, ba cheart na hearraí ‘bréige’ a sheachaint i gcónaí agus, i ndeireadh an lae, ní miste smaoineamh ar an mana “Fakes are Never in Fashion”.