An Roinn Lánpháirtíochta ag smaoineamh ar pholasaí faoi lonnú iarrthóirí tearmainn sa nGaeltacht ach an iomarca brú ann faoi láthair

Deir an tAire Norma Foley nach ndéantar aon mheasúnú ar an tionchar a bheadh ag lonnú iarrthóirí tearmainn sa nGaeltacht ar chúrsaí teanga ach go bhfuil sé i gceist ag a roinn polasaithe a fhorbairt amach anseo

An Roinn Lánpháirtíochta ag smaoineamh ar pholasaí faoi lonnú iarrthóirí tearmainn sa nGaeltacht ach an iomarca brú ann faoi láthair

Deir an tAire Lánpháirtíochta go bhfuil sé i gceist ag a roinn polasaí ar leith a fhorbairt amach anseo maidir le lonnú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta sa nGaeltacht ach nach féidir sin a dhéanamh i láthair na huaire toisc go bhfuil an oiread sin brú ar an gcóras.

Tá lonnú iarrthóirí tearmainn i gceantair Ghaeltachta i mbéal an phobail i láthair na huaire agus agóid ar bun lasmuigh d’óstán i gCarna i gConamara maidir le hiarrthóirí a lonnú in óstán sa gceantar.

Deir siadsan atá i gcoinne an phlean go ndéanfadh a leithéid d’ionad dochar mór don cheantar agus bíonn an tionchar a deirtear a bheadh aige ar an teanga agus ar an turasóireacht á lua i measc na n-údar buairimh.

D’fhiafraigh ceannaire Aontú, an Teachta Dála Peadar Tóibín, den Aire Lánpháirtíochta Norma Foley an tseachtain seo cé mhéad ionad de chuid na Seirbhíse Cóiríochta um Chosaint Idirnáisiúnta (IPAS) a bhí lonnaithe sa nGaeltacht, cé mhéad duine a bhí lonnaithe iontu agus an raibh aon mheasúnú déanta ag an roinn maidir leis an tionchar a bhíonn ag a leithéid d’ionaid ar fhéiniúlacht teanga agus chultúir na gceantar sin.

Dúirt an tAire Foley nach ndearnadh aon mheasúnuithe. Dúirt sí nach mbailítear aon sonraí ar leith i gcás na Gaeltachta mar go bhfuil méadú mór tagtha le cúpla bliain anuas ar líon na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a fhaightear agus ar líon na ndaoine atá ag teacht ón Úcráin agus ionaid éigeandála oscailte ar fud na tíre.

Dúirt sí go dtugtar lóistín do thart ar 33,000 iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta i láthair na huaire agus gur cuireadh fáilte roimh 114,000 duine ón Úcráin ó thosaigh an cogadh ansin.

Dúirt Foley go raibh “iarrachtaí ollmhóra” ar bun chun lóistín cuí, fadtéarmach a chur ar fáil d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus chuir sí in iúl go bhféadfadh forbairt polasaí don Ghaeltacht a bheith mar chuid de sin.

“Le dhá bhliain anuas, agus cúrsaí na hÚcráine ag dul ar aghaidh ag an am céanna, bhí na riachtanais i bhfad níos mó agus ganntanas lóistín ann, ní raibh ar chumas mo Roinne aon pholasaithe ar leith a chur i bhfeidhm maidir le hionaid lóistín.

“Is mian linn áfach dul sa treo sin agus muid ag tabhairt faoi chóras cóiríochta san earnáil sin a bheadh níos seasmhaí agus níos inmharthana,” a dúirt Foley

I gcás Charna, tá iarratas déanta ag úinéir an óstáin áitiúil, Óstán Chuan Charna, go bhfeidhmeodh an t-óstán mar ionad IPAS agus go gcuirfí seirbhís lóistín d’iarrthóirí tearmainn ar fáil. Tá Úcránaigh lonnaithe san óstán ó Mhárta 2022.

Bhailigh suas le 100 duine ón gceantar lasmuigh den óstán an tseachtain seo caite agus ráfla ann go raibh bus ar a bhealach go dtí Carna chun iarrthóirí tearmainn a thabhairt ann, rud nach raibh fíor.

Deir an Roinn Lánpháirtíochta go bhfuil cinneadh maidir leis an iarratas an t-óstán a úsáid mar ionad IPAS curtha siar go dtí mí an Meithimh chun deis a thabhairt tuilleadh plé a dhéanamh faoi mholadh go gceannódh muintir na háite an t-óstán agus go rithfí é mar óstán pobail.

Tá suim léirithe ag an gcomhlacht forbartha áitiúil an t-óstán a cheannach.

Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, John Connolly, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Patrick O’Donovan, gur thuig sé go maith an ról tábhachtach a bhíonn ag óstáin áitiúla chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí eacnamaíochta agus leis an tsochaí ach dúirt sé nach gcuireann a roinn aon tacaíocht ar fáil chun óstán pobail a bhunú.

Fág freagra ar 'An Roinn Lánpháirtíochta ag smaoineamh ar pholasaí faoi lonnú iarrthóirí tearmainn sa nGaeltacht ach an iomarca brú ann faoi láthair'

  • Léitheoir Éigin

    ‘To Hell or to Connacht ‘ mana pháirtithe an Rialtais, is léir… Ag an am céanna, ní hionadh é go leanfaidís lorg Chromail: Éire a scriosadh an sprioc atá acu le blianta fada anuas.

  • Barbs

    Is léir domsa gur cuma sa tsioc leis an Rialtas seo agus an dream a chuaigh rompu faoi thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta- cá ngabhfaidh gasúir na ndaoine seo ag an scoil? Ar scoil Ghaeltachta í? An bhfuil sí tar éis aitheantas a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta agus an tseafóid sin ar fad le cigirí na Roinne etc agus an bhfuil aon duine i ndáiríre a cheapadh gur ag Gaeilgóireacht lena chéile a bheidh na gasúir sin i bpasáistí na scoile? An bhfuiltear ag súil nach ndéanfar cumarsáid leis na daoine seo ach amháin trí Ghaeilge??? Cacamas amach is amach! Iompófar ar an mBéarla agus sin a bhfuil ann…. Pleanáil Teanga muis! Níl gá lena leithéid ach an teanga a labhairt agus gan tuilleadh brú a chur uirthi ag tabhairt breis béarlóirí isteach sa mullach uirthi sna ceantair Ghaeltachta is láidre dá bhfuil ann….. ach uis uis! Ní féidir é sin a rá os ard mar go gcuirfear i do leith go bhfuil tú ciníoch…. Seanscéal na meirge.