Teachta Dála ‘an-sásta’ fáil amach faoina cheangal géineolaíochta le Ros Muc agus Conamara

Tá an Teachta Dála Noel Grealish i measc cuimse daoine atá ag fáil eolais agus tuiscint ar an slabhra ginealais a bhaineann leo féin agus tá an cineál seo staidéir níos eagraithe i gConamara le cúpla bliain anuas

Teachta Dála ‘an-sásta’ fáil amach faoina cheangal géineolaíochta le Ros Muc agus Conamara

Pictiúr: Rollingnews.ie

Bhí an Teachta Dála, Noel Grealish i Ros Muc an oíche cheana, áit a ndúirt sé leis an slua i Halla Cuimhneacháin na bPiarsach go raibh áthas air a bheith ar ais san áit as a dtáinig a dhream féin an chéad lá riamh. Cruinniú a bhí ann do dhaoine ar spéis leo an ghéineolaíocht agus an staidéar ginealais.

Ar chuireadh ón lucht eagrúcháin i Ros Muc a tháinig Noel Grealish ann.

Bhí sé cloiste ag Noel Grealish roimhe seo go mba as Ros Muc a tháinig beirt dearthár de mhuintir Ghriallais i bhfad siar agus gurbh iadsan a chuir tús leis an treibh mhór atá ar an sloinne sin anois thart ar an gCarn Mór, ceantar atá tuairim dhá mhíle dhéag soir ó thuaidh de chathair na Gaillimhe.

Duine den treibh sin é Noel Grealish féin atá ina Theachta Dála do Ghaillimh Thiar le 17 bliain.

Chuaigh Máire Ní Ghrialais, bean mhuinteartha leis as an gCarn Mór atá in ord na Siúracha Bochta San Clár nGaillimh, ag léamh, ag tochailt ag ceistiú agus ag fiosrú a sinsear.

Fuarthas amach gur fhág beirt dearthár de mhuintir Ghrialais ceantar Ros Muc am éigin idir 1700 agus 1800 – Seán agus Pádraic Ó Grialais a bhí orthu. Ceaptar gur bhásaigh Seán go hóg ach phós Pádraic agus bhí beirt mhac aige. Meastar gur ó Phádraic Ó Griallais a scaip an sloinne i gceantar an Chairn Mhóir agus Bhaile Cláir na Gaillimhe. “Murach Pádraig Ó Griallais ní bheinnse anseo anocht,” a deir Noel Grealish an oíche cheana i Ros Muc.

Táthar ag dul níos doimhne sa scéal agus táthar ag cur tuilleadh samplaí DNA i gcomórtas lena chéile le soiléiriú níos fearr a fháil ar na ceangail ghaoil i measc mhuintir Ghriallais taobh thoir agus taobh thiar den Choirib. Is maith leis go mór go bhfuil an ceangal géineolaíochta seo aige le Ros Muc agus le Conamara, a deir Noel Grealish.

Tá an Teachta Grealish i measc cuimse daoine atá ag fáil eolais agus tuiscint ar an slabhra ginealais a bhaineann leo féin agus tá an cineál seo staidéir níos eagraithe i gConamara le cúpla bliain anuas.

Ní fada anois go gcuirfear tús le ceangal idir Conamara agus ionaid sna Stáit Aontaithe le cabhair na hardteicneolaíochta. Beidh ionadaithe as grúpaí i gCarna, i Ros Muc agus i gceantar na nOileán ag teacht le chéile san Aonad gTeic atá ag Údarás na Gaeltachta i gCarna agus iad ag déanamh ceangail le Portland i Maine, Stát Washington, ionaid i mBoston agus in áiteacha eile de réir a chéile.

Beidh na hionaid éagsúla ag tabhairt eolais faoina bhfuil ar bun acu féin agus faoin eolas is deireanaí a bheidh ar fáil. Tá ceannródaíocht léirithe ag Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna i leith an taighde seo agus comhdhálacha géineolaíochta agus DNA eagraithe acu. Bunaíodh ceangal idir iadsan agus Ionad Oidhreachta na nGael i gcathair Portland i Stát Maine. Leagadh go leor béime ar thástálacha DNA san Ionad in Portland le roinnt blianta agus tá clár taighde ar bun acu faoi stair ghéineolaíochta mhuintir Ghaeltacht Chonamara agus Árann. Bhí daoine ann i dtosach a raibh amhras orthu faoin gcruinneas a bheadh le torthaí DNA ó thaobh deimhnithe gaoil de. Ach is cosúil go bhfuil an t-amhras sin scaipthe go mór anois agus go bhfuil sé cruthaithe go soiléir go bhfuil aicearra géineolaíochta ag baint leis an eolaíocht sin. Bhí sin soiléir ag an gcomhdháil a bhí i gCarna i dtús mhí Dheireadh Fómhair nuair a léirigh Maureen Coyne-Norris as Portland agus Terri Fitzgerald as Washington, bean a bhfuil saineolas aice ar an staidéar géineolaíochta, go dtéann an tástáil DNA go bun an údair.

Tá an staidéar ar an nginealas is stair a dteaghlaigh agus ar shnátha na géineolaíochta i dtreibheanna daoine ar an dara hábhar is mó atá ina chaitheamh aimsir ag daoine i Stáit Aontaithe Mheiriceá anois.

Is amhlaidh don scéal sa tír seo. Ceaptar gur spreag cláracha teilifíse ar nós Who do you think you are? an spéis mhór seo sa nginealas agus sa tástáil DNA. Tá aicearra ag baint leis an DNA a fhágann nach gá do dhaoine, cuid acu ar a laghad, dul thrí pháipéir, cáipéisí, reiligí agus leabharlanna le teacht ar an mbuneolas. Fiú má chaitheann siad dul i muinín na gcáipéisí ina dhiaidh sin, bíonn an cosán níos soiléire.

Ceannródaíocht atá sa gceangal seo atá á chothú i gConamara anois. Tá buntáistí sóisialta ag baint leis an gcaitheamh aimsire seo agus d’fhéadfadh sé cur leis an turasóireacht. Tá na milliúin i Meiriceá atá an-tógtha leis an staidéar géineolaíochta agus iad sa tóir ar fhreagra na ceiste ‘Who do you think you are?’ Bhí freagra i bhfad níos soiléire ag an Teachta Noel Grealish ar an gceist sin an oíche cheana agus ancaire caite aige i Ros Muc.

Fág freagra ar 'Teachta Dála ‘an-sásta’ fáil amach faoina cheangal géineolaíochta le Ros Muc agus Conamara'