‘These boots were made for walkin’ – Seacht bpéire buataisí don Gheimhreadh

Péire breá compordach buataisí don gheimhreadh a bhí ag teastáil ónár gcomhfhreagraí an tseachtain seo

‘These boots were made for walkin’ – Seacht bpéire buataisí don Gheimhreadh

Na dathanna dubh agus donn ba choitianta a bhíodh le fáil tráth den saol agus duine ag ceannach buataisí geimhridh ach tá méadú as cuimse ar an rogha dathanna atá le fáil le roinnt blianta anuas.

Níl aon rud níos deise na péire breá compordach buataisí don gheimhreadh agus is fiú go mór am agus dua a chaitheamh i mbun roghnaithe.

Más ‘made for walkin’ a bhí na buataisí ag Nancy Sinatra, Jessica Simpson agus mórán eile is deas an rud é go mbeadh na buataisí céanna faiseanta agus tarraingteach. 

Tá roinnt moltaí agam féin tar éis dom cuardach maith a dhéanamh le gairid agus seo chugaibh seacht bpéire de na cinn is fearr a thaitin liom ar phraghsanna idir €36 agus €125.

 

Buataisí veilbhite ar dhath liath ar phraghas €39.99 ó New Look.

 

‘Sock boot’ a thugtar ar an dearadh ar an bpéire dúghorm seo. €79 ó Lipsy

 

Dath éadrom donn ar an na cinn seo a mheasaim a bheith an-saor – €35.95 ó Mango.

 

Buataisí svaeid le sála ísle ar dhath álainn dúdhearg ar €125 ó & Other Stories. Tá siad seo beagán daor ach is svaeid cheart atá iontu agus ní mór dóibh aire mhaith a fháil. Is ceart cosantóir svaeide a chur orthu go cinnte.

 

Dath bándearg le péarlaí don té gur maith leo beagán beochta a chur ina bhfeisteas! Tá siad seo ar fáil ó Zara ar €55.95..

 

Buataisí deasa dearga – dath atá go mór sa bhfaisean de bharr an tionchar atá ag Balmain faoi láthair – agus iad ar fáil ar €55 ó River Island.

 

Buataisí dubha, clasaiceacha ó Topshop a mhairfidh ar feadh na mblianta. ‘Madison’ atá ar an dearadh seo agus iad ar fáil ar €80.

Fág freagra ar '‘These boots were made for walkin’ – Seacht bpéire buataisí don Gheimhreadh'

  • Hiy

    Ca’il ‘buataisí na láibe’? Is ‘mic tíre’ cuid againn sa tírín iathghlas seo!