‘Teipthe’ ar chóras an NTA agus gan ach 11 ceadúnas hacnaí ‘tuaithe’ in úsáid

Dar leis an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go léiríonn figiúirí nua ‘pairilis’ an Údaráis Náisiúnta Iompair maidir le seirbhísí tuaithe

‘Teipthe’ ar chóras an NTA agus gan ach 11 ceadúnas hacnaí ‘tuaithe’ in úsáid

Níl ach 11 ceadúnas hacnaí in úsáid faoi láthair sa stát ar fad faoin Scéim Ceadúnas Hacnaithe Áitiúla do Cheantair Tuaithe, córas a tugadh isteach le cinntiú go mbeadh seirbhísí hacnaí ar fáil i gceantair tuaithe.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív, a fuair na figiúirí sin ón NTA, gur léirigh a laghad ceadúnas atá in úsáid faoin scéim “pairilis” an Údaráis Náisiúnta Iompair maidir le seirbhísí tuaithe.

“Fad is a bhaineann sé le seirbhísí faoin tuath, níl an dearcadh forleathan atá ann gur leor an status quo sách maith ar chor ar bith níos mó. De réir mo thaithí féin ag déileáil le daoine sa dáilcheantar, tá sé ionann is dodhéanta ceadúnas tuaithe a fháil ón NTA, mar gheall ar an iomarca coinníollacha a bheith i gceist.

“Tá mise ag iarraidh ar an NTA agus ar an Rialtas a chinntiú láithreach go mbeidh sé tarraingteach seirbhís hacnaí a chur ar fáil i gceantair tuaithe agus go mbeidh brabach le déanamh ag na daoine atá ina bun,” a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Dúirt sé go raibh gá ar leith lena leithéid de sheirbhís i bhfianaise athruithe ar an gcineál saoil a bhíonn ag daoine faoin tuath agus ar na dlíthe a bhaineann le tiomáint agus ól.

Thug an NTA le fios go raibh athbhreithniú déanta ar chóras na gceadúnas áitiúil agus go bhfuarthas gur bac an costas a bhaineann le cúrsaí árachais ar dhaoine cur isteach ar an scéim. Ní raibh aon athrú déanta ar an scéim de thoradh an athbhreithnithe go fóill, a dúradh.

Ceadúnas hacnaí áitiúil amháin atá in úsáid faoi láthair i gcontae na Gaillimhe go léir. Níl ceann ar bith ag duine ar bith i gcontae Chiarraí ná i gcontae Chorcaí. Dhá cheadúnas dá leithéid atá in úsáid i nDún na nGall.

Fág freagra ar '‘Teipthe’ ar chóras an NTA agus gan ach 11 ceadúnas hacnaí ‘tuaithe’ in úsáid'