Tá grúpa mac léinn ó Ollscoil na Banríona le dul i mbun agóide an tseachtain seo mar chuid d’fheachtas atá ag éileamh comharthaí dátheangacha ar champas na hollscoile.
Tá an léirsiú á eagrú ag an gCumann Gaelach san ollscoil agus achainí sínithe ag breis is 1,000 a deir go mbeidís sásta comharthaíocht i nGaeilge agus i mBéarla a fheiceáil ar an gcampas.
Tá feachtas ar bun ag an gCumann Gaelach le roinnt blianta anuas ag éileamh a leithéid.
Bhí comharthaíocht dhátheangach le feiceáil i bhfoirgneamh aontas mac léinn na hollscoile tráth ach cinneadh in 1997 í a bhaint anuas chun mic léinn aontachtacha a mhealladh.
Tá iarrachtaí ar bun ag an gCumann Gaelach ó 2017 chun comharthaíocht dhátheangach a chur in airde arís ach níl glactha ag údaráis na hollscoile leis an moladh go fóill.
Scaip an cumann comhairliúchán faoin gceist an mhí seo agus léirigh os cionn míle duine, idir mhic léinn agus bhaill foirne, tacaíocht don chomharthaíocht dhátheangach. Tá an cumann ag iarraidh go mbuailfidh lucht bainistíochta na hollscoile leo chun an scéal a phlé.
“Fuarthas breis is míle síniú tar éis trí lá feachtasaíochta, éacht a léiríonn an tacaíocht agus an tsuim atá ag pobal na hollscoile sa Ghaeilge,” a dúirt Uachtarán an Chumainn Ghaelaigh Anna Nic Gafraidh.
“Dá fheabhas toradh an chomhairliúcháin, tá dualgas anois ar bhainistíocht Ollscoil na Banríona bualadh linn a luaithe is féidir chun fhadhb na feiceálachta maidir leis an Ghaeilge ar an champas agus sa cheantar mórthimpeall orainn a phlé linn, go dtiocfaidh muid ar réiteach láithreach.”
Dúirt urlabhraí de chuid Ollscoil na Banríona le Tuairisc go rabhthas sásta casadh leis an gCumann Gaelach “chun an cheist tábhachtach seo a phlé”.
Dúradh go raibh fonn ar an ollscoil coinneáil orthu ag obair i gcomhar leis an gCumann Gaelach chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir le cúrsaí teanga. Luadh gur bunaíodh scéim chónaithe Gaeilge do mhic léinn le gairid agus Oifigeach Tacaíochta Gaeilge fostaithe in ionad teanga na hollscoile chomh maith.
Tá léirsiú lasmuigh de gheataí na hollscoile beartaithe ag an gCumann Gaelach tráthnóna chun an tacaíocht atá ann do chomharthaí dátheangacha ar an gcampas a léiriú.
Fág freagra ar 'Léirsiú lasmuigh d’Ollscoil na Banríona mar chuid d’éileamh ar chomharthaí dátheangacha'