Téacs mhargadh an Bhreatimeachta nach mór réidh – Barnier

Tuairiscítear gur thug príomh-idirbheartaí an Aontais Michel Barnier le fios tráthnóna go bhfuil príomhghnéithe an tsocraithe Breatimeachta réidh, ach gur gá toil pholaitiúil chun go mbeadh sé ina mhargadh

Téacs mhargadh an Bhreatimeachta nach mór réidh – Barnier

Tá téacs mhargadh an Bhreatimeachta nach mór aontaithe ag an Aontas Eorpach leis an mBreatain agus faoi Theresa May anois é a dhíol lena comhairí ag baile.

Tuairiscítear gurb é sin a thug Michel Barnier le fios d’airí na mballstát eile inniu i ndiaidh an bhabhta is déanaí cainteanna faoin mBreatimeacht.

De réir tuairisce sa Financial Times tráthnóna, dúirt príomh-idirbheartaí an Aontais leis na hairí ón 27 ballstát eile go raibh príomhghnéithe an tsocraithe leagtha amach den chuid is mó ach gur gá toil pholaitiúil chun go mbeadh sé ina mhargadh.

Dúirt an Tánaiste Simon Coveney níos túisce inniu gur “láidre ná riamh” tacaíocht an Aontais do sheasamh na hÉireann maidir le ceist na teorann.

“Is láidre ná riamh tacaíocht agus dlúthpháirtíocht Michel Barneir agus a fhoireann idirbheartaíochta,” arsa Coveney.

Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha go raibh obair fós le déanamh ag an dá dhream sna comhráite agus gur cheart “am agus spás” a thabhairt dóibh leis an bplé sin a chríochnú.

Bhí cainteanna ar siúl idir an dá thaobh go dtí moch maidin inniu in iarracht fuascailt a fháil ar an tsáinn san idirbheartaíocht, agus go háirithe ar cheist na teorann in Éirinn.

Is é an cúlstop ar mhaithe le teorainn chrua a sheachaint an dris chosáin is mó sna cainteanna Breatimeachta i gcónaí.

Tá Rialtas na Breataine ag moladh go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san aontas custaim ar feadh seala i ndiaidh an Bhreatimeachta, ach cead a bheith acu deireadh a chur leis an socrú sa chás go dtiocfaidís ar réiteach eile maidir le cás na teorann.

Tá an tAontas agus Rialtas na hÉireann diongbháilte de, áfach, nach mbeadh aon chead ag an mBreatain tarraingt siar ón gcúlstop as a gconlán féin.

Leanfaidh na cainteanna ar aghaidh sna laethanta amach romhainn féachaint an mbeadh ábhar réitigh ann ar a bhféadfaí cruinniú mullaigh a bhunú an mhí seo.

Mura mbeidh dul chun cinn mór déanta faoin gCéadaoin, ní thionólfar aon chruinniú mullaigh chun margadh imeachta a fhaomhadh.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh dóchas ag Rialtas na Breataine go mbeadh sé ina mhargadh an tseachtain seo agus go mbeadh cruinniú mullaigh ann an mhí seo dá bharr.

Tá brú mór ar Theresa May i gcónaí maidir lena plean Breatimeachta.

In alt nuachtáin inniu, dúirt an t-iar-rúnaí gnóthaí eachtracha Boris Johnson nach mbeadh sa Ríocht Aontaithe ach “coilíneacht” dá nglacfaí le moladh May chun teorainn chrua a sheachaint in Éirinn. Dúirt sé go bhfágfadh an cúlstop go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe “i ngéibheann” agus gurbh amhlaidh gur mheasa fanacht san aontas custaim ná fanacht san Aontas Eorpach féin.

Tá Theresa May faoi bhrú mór chomh maith ón DUP, ar a bhfuil a Rialtas ag brath, agus é ráite ag ceannaire an pháirtí sin Arlene Foster nach mbeadh aon ghlacadh aici le haon socrú speisialta do Thuaisceart Éireann i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Meastar dá bhféadfaí teacht ar shocrú faoin margadh imeachta roimh an gCéadaoin go bhféadfaí cruinniú mullaigh a fhógairt do mhí na Samhna, rud a d’fhágfadh go bhfoilseofaí an margadh imeachta agus an ráiteas faoin gcaidreamh a bheadh feasta idir an Bhreatain agus an tAontas.

Tuairiscítear go dteastaíonn ó Phríomh-Aire na Breataine go mbeadh a leithéid de chruinniú ann an mhí seo ionas go mbeadh am aici daingniú a fháil ón bParlaimint dá plean.

D’fhéadfadh go ndéanfaí margadh imeachta a fhaomhadh ag an gcruinniú mullaigh den Aontas atá beartaithe don 13-14 Nollaig, ach is beag am a bheadh ag May ansin vóta parlaiminte a eagrú roimh bhriseadh na Nollag.

Fág freagra ar 'Téacs mhargadh an Bhreatimeachta nach mór réidh – Barnier'