‘That’s not my anthem!’ – James McClean agus na hÉireannaigh eile a tharraing conspóid ag ócáidí spóirt

Ní hé James McClean an t-aon Éireannach ar tharraing conspóid air féin lena a dhearcadh faoi dheasghnátha agus siombalachas na Breataine Móire

imreoir sacair na hÉireann James McClean sna nuachtáin arís de bharr an drogall a bhíonn air géilleadh do dheasghnátha agus siombalachas na Breataine Móire. An deireadh seachtaine seo caite, bhí foireann McClean, West Brom, ag imirt cluiche dúshláin i Meiriceá agus casadh amhrán náisiúnta Shasana, ‘God Save the Queen’, roimh thús na himeartha. Chas na himreoirí uile i dtreo bhrat na Breataine, ach amháin McClean a d’iompaigh an treo eile agus a chlaon a cheann.

seo an chéad uair a tharraing fear Dhoire achrann air féin mar gheall ar eachtra den saghas seo. Ó thosaigh McClean ag imirt i Sasana in 2011, tá diúltaithe aige an poipín a chaitheamh ar a gheansaí in ómós do na saighdiúirí uile a maraíodh ag troid d’airm na Breataine, cinneadh a thuill bagairtí báis dó.

Ach ní hé McClean an chéad Éireannach ar tharraing conspóid air féin le seasamh mar seo. BreathnaíonnTuairisc.ie ar thriúr eile a rinne amhalidh.

Peter O’Connor

Pic2-O'Connor
Peter O’Connor ag glacadh páirte sna Cluichí Oilimpeacha Idirsháite i 1906

I 1906 bhí Peter O’Connor ar dhuine de thriúr a sheol CLG chuig na Cluichí Oilimpeacha Idirsháite (bhí an comórtas ceaptha a bheith ann le linn na tréimhse ceithre bliana idir na fíor-Chluichí Oilimpeacha ach níor reáchtáladh iad ach aon uair amháin,  i 1906). Gan amhras bhí sé i gceist ag CLG go mbeadh an triúr ann mar ionadaithe d’Éirinn ach toisc nach raibh coiste Oilimpeach dá gcuid féin ag Éirinn, tugadh orthu dul san iomaíocht faoi bhrat na Breataine.

Nuair a bhuaigh O’Connor bonn airgid sa chomórtas léim fhada, bhí sé beartaithe ag lucht eagraithe na gcluichí brat na Breataine a chrochadh ag searmanas bronnta. Ach bhí plean eile ar fad ag an Éireannach. Dhreap O’Connor anairde ar an gcrann brataí agus d’ardaigh a bhrat glas féin a raibh cláirseach air agus na focail ‘Erin Go Brach’. Sheas Éireannach eile, Con Leahy, ag ag bun an chuaille chun cosaint a thabhairt d’O’Connor ó aon duine a bheadh ag iarraidh cur isteach ar a agóíd.

Paddy Barnes

INPHO/Presseye/Ian McNicol
Paddy Barnes. Pictiúr: INPHO/Presseye/Ian McNicol

Fear eile a tharraing beagán achrainn air féin faoi amhrán náisiúnta na Breataine Móire ná an dornálaí Paddy Barnes. Nuair a throideann Barnes d’Éirinn, is é ‘Amhrán na bhFiann’ a bhíonn le cloisteáil ach is ag déanamh ionadaíochta do Thuaisceart Éireann a bhí Barnes ag na Cluichí Comhlathais anuraidh an. Tar éis dó bonn óir a bhuachan casadh ‘Danny Boy’ ag an searmanas rud a chuir iontas ar an trodaí, “That’s not my anthem!” arsa seisean lena chomhghleacaithe ar an bpóidiam. Bhí conspóid ar na meáin shóisialta ina dhiaidh ach dúirt Barnes nach raibh aon bhaint aige le cúrsaí polaitíochta agus go raibh sé ag déanamh ionadaíochta ar gach duine a thug tacaíocht dó, is cuma cén creideamh a bhí acu.

Eoin Morgan

INPHO/Ryan Byrne
Eoin Morgan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

gur rugadh agus gur tógadh Eoin Morgan sa tír seo agus gur imir sé d’Éirinn, tá anois ina chaptaen ar fhoireann cruicéid Shasana. Bhí conspóid ann ag tús na bliana seo nuair a thug daoine faoi deara nach raibh Morgan ag canadh ‘God Save the Queen’ agus bhí daoine áirithe ann, an clabaire sin Piers Morgan ina measc, a cheap nár cheart don chruicéadaí a bheith mar chaptaen ar an bhfoireann mura raibh sé sásta an t-amhrán a chanadh.

Níor mhair na gearáin i bhfad agus tháinig Morgan amach ag rá nár chan sé ‘Amhrán na bhFiann’ ‘God Save the Queen’ ná aon amhrán náisiúnta riamh. Cinneadh pearsanta a bhí ann a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘That’s not my anthem!’ – James McClean agus na hÉireannaigh eile a tharraing conspóid ag ócáidí spóirt'

  • seán

    Mo ghraidhin iad! Molaim iad as a seasamh. Daoine cróga féinmhuiníneacha iad seo atá gannchúiseach go leor inniu.Liricí áiféiseacha seafóideacha d’aon daonnaí beo atá in God Shave the Queen. Murab ionann agus liricí breátha an Marseillaise nó Amhrán na bhFiann!