Taispeántas ealaíne i POTA café, Seoladh leabhar Mháire Dinny Wren, Liú Lúnasa i mBéal Feirste, Compántas drámaíochta nua i nGaillimh

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

Taispeántas ealaíne i POTA café, Seoladh leabhar Mháire Dinny Wren, Liú Lúnasa i mBéal Feirste, Compántas drámaíochta nua i nGaillimh

EALAÍN

Taispeántas Ealaíne Lorna Moylan ag POTA café

Tá taispeántas ealaíne leis an ealaíontóir Gaillimheach, Lorna Moylan, le feiceáil faoi láthair i POTA café i mBaile na hAbhann, Conamara. Seo é an chéad taispeántas aonair le Moylan, cé go mbíonn a saothar le feiceáil ar líne ar a cuntas Instagram. Tarraingíonn Moylan ar radharcanna den fharraige agus ar an dúlra ina saothar agus tá meascán pictiúr aici sa taispeántas idir íomhánna móra farraige agus phortráidí beaga d’ainmhithe. Tá an taispeántas le feiceáil i POTA faoi láthair i rith ghnáthuaireanta oscailte.

Péint, cúpla focal agus ól

Beidh ceardlann péinteála trí Ghaeilge á heagrú ag an ealaíontóir Tuathan i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an Luan 18 Lúnasa ón 6 i.n. go 8 i.n. Tabharfar treoir shimplí céim ar chéim le pictiúr a phéinteáil agus beidh frásaí simplí Gaeilge á múineadh ag an am céanna. Deirtear nach rang teanga a bheidh ann, ach gur deis a bheidh ann le cúpla focal a úsáid go nádúrtha fad a bheidh an próiseas cruthaitheach ar bun.

Cuirfear na háiseanna uile ar fáil idir phéint, scuaba agus chanbhás, agus moltar éadaí a chaitheamh gur cuma leat má théann braoinín péinte orthu. Beidh pictiúr déanta ag gach duine tar éis na ceardlainne le tabhairt abhaile leo agus cúpla focal Gaeilge freisin. Tá fáilte roimh thosaitheoirí agus cainteoirí líofa.

Costas £10 atá ar na ticéid. Tuilleadh eolais agus ticéid ar fáil anseo.

FÉILTE

Léacht bhliantúil Raidió Fáilte agus Siúlóid Staire ag Féile an Phobai

Leanfar ar aghaidh an deireadh seachtaine seo le himeachtaí Fhéile an Phobail i mBéal Feirste. Beidh Léacht Bhliantúil Raidió Fáilte ar bun inniu ag a 1 i.n. i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Is í Bríd Ó Gallchóir, stiúrthóir an chompántais drámaíochta Gaeilge, Aisling Ghéar, a thabharfaidh léacht na bliana seo. Tá an ócaid seo saor in aisce agus ní gá áirithint a dhéanamh roimh ré.

Beidh siúlóid staire threoraithe leis an Ollamh Fionntán de Brún ar bun ar an Satharn, 9 Lúnasa ón 10 r.n. go dtí 12 i.n. Díreofar ar stair na Gaeilge agus Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste, ag tosú sna seomraí tionóil agus ag críochnú ag Raidió Fáilte. Imeacht trí Ghaeilge atá i gceist agus tógfaidh sé thart ar uair a chloig go leith. Cuirfear sólaistí ar fáil ag ceann scríbe. Tá an t-imeacht seo saor in aisce ach is gá áit a chur in áirithe roimh ré. Clár agus tuilleadh eolais ar fáil anseo.

 

Ceol, litríocht, ealaín agus neart eile ag Féile Liú Lúnasa

Filleann an fhéile Liú Lúnasa ar Bhéal Feirste den 11ú bliain as a chéile agus clár bríomhar imeachtaí leagtha amach d’idir óg agus aosta. Cuirfear tús oifigiúil leis an bhféile ar an Aoine, 15 Lúnasa i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich agus leanfaidh an fhéile ar aghaidh ar feadh seachtaine. Tá neart imeachtaí leagtha amach don tseachtain, idir cheol, litríocht, ealaín, cheardlanna agus imeachtaí teaghlaigh.

Ar chuid de na himeachtaí, beidh siúlóid staire trí iarthar Bhéal Feirste ar an 17 Lúnasa le Ciarán Mac Giolla Bhéin. Beidh seoladh oifigiúil ar an leabhar haiku ‘I Muinín na nDúl’ le Máire Dinny Wren ag am lóin ar an Satharn, 16 Lúnasa, sa gCultúrlann. Cuirfear oíche scéalaíochta ar bun i dTigh Madáin i gcuimhne ar an gcraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí ar an 21 Lúnasa. Tuilleadh eolais agus ticéid ar fáil ar shuíomh idirlín Chultúrlann McAdam Ó Fiaich.

CEOL

Immram le Neil Ó Lochlainn ar Oileán Cléire

Beidh Immram le Neil Ó Lochlainn ar siúl Dé hAoine, 8 Lúnasa ag 8pm i gColáiste Pobail Chléire, sraith cheoil a spreag na dánta céanna ó bhailiúchán Feis leis an bhfile Nuala Ní Dhomhnaill. Sa saothar seo faighimid ceol traidisiúnta, sean-nós, snagcheol agus ceol comhaimseartha i stíl nach gcloíonn le haon chineál amháin ceoil.

Tá buíon ceoltóirí ag glacadh páirt san ócáid, lena n-áirítear Eithne Ní Chatháin, Pax Ó Faoláin, Eilís Lavelle, agus Ó Lochlainn féin. Tá ticéid agus tuilleadh eolais ar fáil anseo.

RÁSAÍ BÁD

Cruinniú na mBád, Cinn Mhara

Cruinniú na mBád i gCinn Mhara

Cuirfear tús inniu le féile Chruinniú na mBád i gCinn Mhara i gCo. na Gaillimhe agus leanfaidh an fhéile ar aghaidh ar feadh an deireadh seachtaine. Beidh margadh feirmeoirí Chinn Mhara ar bun ón 10 r.n. go dtí a 2 i.n. ar Bhóthar Theach na Cúirte. Cuirfear taispeántas ealaíne KAVA ar bun i rith an lae agus beidh ceol beo le Tom Portman ann sa tráthnóna. Cuirfear clár mór imeachtaí ar bun i gcaitheamh an deireadh seachtaine idir imeachtaí ar tír is ar muir. Beidh rás na ngleoiteoga beaga ag 3:30 i.n. ar an Satharn agus na gleoiteoga móra ag a 4 i.n. Beidh rás na mbáid mhóra agus na leathbháid ar an Domhnach.

Tuilleadh eolais agus clár na féile anseo.

Fág freagra ar 'Taispeántas ealaíne i POTA café, Seoladh leabhar Mháire Dinny Wren, Liú Lúnasa i mBéal Feirste, Compántas drámaíochta nua i nGaillimh'