‘The Irishman’, ‘Finky’ agus cuid de scannáin shuaithinseacha eile na bliana

Caitheann ár léirmheastóir súil siar ar chuid de na scannáin arbh fhiú go mór féachaint orthu i mbliana

‘The Irishman’, ‘Finky’ agus cuid de scannáin shuaithinseacha eile na bliana

The Irishman

Scorsese, De Niro, Pacino, Pesci agus Keitel; na seanfhondúirí ar ais i mbun comhghuaillíochta agus ar a seanléim. ’Sé is dóichí ná a mhalairt nach bhfeicfear Pesci ar scáileán arís agus drochsheans go gcífear comhghuaillíocht idir Scorsese, De Niro agus Pacino in athuair. Sa saothar toirtiúil seo atá breis agus trí huaire an chloig ar fhad insítear scéal Frank Sheeran, an fear gunna, a mhaígh gurb é a dhúnmharaigh Jimmy Hoffa. Taispeántais bhreátha os na seanphlandaí agus ceardaíocht Scorsese le sonrú go soiléir. Níl sé inchurtha le Goodfellas (1990) ach tá sé chomh cumasach céanna le Casino (1995).


Star Wars

N’fhéadfaí trácht a dhéanamh ar 2019 gan tagairt do bhuille scoir thriológ eile de chuid Star Wars. Ag an bpointe seo tá slán fágtha, ar deireadh thiar thall, leis na seanfhondúirí Princess Leia (Carrie Fisher), Luke Skywalker (Mark Hamill) agus Hans Solo (Harrison Ford). Cé go bhfuil na saothair bhreise ar fad (sé cinn ó deineadh an triológ bhunaidh) tar éis an tsuaithinseacht a bhaint den chúram ba cheann feadhna iontach í Ridley agus bhí an t-aicsean spleodrach. Tá an cnuasach seolta ar aghaidh chuig glúin eile agus níl aon chuimhneamh ag Disney éirí as a bheith ag sniogadh as an bhFórsa.


Diego Maradona

Cuireann gaiscí sacair agus laigí pearsanta dhraoi beag na hAirgintíne daoine ar fud na cruinne fé gheasa go dtí an lá atá inniu ann. Ní haon iontas mar sin go raibh rath thar na bearta ar an saothar ealaíonta, stuama seo. Tugann an clár faisnéise seo le fios go minic gur beirt éagsúil atá i gceist aon uair go ndéantar trácht ar Diego Maradona. Tá Diego ann, an duine lách, geanúil a thug aire na huibhe dá mhuintir; agus tá Maradona ann, an laoch sacair mórchúiseach, mustrach a tharraing achrann ar féin dé shíor. 

The Favourite

D’éirigh le Olivia Colman duais Oscar a ghnóthú as feabhas a léirithe ar Bhanríon Anne Shasana sa saothar seo. Naoi n-ainmniúchán Oscar eile a bronnadh ar an scannán ait cumasach greannmhar pointeáilte seo. Tá sé lonnaithe san ochtú haois déag mar a bhfuil an Bhanríon i gcumhacht agus a dlúthchara sleamhain Lady Sarah (Rachel Weisz) ag tindeáil uirthi agus á smachtú. Níl go maith agus níl go holc go dtagann Abigail (Emma Stone), col ceathrar Lady Sarah, an dúthaigh ag lorg cúnaimh óna bean ghaoil. Ní fada go dtarraingíonn Abigail gnaoi na banríona uirthi féin agus cuirtear comhrac beirte binbeach sa tsiúl idir an bheirt bhan shlítheánta. Taispeántais na triúrachta seo an phríomhchúis ar cheart duit féachaint ar an scannán seo.

Float like a Butterfly

Tá meascán mearaí de sheánraí agus de théamaí le sonrú sa saothar mothúchánach, cumasach seo. Is scannán dornálaíochta é mar aon le bheith ina scannán bóthair; tugann sé éachtaint ar an gcos ar bolg a imrítear ar phobal imeallaithe mar aon le cíoradh a dhéanamh ar róil inscne. Léirítear leis briseadh croí an bháis agus saol cailín óig atá ag teacht in inmhe. I ndeireadh na dála, áfach, is scannán é seo faoi athair is iníon agus is iad an bheirt cheann feadhna, Hazel Doupe agus Dara Devaney, a dhéanann an scannán seo a iompar agus a dhéanann saothar ar leith de. Saothar é seo a bhfuil briseadh croí, ardú croí agus ábhar machnaimh le sonrú ann.

 

Finky

Seo an chéad scannán atá feicthe againn ón scéim Cine4, an chomhghuaillíocht úd idir TG4, Fís Éireann agus Bord Scannán na hÉireann.  Tús maith atá ann dar le comhghleacaí liom sa tigh seo: “Scannán spleodrach lán samhlaíochta é seo faoi Mhicí Phincí Ó Foghlú, ceoltóir atá craplaithe ina chorp agus ina intinn, agus é ar a bhionda ag iarraidh éalú ón uafás, ón tromluí, ón gciontacht, ón mbuairt, ón gcinniúint agus thar aon rud eile, uaidh féin,” a deir sí. Beidh an scannán atá scríofa ag Dathaí Keane agus Diarmuid de Faoite agus stiúrtha ag Keane le feiscint ar TG4 an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar '‘The Irishman’, ‘Finky’ agus cuid de scannáin shuaithinseacha eile na bliana'