Teaghlaigh ilteangacha sa Ghaeltacht á lorg ag lucht taighde

Deir lucht taighde in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh nach bhfuil oiread sin ar eolas againn faoin gcaoi a ndéileálann teaghlaigh ilteangacha le ceisteanna teanga agus ceisteanna sochtheangeolaíochta

Teaghlaigh ilteangacha sa Ghaeltacht á lorg ag lucht taighde

Tá lucht taighde in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa tóir ar theaghlaigh sa Ghaeltacht le haghaidh staidéar sochtheangeolaíochta atáthar a dhéanamh.

Tá an togra ‘Teaghlaigh Ghaeltachta agus an tIlteangachas’ (GAELFAM), atá faoi stiúir an Dr Cassandra Christmas-Smith, dírithe ar theaghlaigh atá ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta agus a bhfuil teanga eile seachas an Béarla á labhairt acu in éineacht leis an nGaeilge.

Tá sé i gceist ag na taighdeoirí eolas a bhailiú trí agallaimh, cás-staidéir, agus breathnóireacht faoin gcaoi a socraíonn na teaghlaigh dhátheangacha a bpolasaithe teanga sa bhaile agus an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad, más ann dá leithéid ar chor ar bith.

30 teaghlach, atá ina gcónaí in aon cheantar Gaeltachta sa tír agus a bhfuil an Ghaeilge agus teanga eile seachas an Béarla á labhairt ag duine de na tuismitheoirí/caomhnóirí, atá ag teastáil don staidéar. Is gá go mbeadh ar a laghad duine amháin den chlann faoi bhun 13 bliana d’aois

“Níl an oiread sin ar eolas againn faoin gcaoi a ndéileálann teaghlaigh ilteangacha i gcomhthéacs mionteangacha le ceisteanna teanga agus ceisteanna sochtheangeolaíochta. Mar shampla, cén chaoi a ndéantar cinneadh faoi na teangacha a thugtar ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile agus cén fáth a ndéantar an cinneadh sin.

“Tá ceisteanna mar seo ábhartha ní hamháin sa Ghaeltacht ach i gcomhthéacsanna mionteanga i bhfad níos faide i gcéin. Tá taighde mar seo tábhachtach le go mbeifí in ann polasaithe a chur i bhfeidhm a chabhróidh le teaghlaigh an Ghaeilge a choinneáil mar theanga phobail sa Ghaeltacht agus a chabhróidh leo na teangacha eile a choinneáil mar teangacha teaghlaigh ag an am céanna,” a dúirt an Dr Verena Platzgummer, duine den fhoireann atá ag tabhairt faoin taighde.

Is as Südtirol i dtuaisceart na hIodáile í an Dr Platzgummer agus tá taighde déanta aici ina ceantar dúchais ar pháistí ilteangacha i gcomhthéacs na scoileanna lán-Ghearmáinise ann. Cé gur cúige de chuid na hIodáile í an Südtirol is cainteoirí Gearmáinise iad formhór na ndaoine atá ina gcónaí ann (is teangacha oifigiúla iad an Ghearmáinis, an Iodáilis, agus an Laidinis). Scríobh sí cuntas eitneagrafaíochta ar réamhscoil Ghearmáinise sa chúige ina raibh go leor leanaí ó theaghlaigh ilteangacha.

Ba mhaith leis an Dr Platzgummer agus a comhghleacaithe in Ollscoil na Gaillimhe cloisteáil ó theaghlaigh Ghaeltachta a d’fheilfeadh don staidéar seo sna seachtainí amach romhainn.

Fág freagra ar 'Teaghlaigh ilteangacha sa Ghaeltacht á lorg ag lucht taighde'