The Woman in the Wall – saothar measúil agus dímheasúil ar a sheal

Tuigimid ar fad an tsaoirse cruthaitheachta ach an bhfuil rud éigin míchuí faoi ábhar chomh goilliúnach, chomh tromchúiseach agus chomh suaite leis seo a ionramháil sa tslí seo?

The Woman in the Wall – saothar measúil agus dímheasúil ar a sheal

Meastar gur cuireadh tuairim is 30,000 bean i ngéibheann in árais mháithreacha agus leanaí i gcaitheamh na mblianta. Is deacair a chreidiúint go raibh 1996 ann sular dúnadh an ceann deireanach acu. Faoi mar a deirtear linn sa tsraith The Woman in the Wall (BBC1, Dé Luain) ní bhaineann an bhliain sin leis an tréimhse anallód; ná raibh an Macarena sna cairteacha? Thug an scannán The Magdalene Sisters léiriú léanmhar cumasach ar chruatan agus mídhaonnacht na n-institiúidí sin. Tá fiche bliain gafa tharainn ó tháinig an saothar sin os ár gcomhair agus seo chugainn sraith an BBC leis an ábhar céanna a chíoradh.

Tá an drámaíocht, ­an t-uafás, an teannas, an greann agus tréithe an scéinséara fite fuaite ina chéile sa saothar diamhair seo. Tuigimid ar fad an tsaoirse cruthaitheachta ach an bhfuil rud éigin míchuí faoi ábhar chomh goilliúnach, chomh tromchúiseach agus chomh suaite leis seo a ionramháil sa tslí seo? Cinnte is féidir an t-uafás agus an greann a úsáid go héifeachtach le téamaí tromchúiseacha a chíoradh ach is dóigh liom gur thit an saothar seo idir dhá stól uaireanta; é measúil agus dímheasúil ar a sheal.

Sa chéad radharc címid Lorna Brady (Ruth Wilson) ag dúiseacht i lár an bhóthair ina héadaí codlata. An babhta suansiúil is déanaí tar éis í thabhairt amach ón mbaile beag cósta, Kilkinure; baile ficseanúil i Maigh Eo. Táimid sa bhliain 2015 agus ní fada nó go gcuirtear abhaile orainn go raibh sí i ngéibheann san áras áitiúil blianta ó shin. Go deimhin bhí scata ban áitiúil i mbraighdeanas san áit, gné atá ábhairín áiféiseach. Lena chois sin mheasas go mbeadh sé níos cuí dá mbeadh an saothar lonnaithe i dtosach na mílaoise.

Pé acu scéal é tosaíonn an saothar ag sleamhnú i dtreo na uafáis, an scéinséara agus an scigdhráma nuair a thagann Lorna ar chorp mná ina teach féin. N’fheadar sí an í féin a chur de dhroim seoil í ach tá baint aici leis an áras. Ag an am céanna dúnmharaítear sagart ina thigh cónaithe i mBaile Átha Cliath agus tagtar ar a chairt cóngarach do Kilkinure. Casadh eile sa scéal ach tuigimid go pointe cá bhfuil rudaí ag dul. Tagann an bleachtaire Colman Akande (Daryl McCormack) an dúthaigh le cúrsaí a fhiosrú. Tá a chúlra rúnda féin ag an bhfear seo agus is féidir linn sin a thomhas chomh maith.

Déanann an saothar iarracht a bheith measúil, tuisceanacha faoi uafáis na n-áras agus déantar iarracht an saol sin a chur os ár gcomhair. Tá na radhairc sin ann ach iad le hais radharcanna áiféiseacha. Ní luíonn siad le chéile i gceart. Cé nach bhfuil scríbhinn Joe Murtagh gan a mhaitheasaí tá an bréag-Éireannachas le sonrú ábhairín rómhinic.

Is cinnte go dtugann Wilson taispeántas den scoth uaithi mar bhean atá ciaptha ag a bhfuil sí gafa tríd. Níl a fhios agam an leor sin leis na heasnaimh eile a chúiteamh.

Fág freagra ar 'The Woman in the Wall – saothar measúil agus dímheasúil ar a sheal'