‘That’s PAS!’ – Aire Stáit nua na Gaeltachta os comhair na Dála den chéad uair

Le tamall maith anois, is ócáidí saghas duairc a bhíonn i gcéad aistear na n-airí stáit ar bheagán Gaeilge ar fharraige shuaite na teanga

‘That’s PAS!’ – Aire Stáit nua na Gaeltachta os comhair na Dála den chéad uair

Cúpla nóiméad isteach ina chéad fhreagra ar cheist Dála mar Aire Stáit na Gaeltachta, thóg Patrick O’Donovan sos beag i ndiaidh dó na focail ‘na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí’ a rá chomh maith agus ab fhéidir leis.

‘That’s PAS!’ a dúirt sé agus chrom sé a cheann sa tslí go mba dhóigh leat gur ag aontú leis féin a bhí sé.

An t-acrainm Béarla don Public Appointments Service a bhí i gceist aige le ‘That’s PAS’, gan dabht, agus ní ag bronnadh marc ar a chuid foghraíochta a bhí sé.

Ach bhí an pas tuillte ag an Aire Stáit Gaeltachta nua, an t-aire stáit is déanaí a d’fhógair go mbeadh air an Ghaeilge a athfhoghlaim nuair a ceapadh sa phost sin é.

Is dócha nach raibh ar Patrick O’Donovan bocht freagra chomh fada leis seo a thabhairt i nGaeilge ó dhein sé scrúdú cainte na hArdteiste.

Agus ní dócha go raibh air a mhíniú an uair sin gur ar bhonn róta a cheaptar na comhaltaí ar Bhord Údarás na Gaeltachta i gcás trí chontae.

Thiúnáileamar isteach go dtí an Dáil maidin inné agus uamhan orainn roimh an méid a bheadh romhainn.

Le tamall maith anois, is ócáidí saghas duairc a bhíonn i gcéad aistear seo na n-airí stáit ar bheagán Gaeilge ar fharraige shuaite na teanga.

Sea, ní fuirist a bheith i d’aire stáit Gaeltachta agus a bheith i d’athfhoghlaimeoir ag an am céanna agus ní taise do Phatrick O’Donovan é.

Gach aon uair a dhein sé ‘na Colawtee’ de chomhaltaí Bhord an Údaráis, mar shampla, thabharfá an leabhar gur ag trácht ar threibh de chuid na Meiriceánach Dúchasach ar beag eolas atá uirthi a bhí sé.

Níor cheart a bheith ródhian ar airí an bheagáin, áfach.

Maireann tú ar feadh blianta fada sa Dáil ar an ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’ agus go tobann tá tú istigh ag a naoi a chlog ar maidin, Aengus Ó Snodaigh do do cheistiú faoi Údarás na Gaeltachta a bheith d’uireasa boird agus na focail ‘na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí’ ar an script os do chomhair.

Sea, sa ghinideach!

D’fhéadfá cuid mhaith den locht a chur ar státseirbhísigh Roinn na Gaeltachta.

An bhfuil aon trua ag feidhmeannaigh fhuarchroíocha na bhForbacha d’airí stáit seo an bheagáin?

Déarfá go bhfuil dóthain acu tagtha go dtí na Forbacha faoin dtráth seo go mbeadh luí éigin ag an bhfeidhmeannach leo.

Nach é an rud daonna tuisceanach a bheadh ann ná iarracht a dhéanamh script níos oiriúnaí don athfhoghlaimeoir a sholáthar seachas é a fhágáil ar an dtrá fholamh ar fad le béarlagair doiléir mínádúrtha an státchórais?

(Ba é an rud daonna tuisceanach a bheadh ann don chuid eile againn chomh maith, ach sin scéal eile.)

Sea, tá sé deacair a dhóthain a bheith ag plé le Aengus Ó Snodaigh sa Dáil an chéad rud ar maidin gan a bheith ag  “breithniú go gníomhach faoi láthair na féidearthachtaí…” chomh maith.

Dúirt an tAire Stáit nua go raibh sé ag súil go mór lena bheith ag obair ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus an teanga a fhoghlaim ag an am céanna.

Ní haon mhagadh é sin mar chúram, ach nach é na tumoideachas a mholann na saineolaithe go léir?

Ghuigh Aengus Ó Snodaigh gach rath ar O’Donovan, ach bhí díomá ar fhear Shinn Féin nach bhfuair sé míniú níos soiléire ar cad ina thaobh go raibh moill ar cheapadh bhord nua Údarás na Gaeltachta.

Cad ba chúis leis an dteip?

Tharraing an tAire Stáit chuige féin a script arís agus dúirt sé go mb’fhéidir go mbeadh freagra na ceiste sa chéad chuid eile di.

Faraor, ní raibh ann ach liosta fada de na rialacha a bhainfidh le toghchán Údarás na Gaeltachta nuair a thabharfar ar ais é in 2025.

Ach ba chuma, lean sé air á léamh nó gur fógraíodh go raibh an t-am caite.

Fág freagra ar '‘That’s PAS!’ – Aire Stáit nua na Gaeltachta os comhair na Dála den chéad uair'