Taobh amuigh de Theach Laighean, bhí frustrachas an phobail le brath…

Gach seans go mbeidh cleachtadh níos mó againn roimh theacht an earraigh ar agóidí teasaí os comhair na Dála

Taobh amuigh de Theach Laighean, bhí frustrachas an phobail le brath…

Bhí Dé Céadaoin an tseachtain seo ar nós an chéad lá scoile ag polaiteoirí agus iriseoirí araon. Bhí sceitimíní orainn ar fad tús a chur leis an téarma nua Dála. Cultacha curtha orainn den chéad uair ó thús an tsamhraidh, preasócáidí ullmhaithe ag ranna rialtas éagsúla chun scéimeanna nua a fhógairt, meangadh mór ar na polaiteoirí agus iad ag beannú dá chéile ar a mbealach isteach go Teach Laighean, neart gáire déanta nuair a rinne an Ceann Comhairle dearmad agus cead cainte á thabhairt do Mary Lou McDonald roimh dhíospóireacht na gceannairí – cheapfá gur áit bhríomhar chairdiúil í an Dáil ina bhfuil timpeallacht dheas oibre i measc na gcairde ar fad. Is gearr a mhair sin.

Taobh amuigh de Theach Laighean, bhí frustrachas an phobail le brath. Bhí na Gardaí bailithe le chéile os comhair an Tí, agus grúpaí éagsúla i mbun agóide. D’éirigh cuid acu, a bhí ag léirsiú i gcoinne na dianghlasála, fíortheasaí agus tuairiscíodh go raibh deacrachtaí ag polaiteoirí a mbealach a dhéanamh tríd an slua. Taobh istigh den seomra Dála, bhí Mary Lou McDonald agus Micheál Martin in adharca a chéile arís agus iad ag caint ar an éigeandáil fuinnimh. Dar le Mary Lou, ba cheart uasteorainn a chur ar bhillí aibhléise, chun “faoiseamh agus cinnteacht” a thabhairt do theaghlaigh atá buartha faoin ardú a bheas ar na billí i mbliana. Plean níos ciallmhaire atá ag an rialtas, dar le Micheál Martin, plean a deir sé nach dtabharfadh saorchead do chomhlachtaí fuinnimh a rogha praghas a ghearradh le linn an gheimhridh.

Ag labhairt le polaiteoirí an rialtais agus an fhreasúra araon, tá siad ar fad ar aon intinn nach mbeidh smacht againn ar an gcostas maireachtála i mbliana, agus go dteastóidh cúnamh ón rialtas go géar ón bpobal. Ní aontaíonn siad faoin gcur chuige is fearr le tabhairt faoi. Deir an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil an t-airgead ann toisc go ndearnadh an geilleagar a bhainistiú go héifeachtach agus go gcuirfear pacáiste cuimsitheach ar fáil. An pobal a thabharfaidh breithiúnas ar éifeacht agus láidreacht an phacáiste, agus gach seans go mbeidh cleachtadh níos mó againn ar agóidí teasaí os comhair na Dála roimh theacht an earraigh an bhliain seo chugainn.

Níor cuireadh fáilte mhór roimh na rudaí eile a d’fhógair an rialtas ar a gcéad lá ar ais ach oiread.

Thug an Tánaiste le fios go raibh an t-íosphá le hardú agus go gcuirfear 80c leis ó Eanáir na bliana seo chugainn. Cuspóir tábhachtach don rialtas, dar le Leo Varadkar, go mbeadh fiúntas ag baint leis an saol oibre. Deir lucht an fhreasúra, agus na ceardchumainn, nach leor an méid atá beartaithe toisc ardú a bheith ar an ráta boilscithe.

D’fhógair Stephen Donnelly, an tAire Sláinte, go gcuirfidh an rialtas frithghiniúint saor in aisce ar fáil do mhná idir 17-25 bliain d’aois láithreach – céim mhór chun tairbhe don tír a d’fhulaing faoi scáth na hEaglaise Caitlicí le fada an lá agus a chuir cosc ar fhrithghiniúint roimhe seo, a dúradh. Bhí tuairim eile ag daoine ar na meáin shóisialta áit ar tugadh plean ‘Leonardo DiCaprio’ ar phlean an rialtais  mar nach bhfuil sé dírithe ach ar mhná faoi aois 25.

In ainneoin na ngéarchéimeanna ar fad, níor chaill na polaiteoirí an deis a náire a ligean leis na comharsana. Rinneadh an-chuid cainte ar Phaschal Donohue agus an ról atá aige sa mBruiséil mar Uachtarán ar an nGrúpa Euro. Tá faitíos anois ar Fhine Gael go gcaillfeadh Éire an ról seo dá gcuirfí as an Roinn Airgeadais é ag deireadh na bliana, mar atá pleanáilte le go mbeadh cothromaíocht sa gcomhrialtas faoi cheannaireacht Leo Varadkar, a thiocfaidh i gcomharbacht ar Mhicheál Martin ar an 15 Nollaig. Agus an Tánaiste ag labhairt leis na meáin an tseachtain seo, dúirt sé go mbeadh sé tábhachtach d’Éirinn guth lárnach láidir a bheith acu in aon idirbheartaíocht eacnamaíochta amach anseo. Agus an oiread sin cainte ar an ngeimhreadh fada fuar atá romhainn, seans go dteastaíonn sé níos géire uainn anois ná riamh.

Fág freagra ar 'Taobh amuigh de Theach Laighean, bhí frustrachas an phobail le brath…'