The Snowman – scríbhinn agus scannán a chodail amuigh

Ní éiríonn le Thomas Alfredson úrscéal Jo Nesbø a shniogadh mar is cuí, ná baol air

The Snowman – scríbhinn agus scannán a chodail amuigh

The Snowman
Stiúrthóir: Thomas Alfredson
Cliar: Michael Fassbender, Rebecca Ferguson, Chloë Sevigny, Val Kilmer, J.K. Simmons, Charlotte Gainsbourg, Toby Jones, Genevieve O’Reilly

Tá a fhios againn ar fad an goile atá ag an lucht féachana do tháirgí ó iomaire an noir Lochlannach. Tá an scannán seo bunaithe ar shaothar Jo Nesbø, Ioruach, gur fathach san iomaire seo é, agus a bhfuil 30 milliún cóip dá leabhair díolta ar fud an domhain.

Cé gur ceann feadhna mealltach é an Ciarraíoch agus go bhfuil an tús tarraingteach, is saothar é seo a imíonn amach ón gcairt agus chun leadráin.

Casadh gan dealramh, meascán mearaí de charachtair nach bhfuil aon fheidhm leo, fophlotaí a théann sa bhfraoch, carachtar lárnach caite fé thóin chártaí go neafaiseach, agus ceann scríbe atá ina fhrithbhuaic amach is amach. Níor éirigh le Thomas Alfredson úrscéal Nesbø a shniogadh mar is cuí. Ábhar iontais é seo óir gurb é an stiúrthóir céanna a dhein ábhar seanchaite Let the Right One In a láimhseáil chomh cáiréiseach sin.

Ag tús an scannáin cuirtear abhaile orainn go bhfuil Harry Hole (Fassbender) in abar. É luite leis an ól, scartha óna chailín agus a chuid oibre ag imeacht le fán. É á phlúchadh ag an smúit chaonaigh ina árasán; meafar tútach má bhí a leithéid riamh ann. Ach oiread leis an mbleachtaire cáiliúil sin ó Shráid an Bháicéara tá sé corrthónach, míshuaimhneach mar nach bhfuil cás dúnmharaithe aige a bhféadfadh sé bheith sáite ann.

Ní fada nó go soláthraíonn a comhghleacaí nua Katrine (Ferguson) ábhar machnaimh dó agus í sa tóir ar dhúnmharfóir srathach. Téann an bheirt acu i mbun comhghuaillíochta le teacht  ar fhear sneachta an teidil. Fan na slí déantar meascán mearaí de charachtair a radadh os ár gcomhair; fear gnó sotalach, sleamhain (Simmons), póilín agus alcólach eile (Kilmer) agus dul amú (Jones). Ní bhfuaireas aon bhlas ar ghné an teaghlaigh; seanpháirtí agus a mac a bhfuil sé fós mór leo. 

Gintear suan na muice bradaí ón tús agus is geall le carachtar ann féin é an sneachta, díreach mar atá in Fargo. Lena cheart a thabhairt don saothar bhí cineamatagrafaíocht álainn ann agus soláthraíodh seatanna cuidsúlacha de thírdhreach na hIorua.

Bhí comparáidí i gceist le go leor sraitheanna eile chomh maith, sa tslí is go raibh póilín cumasach atá ina alcólach cráite, ciaptha agus dúnmharfóir srathach ann. Ceann de na sraitheanna sin é Mr. Mercedes, ach bogann táirge Brendan Gleeson ar aghaidh ar a bhogstró, mar is dual don táirge teilifíse. Scríbhinn é seo a chodail amuigh, áfach, agus tá an scéal ina chíor thuathail dá réir. Is fada go bhfaca an oiread sin aisteoirí cumasacha (Simmons, Sevigny, Jones agus Kilmer) sáinnithe i gcarachtair nach fiú an deich triuf iad. Níos measa ná sin níor deineadh snátha difriúla an scéil a réiteach chun mo shástachta ach an oiread. Abláil cheart.

Scéinséir atá in ainm is a bheith anseo agus nílimid ar tinneall ag tarraingt ar cheann scríbe. Sin é an locht is mó atá agam ar an táirge agus easnamh nach féidir a mhaitheamh.

Fág freagra ar 'The Snowman – scríbhinn agus scannán a chodail amuigh'