‘Thóg sé 40 bliain, a Mham, ach táimid ar ais i mbun gnó’

Thit rudaí as a chéile faoi dhó i saol na clainne áirithe seo – ach bhí an-teacht aniar iontu

‘Thóg sé 40 bliain, a Mham, ach táimid ar ais i mbun gnó’

Céard is féidir a rá faoin am atá romhat?

An raibh aon duine in ann a rá go raibh galar, a d’fhéadfadh a bheith marfach, ar an mbealach roimh 2020?

Ar cheap éinne go mbuafadh Donald Trump toghchán na hUachtaránachta i Meiriceá in 2016?

Ar cheap éinne th’éis ciréibeacha Eanáir 2021 go mbeadh an fear céanna chun tosaigh arís sna pobalbhreitheanna don chéad Olltoghchán eile?

Shíl mé féin agus mé ag breathnú amach romham gurb é an rud ab fhearr a d’fhéadfainn a dhéanamh ná cur síos a dhéanamh ar scéal a chonaic mé le gairid.

Sa scéal seo, thit rudaí as a chéile faoi dhó i saol na clainne áirithe seo. Ach bhí an-teacht aniar iontu. Agus tá cúrsaí níos fearr anois ná mar a bhí riamh. Sna 1980idí ní fhéadfaidís a shamhlú go dtarlódh a leithéid.

Lánúin óg fhuinniúil ab ea Jackie agus Noel Hayden nuair a thógadar an bád bán go Sasana. Bhíodar bréan den saol a bhí caite acu sa sorcas anseo in Éirinn. Ba é mian a gcroí óstán a cheannach agus a reáchtáil i Sasana ar an gcósta theas, in Bournemouth. Ach idir an dá linn d’oibrigh siad go crua agus gan mórán de mhaoin an tsaoil acu.

Fuaireadar iasacht ón mbanc agus cheannaigh siad óstán agus thugadar an t-ainm ‘Mon Ami’ air. Níor chailleadar an ceangal leis an stáitse áfach agus bhíodh taispeántais draíochta ar siúl chuile oíche acu. Ba mhinic a d’fheictí Noel ag déanamh dhá leath dá bhean chéile Jackie, le sábh. Agus tar éis na dtaispeántas, dhéanadh Noel taispeántais hiopnóise leis na haíonna istigh sa mbeár.

Tá grianghraf ann den lánúin i 1980 agus iad gléasta don taispeántas draíochta agus a mac óg, Noel eile, gléasta in éide an taispeántais freisin.

‘Dhéanadh mé mo chuid obair bhaile san oifig agus ar maidin ba mé a bhí i gceannas ar an ósta. Bhí meaisín iontach againn a bhí in ann tósta a dhéanamh do 250 duine,’ a dúirt Noel, an mac.

Ba chuimhneach leis go raibh an t-óstán ag déanamh chomh maith sin go raibh seisean á thiomáint ag an scoil gach maidin i gcarr Rolls Royce. Théadh sé sa Rolls freisin fhad le Sráid Fleet i Londain, áit ar íoc a mháthair as fógraí sa Daily Mirror le málaí móra airgead tirim. Cheannaigh an chlann teach mór agus thosaigh ag dul thar lear ar laethanta saoire ardnósacha.

Ach ba ghearr gur thosaigh an pobal iad féin ag tabhairt faoin eitleán agus ag dul ar saoire thar lear. Thit an tóin as gnó an tsaoire baile. Faoi lár na 80íid bhíodar beo bocht agus ina gcónaí arís i Londain gan pingin rua acu.

Bhí Noel óg 15 bliain – ní dheachaigh sé ar ais ag an scoil agus fuair jab i siopa leictreonach.

Thart ar an am céanna thosaigh sé ag foghlaim faoin idirlíon agus go háirithe faoi shuíomhanna idirlín. Agus é ag obair ón mbaile thosaigh sé ag fáil amach faoi ghnóthaí nach raibh aon suíomh idirlín acu agus thairg sé seirbhís deartha dóibh. Ba ghearr go raibh sé ag cur seirbhís dá leithéid ar fail do Chomhairlí Contae éagsúla i Londain.

Ina dhiaidh sin, chuir sé tús le gnó cluichí idirlín agus d’éirigh go hiontach leis sin.

Bhí ‘biongó’ ar chuid den ábhar cluichí a bhí ar an ardán aige. Níor chaill sé riamh an ceangal agus an tuiscint a bhí aige ar an rud a theastaigh ón ngnáthchustaiméir.

Sa lá inniu, tá suas le 1,000 duine fostaithe aige agus déanann sé cathaoirleacht ar roinnt mhaith gnóthaí idirlín i Soho agus i gcathair Londan.

Ba eisean agus daoine eile a chuir tús leis an ngnó Gamesys sa mbliain 2001. Díoladh an gnó sin in 2021 ar £2 bhilliún.

Níl Noel ach 52 bliain d’aois anois. Tá a athair beo i gcónaí ach níl an tsláinte go maith aige. Ach bhí a mháthair Jackie i láthair agus i lár an aicsin le gairid nuair a d’oscail Noel óstán nua as an bpíosa i gceartlár Londain – in Soho.

Is dócha nach bhfuil fuil na hóstóireachta ídithe go hiomlán sa gclann fós. Ná fuil an tsorcais go deimhin. Tá íomhánna an tsorcais gach áit san óstán – eilifintí móra millteacha bándearga amach chun tosaigh, tá cnagaire dorais déanta i bhfoirm eilifinte, cathaoireacha le patrúin an phrionta liopaird sa mbeár manglam agus síleáil scáthánach ann freisin. Agus ansin thíos staighre, tá stáitse beag le cuirtíní veilbhite agus bruachshoilse ag díriú ar an stáitse ann. B’fhéidir go dtiocfadh fear grinn nó fear draíochta a dhéanfadh dhá leath de bhean éicint le sábh láimhe?

Míl a fhios go deo cén t-airgead a chosain an obair seo ar fad. Ach luaitear an t-óstán anois i measc na n-óstán ar ‘fíor-ardchaighdeán’ in Soho. D’íoc Noel Hayden £33.5 milliún nuair a cheannaigh sé an áit in 2016. Má chuimhníonn tú nach raibh ann ach bloc oifigí nach raibh mórán caoi orthu an bhliain sin agus gur híreáladh an t-ailtire agus an dearthóir cáiliúil Martin Brudnizki leis an óstán nua a dhearadh ó bhun go barr, bheadh tuairim mhaith agat céard a chosain an obair.

Thug sé ceardaithe agus speisialtóirí isteach leis an obair a dhéanamh ar na beáir agus na seomraí codlata. Tá tíleanna lámhdhéanta as an Iodáil ann freisin agus is cuma cá dtéann tú ann beidh radharc agat ar eilifint – ar an bpáipéar balla b’fhéidir nó sa bheár príobháideach sa ‘svuít’.

Tá cuimhní an tsorcais gach áit – fiú amháin sa mbeár atá tiomnaithe dá mháthair- a bhí ansin don oíche oscailte – ‘Jackie’s Bar’. Agus sa seomra bia ‘Flute’, atá ainmnithe i ndiaidh an ghnó déanta uirlisí ceoil a bhíodh in aice láimhe tráth, beidh fear draíochta ag déanamh cleasanna agus taispeántais draíochta – rud nach bhfuil an-choitianta in óstáin Londan, tá mé cinnte.

57 seomra ar fad atá san óstán a bhfuil an t-ainm Broadwick Soho air. Is mór idir é agus an t-óstán a cheannaigh a thuismitheoirí i Bournemouth na blianta ó shin. Ach seans go dtiocfaidh sé ar cuairt ann ó na gnóthaí eile atá aige, go gcoinneoidh sé súil ar lucht déanta an tósta ar maidin.

Bhí na deora le Jackie an oíche ar oscail siad an t-óstán nua. Ba chuimhneach léi nuair a bhíodh sí féin agus a fear Noel ag sclábhaíocht san óstán eile agus ag obair sa sorcas in Éirinn. Ach dúirt a mac Noel go raibh sé buíoch di.

‘Thóg sé 40 bliain, a Mham, ach táimid ar ais i mbun gnó.’

Fág freagra ar '‘Thóg sé 40 bliain, a Mham, ach táimid ar ais i mbun gnó’'