Timpeallán na mbainisteoirí fós ag imeacht leis

Tá go leor cainte ar siúl faoi láthair faoi bhainisteoirí, faoi fholúntais agus faoi cheapacháin

Timpeallán na mbainisteoirí fós ag imeacht leis

Donal Maloney. Pictiúr: NPHO/Tommy Dickson

Tá timpeallán na mbainisteoirí fós ag imeacht agus áit nó dhó fós folamh ann.

Tá Davy FitzGerald ainmnithe mar bhainisteoir ar Loch Garman den cheathrú bliain agus téarma dhá bhliain faighte aige. Ón méid atá cloiste agus léite againn caithfidh go bhfuil bord, imreoirí agus leantóirí na gCarmannach thar a bheith sásta go bhfuil an Gearaltach ag fanacht leo.

Níl aon dabht ach go bhfuil éacht déanta aige sa chontae. Tá an t-aontas le sonrú in imirt na foirne. Tá spiorad agus beocht iontu agus creideann siad sa bhainisteoir.

Tá siad ag feabhsú gach bliain ó thosaigh an Gearaltach agus is cinnte gur fearrde iad Davy ar an taobhlíne.

I bPort Láirge chríochnaigh an cuardach ar an Luan. Coicís ó shin bhí ainm iarlaoch an chontae Peter Queally á lua sna meáin mar rogha na coitiantachta don phost. Bhí ainm Dan Shanahan agus iarlaoch Chorcaí agus iarbhainisteoir Bhaile Gunnair Denis Walsh á lua mar bheirt a thiocfadh in éineacht le Queally. Bhí caint ar dhaoine eile freisin ach bhí na ráflaí faoi cheapachán Queally an-láidir. 

Ansin go tobann tháinig ainm an Tiobraid Árannaigh Liam Cahill as ceo na ráflaí nuair a d’fhógair sé go raibh sé ag éirí as a phost mar bhainisteoir ar fhoireann faoi-20 a chontae. Bhuel, threisigh an ráfla agus, dar ndóigh, ní haon bhréag a bhí ann mar is é Cahill a chaithfidh bib an bhainisteora i bPort Láirge in 2020.

Bhí na ráflaí ag teacht tiubh te tapa i gCorcaigh chomh maith ó d’éirigh John Meyler as. Luadh Denis Ring roimh chluiche ceannais na craoibhe faoi-20 ach rinneadh dearmad air i ndiaidh an drochthaispeántais a thug Corcaigh uathu den dara bliain as a chéile.

Ansin bhí caint faoi Dhónal Óg Cusack agus cuid de laochra an chontae a d’imir leis idir 2003-2006, ach níor neartaigh an ráfla sin mórán. Luadh ainmneacha eile freisin ach bhí ainm amháin i mbéal cuid mhaith de shaoithe agus de leantóirí an chontae – an t-iarbhainisteoir Kieran Kingston.

Deirtear go raibh an-mheas ag na himreoirí ar Kingston nuair a bhí sé i gceannas ar an gcontae in 2016 agus 2017. 

Bhuel, mar is gnáth, bhí cuid de na ráflaí fíor agus cuid eile acu nach raibh. Ag tosach na seachtaine ainmníodh Kingston mar bhainisteoir ar an bhfoireann shinsir agus fógraíodh go mbeadh Cusack i bhfeighil ar an bhfoireann faoi-17 agus gur Pat Ryan a bheadh i gceannas ar an bhfoireann faoi-20.

Is céim chun tosaigh na ceapacháin seo cois Laoi don chontae agus táim ag súil leis an mbliain iomána agus na fir sin i gceannas ar fhoirne Chorcaí.

Sa Ghaillimh tá bord an chontae ar thóir beirte ó d’éirigh Micheál Donoghue agus Kevin Walsh as. Bhí Davy Fitzgerald á lua leis an bhfolúntas leis na hiománaithe ach tá sé ag fanacht mar atá. Is cosúil freisin go bhfuil an Gaillimheach Mattie Kenny ag fanacht le Baile Átha Cliath.

I measc na ndaoine eile atá luaite leis an bpost, tá bainisteoir mhionúir na Gaillimhe Brian Hanley. Dar ndóigh eisean a bhí i gceannas i mbliana nuair a thug an Ghaillimh leo craobh na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh i gcoinne Chill Chainnigh. Tá taithí le foireann shinsir aige freisin ón tréimhse a chaith sé leis an Iarmhí.

Gaillimheach eile a bhfuil CV thar a bheith mealltach aige é Jeff Lynskey. Ba é a bhí i gceannas nuair a bhuaigh mionúir an chontae craobhacha na hÉireann in 2015, 2017 agus in 2018 agus bhí sé ina bhainisteoir leis an bhfoireann faoi-20 i mbliana. Cloisfear a thuilleadh faoi chás na Gaillimhe go luath gan amhras.

I gcontae an Chláir bhí an chosúlacht ann go mbeadh Dónal Moloney i gceannas ina aonar nuair a d’éirigh a chomhbhádóir Gerry O’Connor as, ach de réir na dtuairiscí is déanaí níl an méid sin cinnte.

Cloisfear a thuilleadh faoi seo go luath freisin.

Agus i gCill Chainnigh níl aon fhógra déanta ag Brian Cody fós!

Fág freagra ar 'Timpeallán na mbainisteoirí fós ag imeacht leis'