‘They’re desecrating 6,000 Irish souls’ – fearg faoi chomharthaí toghcháin in aice le leacht cuimhneacháin don Ghorta Mór

Tá trí mhórchomhartha toghchánaíochta crochta taobh le leacht cuimhneacháin atá os cionn olluaigh in Montreal ina bhfuil 6,000 Éireannach curtha

‘They’re desecrating 6,000 Irish souls’ – fearg faoi chomharthaí toghcháin in aice le leacht cuimhneacháin don Ghorta Mór

Tá Gaeil i gCeanada suaite mar gheall ar thrí mhórchomhartha toghchánaíochta a bheith crochta in aice le leacht cuimhneacháin don Ghorta Mór in Montreal.

Tá comharthaí curtha in airde ag an bPáirtí Liobrálach agus ag an Parti Québécois taobh le leacht cuimhneacháin na Carraige Duibhe (an ‘Black Rock Memorial’) atá gar do dhroichead Victoria sa chathair.

Leacht atá ann i gcuimhne ar an 6,000 duine a theith go dtí Ceanada ón nGorta Mór ach a fuair bás ón tífeas in Montreal.

Ag labhairt dó leis an Montreal Gazette, dúirt Victor Boyle ón Montreal Irish Monument Park Foundation gur “truailliú” ar uaigheanna a bhí i gcrochadh na gcomharthaí toghchánaíochta do thoghchán Québec atá ar siúl ar an 1 Deireadh Fómhair.

“Reilig atá ann, tá 6,000 duine curtha faoi na comharthaí sin. Tá 6,000 anam Éireannach á maslú acu,” a dúirt Victor Boyle.

Dúirt Boyle go raibh sé “croíbhriste” nuair a chonaic sé go raibh ceann den dá chomhartha atá ag an Parti Québécois ar an láthair díreach san áit chéanna a deineadh athadhlacadh i 1942 ar 12 corp ar thángthas orthu.

Dúirt Geoffrey Chambers, Uachtarán an Quebec Community Groups Network, gur bheart “fuarchroíoch tútach” a bhí ann na comharthaí toghchánaíochta a chrochadh.

Le linn dóibh a bheith ag tógáil droichead Victoria i lár an 19ú haois, tháinig oibrithe ar olluaigh ina raibh coirp 6,000 imirceach as Éirinn, a bhásaigh le linn eipidéim tífis 1847.

In 1859, chuir na hoibrithe, ar de shliocht na hÉireann cuid mhór acu, suas leacht cuimhneacháin na Carraige Duibhe i gcuimhne ar na daoine a cuireadh san olluaigh.

Is é atá scríofa ar an leacht cuimhneacháin:

“To Preserve from Desecration the Remains of 6000 Immigrants Who died of Ship Fever A.D. 1847-48

“This Stone is erected by the Workmen of Messrs. Peto, Brassey and Betts Employed in the Construction of the Victoria Bridge A.D.1859.”

Fág freagra ar '‘They’re desecrating 6,000 Irish souls’ – fearg faoi chomharthaí toghcháin in aice le leacht cuimhneacháin don Ghorta Mór'