Tá teach tábhairne sa Ghaeltacht dúnta agus imní ann faoi “shábháilteacht na foirne” i ndiaidh gur scaipeadh ar líne liosta daoine a dúradh a bhí “beáráilte” ar chúiseanna éagsúla.
Tá sé ina raic ó scaipeadh an liosta agus bhí Cois Cuain, an teach tábhairne i lár shráidbhaile an Spidéil i gConamara, dúnta le dhá lá anuas.
Tá “leithscéal poiblí” gafa ag úinéir Cois Cuain faoi liosta a scaipeadh ar na meáin shóisialta ag an deireadh seachtaine, liosta a deir sé a athraíodh ó bhonn sular scaipeadh ar na meáin shóisialta é.
Dúirt úinéir Cois Cuain, Kresimir Beric, go mbeadh an teach tábhairne dúnta go dtí go mbeadh “réiteach” ar an scéal.
Níor shéan an t-úinéir go raibh liosta ainmneacha daoine nach raibh cead isteach go dtí an teach tábhairne ann, ach dúirt sé gur liosta “bréagach” an ceann a scaipeadh ar na meáin shóisialta sa mhéid is go ndearnadh athruithe móra air.
Ar an liosta a scaipeadh ar líne, bhí ainmneacha agus pictiúir daoine a dúradh nach raibh cead isteach go dtí Cois Cuain acu ar chúiseanna éagsúla.
Sa ráiteas a cuireadh amach ar chuntais mheán sóisialta Cois Cuain, dúirt Beric, a ghlac úinéireacht ar Cois Cuain anuraidh, gur chinn sé an teach tábhairne a dhúnadh Dé Domhnaigh agus Dé Luain agus imní air faoi chúrsaí sábháilteachta.
“Tuigtear dom go bhfuil grúpaí comhrá fuatha bunaithe ar na meáin shóisialta agus go bhfuil míshásamh mór ann agus tá mé buartha faoi shábháilteacht na ndaoine atá ag obair sa teach tábhairne.
“Tá cinneadh déanta agam gníomhú láithreach agus an teach tábhairne a dhúnadh inniu agus amárach, mar gheall ar imní faoi chúrsaí sábháilteachta duine ar bith ar an láthair.”
Ainmneacha agus íomhánna seisear déag a bhí ar an liosta conspóideach. I measc na gcúiseanna atá luaite leis na daoine a bheith “beáráilte” ó Chois Cuain, tá “úsáid cócaoin”, damáiste a dhéanamh, daoine a bheith “bréan” nó ‘trodach’ nó “drochbhéasach agus maslach”.
Dúirt Beric nach raibh aon bhunús leis an scéal gur scaip sé féin an liosta de dhaoine nach raibh cead isteach go dtí an teach tábhairne acu.
Dúirt sé nach raibh sé i gceist aige riamh duine ar bith “a ghortú go poiblí” ná caitheamh le aon duine “ar bhealach cruálach agus mailíseach”.
“Ba mhaith liom leithscéal a ghabháil le duine ar bith ar chuir na postálacha ar na meáin shóisialta, atá á roinnt ag an phobal go háitiúil, isteach orthu mar gur ábhar é atá bréagach agus a ndearnadh athruithe móra air”.
Dúirt Beric gur thuig sé an “dochar” a bhí déanta ag an liosta agus go raibh daoine “ar buille faoi”.
Thug úinéir Cois Cuain cuireadh do na daoine a bhí luaite ar an liosta agus daoine lena mbaineann an scéal chuig an teach tábhairne tráthnóna inné le go bhféadfadh sé leithscéal a ghabháil leo go pearsanta.
Seosamh Ó Beirgin
Maidir leis an liosta, an raibh na cúiseanna beáráilte leagtha amach i nGaeilge? Táim fiosrach faoi an gcúis sin “bréan”!
jpmorley0@gmail.com
Istigh in Inis Mór a bhí mé 40 éigin bliain ó shin. Pionta nó trí á ól agam ar mo chaoithiúlacht. Fuinneoigín bheag i mbinn a’ tí a d’oscail amach ar an mbán a dtagadh ‘scabhtaeir’ aici uair umá seach. Shíntí deoch chuige agus dhíoladh sé aisti. Ach b’ait liom é mar chúram óir b’é lár na dúluachra é. ‘Tuige nach dtagann siad isteach agus suí cois na tine’? arsa mise im aigne féin. Chuir mé an cheist sin ar fhear an tí ag deireadh thiar agus ‘sé dúirt sé liom:
‘Ó tá na leaids sin bearáilte!!’
Féach anois: Múineann gá seift.