Thomas ag Barr a mhaitheasa roimh rás na cinniúna i Rio tráthnóna

Tar éis dó curiarracht na hÉireann a bhriseadh sa bhabhta leathcheannais, beidh fear na nDéise sa tóir ar bhonn i Rio inniu

Thomas ag Barr a mhaitheasa roimh rás na cinniúna i Rio tráthnóna

Bhí cúpla drochlá ag Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha. Dé Máirt, sciobadh an bua go conspóideach ó Mhichael Conlan agus inné, Dé Céadaoin, gabhadh Uachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann Pat Hickey.

B’údar faoisimh é taispeántas den scoth Thomas Barr idir an dá eachtra.

Beidh Barr i mbabhta ceannais an chliathrás 400m tráthnóna (16:00) tar éis dó bua slachtmhar a bheith aige ina rás leathcheannais go luath inné.

Bhris an Déiseach curiarracht na hÉireann sa rás agus é rite aige i 48.39 soicind.

Is é Barr an chéad fhear as Éirinn a cháiligh do bhabhta ceannais sa lúthchleasaíocht ó bhí David Gillick sa rás 5,000m san Aithin in 2004.

As na trí bhabhta leathcheannais, ní raibh ach beirt, Kerron Clement ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Annsert Whyte na hIamáice, níos tapa ná Barr, rud a fhágann go bhfuil deis aige ar bhonn tráthnóna. Toisc gurb é an tríú hiomaitheoir is tapa, tabharfar buntáiste breise do Barr agus beidh lána i lár an raoin aige.

Chomh maith le Clement agus Whyte, caithfidh Barr súil a choinneáil ar Boniface Mucheru na Céinia agus Javier Culso. Is ag Culso atá an t-am is tapa (47.72) ina measc siúd atá ag glacadh páirt i rás an lae inniu, cé nach bhfuil fear Phórtó Ríce in ard a réime níos mó.

Ba mhór an gaisce ag Barr fiú an babhta leathcheannais a bhaint amach agus é gortaithe den chuid is mó den bhliain. Níor rith sé ach cúpla rás in 2016 agus gortú bléine ag cur as dó agus níor éirigh leis dul níos tapa ná 50 soicind, am nach mbeadh sách maith do na Cluichí Oilimpeacha.

Tá cúrsaí imithe i bhfeabhas do Barr ó shin, áfach. Bhain sé áit amach sa bhabhta leathcheannais le rás maith, 48.93, agus bhí sé níos mó ná leathshoicind níos tapa ná sin maidin Dé Céadaoin.

Ba í an chríoch láidir a chuir Barr leis an rás a chinntigh go mbeadh áit aige sa bhabhta ceannais. Bhí sé sa cheathrú háit agus gan ach 100m fágtha, ach b’iontach mar a chuaigh sé thar an triúr eile agus ceann scríbe ag teannadh leo.

Tá Barr anois ag iarraidh macasamhail ghaisce Bob Tisdall a dhéanamh.

Éireannach ab ea Tisdall a bhuaigh bonn óir sa chliathrás 400m ag na Cluichí Oilimpeacha i 1932.

Fág freagra ar 'Thomas ag Barr a mhaitheasa roimh rás na cinniúna i Rio tráthnóna'