‘The Soiling of Old Glory’ agus feachtas Joe Biden

Bhain stair chorrach na 1970idí cor as Joe Biden ar stáitse na nDaonlathach in California agus a shúil aige ar an Teach Bán in 2020

‘The Soiling of Old Glory’ agus feachtas Joe Biden

‘The Soiling of Old Glory’ a baisteadh ar an bpictiúr. Ar ndóigh, is leasainm é ‘Old Glory’ ar bhratach Mheiriceá, na réalta agus na stríocaí a insíonn scéal na gcaoga stát agus na trí cinn déag de choilíneachtaí na tíre a d’imigh i dtosach ó riail Shasana. Insíonn an pictiúr céanna scéal eile – masla do bhratach Mheiriceá, i 1976 ar Chearnóg na Cathrach i mBoston.

Thuga déagóir den chine geal fogha faoi fhear den chine dubh agus bratach Mheiriceá, agus cois adhmaid na brataí mar armlón aige. Bhí grianghrafadóir ón nuachtán The Boston Herald i láthair. D’fháisc sé ar chnaipe an cheamara ar an bpointe boise agus bhí a phictiúr aige, ‘The Soiling of Old Glory’.

Tugadh dó an Gradam don phictiúr nuachtáin ab fhearr sna Stáit Aontaithe uilig an bhliain sin.

Dúisíodh scéal an phictiúir aríst le gairid. An feachtas d’ainmniúcháin na nDaonlathach do thoghchán Uachtaránachta 2020 i Meiriceá an t-údar a bhí leis sin. Is é an t-iarleas-uachtarán agus an té is mó a bhfuil borradh faoina fheachtas, an Gael-Mheiriceánach Joe Biden a cuireadh sa mbearna bhaoil.

An aimsir a caitheadh a tháinig aniar aduaidh air in California.

Cúrsaí ciníochais agus cearta an duine a bhí i gceist ag an scata iarrthóirí. Chuir an Seanadóir Kamala Harris as California i leith Biden go raibh sé in aghaidh an chórais ‘busála’ nuair a tosaíodh an polasaí sin sna Státaí leathchéad bliain ó shin.

Iarracht a bhí sa gcóras ar a dtugtaí ‘busing’ le gasúir gheala agus dhubha a chur chun na scoile in éineacht. Dá réir sin, chuirfí busanna ar bóthar a thabharfadh gasúir as ceantar inar chónaigh an cine geal go dtí ceantar inar chónaigh an cine dubh agus a mhalairt. Triaileadh an córas i gcuid mhór áiteacha ar fud na tíre agus bhí roinnt trioblóide dá bharr. Ach ba i mBostún a rinneadh scéal náisiúnta agus idirnáisiúnta de. Ba i South Boston, ceantar láidir Éireannach san am sin – bhí cuimse de shliocht iarthar na hÉireann agus de mhuintir Chonamara lonnaithe ansin le fada an lá roimhe sin – a bhí an t-achrann ba mheasa.

I samhradh na bliana 1974, dhá scór agus cúig bliana ó shin, bhí scéala South Boston agus an ‘bhusáil’ ar na scáileáin theilifíse ó chósta go cósta i Meiriceá, agus níos faide ó bhaile.

Ní raibh go leor de mhuintir South Boston sásta glacadh leis an gcóras a bheag nó a mhór. Dúradar nach raibh ciall ná réasún le bheith ag tabhairt a gcuid gasúr amach go Roxbury, ceantar ina raibh cuid mhór den chine dubh. Dúradar go raibh a leithéid de chóras in aghaidh an dlúthcheangail thraidisiúnta  a bhí i measc an phobail i South Boston. Ach dúradh go forleathan gur ciníochas a bhí mar bhunús leis an gcaoi ar sheas muintir South Boston in aghaidh na busála.

Lean na léirsithe ar aghaidh ar feadh i bhfad agus ba le linn cheann de na léirsithe sin a tógadh an grianghraf conspóideach.

Joe Rakes, Gael-Mheiriceánach as South Boston, a bhí na déaga de bhlianta, a thug an fogha faoin bhfear dubh. Ted Landsmark an t-ainm a bhí ar an bhfear dubh. Bhí Landsmark cáilithe ina dhlíodóir san am agus é 29 bliain d’aois. De thimpiste a tháinig sé an bealach, a deir sé, agus sula raibh deis aige iompú ar a chois bhí sé ionsaithe ag beagán daoine sa slua léirsitheoirí. Baineadh fuil as Landsmark agus tugadh chun an ospidéil é. Ach, mar a tharla ba dhorn ó dhuine éigin eile a rinne an dochar sin; níor theagmhaigh cos na brataí de in aon chor.

Sa lá atá inniu ann is ollamh in Ollscoil North Eastern i mBostún é Ted Landsmark. Oibríonn sé le grúpaí atá ag cothú cairdis agus tuisceana i measc na gciníocha éagsúla i mBostún.

D’oibrigh Joe Rakes ar feadh i bhfad i gCeardchumann na nOibrithe Tógála i mBostún. D’éirigh sé as an obair níos túisce i mbliana agus tá sé ag tógáil an tsaoil níos réidhe dó féin anois.

Dúisíodh suim san eachtra aríst le ríghairid; tháinig ainm na beirte úd ar ais ar mhapaí an tsaoil tar éis 45 bliain.

Thall ar an taobh eile den tír in California agus scata Daonlathach ag fiach ar an Teach Bán in Washington an bhliain seo chugainn,  casadh ceist na mbusanna buí iompair scoile le Joe Biden. “Níl mé ag rá gur fear ciníoch thú ach bhí tú in aghaidh na busála,” a deir an Seanadóir Harris, bean den chine dubh. Labhair sí go láidir faoin ábhar agus d’inis faoin gcaoi a raibh sí féin buartha agus míchompordach ina cailín óg de bharr an easaontais a bhain leis an mbusáil.

Níor shéan Biden go raibh sé in aghaidh na busála ach mhínigh sé nár chreid sé gur córas a bhí ann a d’oibreodh go maith i chuile áit. B’fhearr, a deir sé, go bhfágfaí socruithe mar sin faoi údaráis na Stát faoi leith seachas riail dhaingean a leagan síos in Washington. “Ach,” arsa Harris “mura nglacann Stát nó ceantar éigin le polasaí a bhaineann le cearta cine nó le cothrom na Féinne – nár cheart sa gcás sin go mbeadh forlámhas ag an Rialtas Feidearálach in Washington?”

Anonn agus anall a chuaigh an díospóireacht sin ach ceaptar gur tharraing an Seanadóir Harris cáil bhreise uirthi féin.

Ach leathchéad bliain tar éis bhunú an chórais busála – agus 45 bliain ó bhí South Boston agus na hÉireannaigh ansin á gcáineadh go láidir – tá ciall cheannaithe ag go leor daoine, nó sin an chosúlacht atá ar an scéal. Glactar leis go forleathan, fiú i measc dreamanna a thacaigh leis an mbusáil i dtosach, nár oibrigh an córas go fónta. Ar nós go leor obair rialtais i gcuid mhór tíortha, dúradh faoi na daoine a bhí ag cur an bhusáil sin i bhfeidhm nach minic tuiscint acu ar chastacht an tsaoil go háitiúil. Go deimhin, bhí lear suntasach den chine dubh ina haghaidh chomh maith.

Shocraigh údaráis scoile Bhostúin i 1999 nach mbeadh cúrsaí cine feasta i gceist nuair a roghnódh tuismitheoirí an scoil a gcuirfidís a gclann chuici.

Scéal na busála a fhágáil marbh ab fhearr le go leor daoine anois ach ní mar sin a bhíonn an saol mór, go háirithe sa bpolaitíocht. ‘The Soiling of Old Glory’ a tugadh ar an bpictiúr siúd as Boston sna 1970idí agus féach gur  bhain an stair chorrach sin cor as Joe Biden ar stáitse na nDaonlathach in gCalifornia in 2019.

Fág freagra ar '‘The Soiling of Old Glory’ agus feachtas Joe Biden'