Teip na Roinne Oideachais maidir le Gaeilge ar shuíomh Ardteiste á scrúdú

Tá tús curtha ag an gCoimisinéir Teanga le fiosrú maidir leis an scéal gur i mBéarla amháin is féidir le daltaí Ardteiste clárú dá scrúduithe ar shuíomh na Roinne Oideachais

Teip na Roinne Oideachais maidir le Gaeilge ar shuíomh Ardteiste á scrúdú

Tá fiosrúchán curtha ar bun ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill faoin scéala nár thug an Roinn Oideachais aon rogha do dhaltaí clárú i nGaeilge do scrúduithe Ardteiste na bliana seo.

Tá teip an chórais nua ó thaobh na Gaeilge cáinte go láidir ag polaiteoirí a deir go bhfuil dímheas léirithe ag an Roinn ar an nGaeilge agus ar chearta teanga na ndaltaí.

Dheimhnigh Oifig an Choimisinéara Teanga do Tuairisc.ie go raibh dualgas de réir dlí ar an Roinn Oideachais agus Scileanna seirbhísí taca a sholáthar i nGaeilge do scoileanna a chuireann teagasc ar fáil trí Ghaeilge.

Ina theannta sin, tá dualgas reachtúil ar an Roinn, faoin Scéim Teanga a d’aontaigh siad féin le hAire na Gaeltachta, aon seirbhísí idirghníomhacha nua a bhíonn acu a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna.

Ag labhairt dó ar an gclár 7Lá ar TG4 aréir, dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh nach bhféadfaí aon “leithscéal” a dhéanamh faoin scéala nach an rogha Ghaeilge ar fáil.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Choimisinéara Teanga nach mbeadh sé “cuí” aon rud eile a rá faoin gcás, toisc go raibh teagmháil déanta “mar ábhar práinne” ag an gCoimisinéir leis an Roinn Oideachais faoin scéal agus gearáin a fuair sé faoi á bhfiosrú aige.

Tuigtear go bhfuil gearáin déanta le hOifig an Choimisinéara Teanga gur i mBéarla amháin atá fáil ar Thairseach na Mac Léinn do Ghráid Ríofa don Ardteistiméireacht (Calculated Grades Student Portal).

Tá gearáin déanta chomh maith le hoifig an Choimisinéara toisc gur i mBéarla amháin a bhí na treoracha maidir le húsáid na tairsí curtha ar fáil d’iar-bhunscoileanna uile na tíre, scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge san áireamh.

Deir an Comhaontas Glas go bhfuil “dímheas” á léiriú do dhaltaí Ardteiste i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge toisc gan aon rogha a bheith acu clárú do na scrúduithe i nGaeilge.

Is i mBéarla amháin is féidir le daltaí a gcuid ábhar agus leibhéal a chlárú ar shuíomh na Roinne Oideachais a seoladh maidin inné.

Tá éileamh déanta ag leascheannaire agus urlabhraí oideachais an Chomhaontais Ghlais, Catherine Martin, ar an Aire Oideachais, Joe McHugh, a chinntiú go gcuirfear leagan Gaeilge ar fáil láithreach den tairseach ar líne ina gcláraíonn daltaí Ardteiste do na scrúduithe.

Tá an “an-díomá” ar Shinn Féin chomh maith gur i mBéarla amháin atá an suíomh.

Dúirt urlabhraí Oideachais Shinn Féin Donnchadh Ó Laoghaire gur “ceart bunúsach dochloíte é do shaol a chaitheamh trí Ghaeilge in Éirinn” agus seirbhísí poiblí a fháil i nGaeilge.

Dúírt Donnchadh Ó Laoghaire go raibh sé i gceist ag Sinn Féin brú a chur ar an Aire Oideachais Joe McHugh an scéal a réiteach.

D’fhógair an tAire Oideachais ar Twitter tráthnóna go raibh breis is 30,000 dalta cláraithe cheana féin ar shuíomh a roinne d’Ardteist na bliana seo a bheidh bunaithe ar ghráid réamh-mheasta.

Maidin inné a seoladh an tairseach ar líne agus tá go dtí an Déardaoin beag seo, an 28 Bealtaine, ag daltaí na trí scrúdú ardteistiméireachta – an Ardteist thraidisiúnta, an Ardteist fheidhmeach agus gairmchlár na hArdteiste – a gcuid ábhar agus leibhéal don scrúdú measta a chlárú.

Dúirt leascheannaire an Chomhaontais Ghlais an Teachta Dála Catherine Martin go bhfuil éagóir á déanamh ar dhaltaí i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil orthu clárú do na scrúduithe i mBéarla.

“Níl sé cóir ná cothrom in aon chor go bhfuil iachall ar dhaltaí Gaeltachta agus Gaelcholáistí tairseach Bhéarla a úsáid agus is comhartha é den dímheas a léirítear ar an nGaeilge mar theanga labhartha laethúil do na mílte duine.

“Tá sé ríthábhachtach go mbeadh leagan Gaeilge ar fáil dóibh siúd atá ag dul tríd an gcóras oideachais sa teanga sin, agus tá litir curtha agam chuig an Aire Joe McHugh chun é seo a éileamh,” a dúirt sí.

Dúirt an Comhairleoir Contae Peadar Ó Caomhánaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an Chomhaontais Ghlais, nach raibh sé inghlactha go mbeadh séanadh á dhéanamh ag an rialtas ar a gcuid dualgas i leith na teanga.

“Mar iardhalta sa chóras Gaeloideachais, tá a fhios agam go mbeinn i gcruachás dá mbeadh rialacha an chluiche athraithe ag an nóiméad deireanach. Tuigimid an brú atá ar an Roinn Oideachais, ach do na mílte dalta ar fud na tíre, ní rud sa bhreis í an Ghaeilge ach teanga na scoile, teanga an tí agus teanga riarachán an oideachais go dtí seo. Níl sé inghlactha go séanfadh an Stát a cuid dualgas ag an bpointe cinniúnach seo.”

Dúirt an Roinn Oideachais gur brú ama ba chúis le gan an tseirbhís chlárúcháin a bheith ar fáil i nGaeilge agus go raibh sé i gceist acu go mbeadh an dara cuid den tseirbhís ar fáil sa dá theanga oifigiúil, ach a seolfar an mhí seo chugainn í.

Dúradh gur obair chasta a bhí i bhforbairt na tairsí agus go mbeadh moill roinnt laethanta ar a sheoladh dá gcuirfí leagan Gaeilge ar fáil chomh maith. D’fhágfadh sin go mbeadh moill ar thorthaí na ndaltaí níos déanaí an samhradh seo, a mhaígh an t-urlabhraí.

Fág freagra ar 'Teip na Roinne Oideachais maidir le Gaeilge ar shuíomh Ardteiste á scrúdú'

  • Bríd

    Anois cá bhfuil Oifigigh an Pholasaí don Oideachais Gaeltachta? Gaidé atá ar siúl acu? Níos mó den chur i gcéill. Ár dteanga bocht á damnú ag locht an chur i gcéill.

  • Áine

    Léiriú soiléir ar dhearcadh na Roinne Oideachais… Tá an Ghaeilge le foghlaim ach is ceist eile dhóibh gur chóir gur ‘Gaeilge Fheidhmeach’ í…. seachain a gcuirfí aon stró ar an ecóras freastal mar is cuí don Ghaeilgeoir, drochmheas ceart ar scoláirí na Gaeltachta agus an chórais Gaelscolaíochta go gcaithfear iarratas a dhéanamh trí Bhéarla le hiarratas a dhéanamh ar ghrádanna tomhaiste…. náire shaolta agus cur i gcéill mar a deir Bríd….’Déan mar a deirim agus ní mar a dhéanaim’… mana an chórais chéanna le blianta…. agus ag tarraingt na gcosa faoi na scoláirí a bhfuil a gcuid oideachais fighte acu trí Ghaeilge

  • Críostóir Ó Faoláin

    Dúirt an Aire go raibh sé “sochruithe anois” agus é ag caint ar 7Lá aréir, ach níl sé sochruithe go fóill. Téann an nasc ar an leagan Gaeilge den suíomh go dtí an tairseach Béarla go fóill.

  • Colmán Ó Drisceoil

    Tugaimís faoi ndearadh gur i mBéarla amháin atá suíomh nua INTO,agus é ráite go neamhbhalbh ag an Rúnaí Ginearálta nach bhfuil sé i gceist é a bheith ar fáil i nGaeilge. Ní sa Roinn amháin a fheicimid an cúlú ón teanga, cé go bhfuil forás a dhóthain i mbólaí eile.

  • Éamonn Ó Gribín

    Is é mo thuairimse go measann Rialtas na hÉireann gur féidir leis an Stát Béarla amháin a roghnú, agus cé go bhfuil an Ghaeilge in ainm is a bheith ina phríomhtheanga oifigiúil, gur féidir leis an Stát í a eisiamh ó aon chuid de dhioscúrsa poiblí an náisiúin gan pian a fhulaingt.

    Is léir go bhfuil sé ina nós ag an Stát seo lucht na Gaeilge a chosc nó a fhágáil faoi mhíbhuntáiste agus iad á dhéanamh sin in aon chomhthéacs náisiúnta nó oifigiúil agus go bhfuil an Stát sásta feidhmiú i mBéarla amháin.

    Sa bhliain 1934 dúirt an Príomh-Bhreitheamh Kennedy:
    “None of the organs of the State, legislative, executive or judicial may derogate from
    the pre-eminent status of the Irish language as the national language of the State
    without offending against the Constitutional position…”

    Tuigeann gach éinne gur cur i gcéill ar fad atá ar siúl ag an Stát faoin Ghaeilge ó 1960.