Bhíomar ag rá le fada an lá go dtabharfadh muid cuairt chuimhneacháin ar reilig i bPort Laoise. Ár gclub leabhar beag áitiúil a bhí i gceist agus bhíomar le duine dár gcairde a chomóradh deich bliana ó bhásaigh sí go tobann.
Bheartaigh muid tamall a chaitheamh ina contae dúchais chun lá comórtha a dhéanamh as agus tháinig duine againn ar eolas faoin teach ársa Emo Court.
Le hOifig na nOibreacha Poiblí anois é ach tá stair chasta ag baint leis an teach seo. Tá ceangal aige fiú amháin leis an long mhí-ámharach an Titanic, ach ní bheadh a fhios sin agat ar an gcéad amharc.
Ghlac muidne le turas treoraithe agus is maith is fiú a leithéid a dhéanamh in aon cheann de na hionaid ar leis an OPW iad. Uair an chloig a mhair an turas agus bhí an chaint lán le heolas faoin teach, faoi na tiarnaí agus na húinéirí éagsúla a bhí ann le cúpla céad bliain.
Ba é an t-ailtire mór le rá James Gandon a dhear an teach i 1790. B’eisean a bhí taobh thiar de Theach an Chustaim, Tithe na Parlaiminte [an tseanpharlaimint, Banc na hÉireann anois), agus creid é nó ná creid, Abbeville, teach cónaithe Chathail Uí Eochaidh i dtuaisceart chontae Bhaile Átha Cliath. Ní mór na tithe cónaithe príobháideacha a rinne sé – ba mhó an cleachtadh a bhí aige ar fhoirgnimh mhóra áirgiúla ar nós Na Ceithre Cúirteanna, Kings Inn [Óstaí an Rí], agus a leithéid.
Níor chríochnaigh Gandon an teach in Emo Court ach críochnaíodh ar deireadh é faoi stiúir ailtire eile, 70 bliain ina dhiaidh sin.
Ba le Tiarnaí móra an chontae sin, Tiarnaí Portarlington, an teach i dtús ama, agus bhí an t-eastát ar cheann de na heastáit ba mhó sa tír. Páirc an Fhionnuisce an t-aon eastát sa tír a bhí níos fairsinge ná eastát an dream a bhí i dteach Ioma.
Ar ndóigh níorbh é Cúirt Emo an t-aon teach a bhíodh ag leithéidí na dTiarnaí agus bhídís ag caitheamh ama freisin ina dtithe móra i Sasana.
Thagadh cuairteoirí a bhain leis an uasaicme go minic ag an teach. Go deimhin, dúradh go rabhthas á mheas uair amháin mar theach a d’fhéadfadh a bheith ag mac de chuid Bhanríon Victoria Shasana – Prionsa na Breataine Bige, a bhí ina Rí ina dhiaidh sin (Edward VII).
Tháinig Winston Churchill ann ina chuairteoir óg agus é cúig bliana d’aois. D’fhoghlaim sé marcaíocht, ar asal, agus caitheadh go talamh é. Ní cuimhní maithe a bhí aige ar chontae Laoise, a dúirt an treoraí linn. Ach bhí cuimhne eile ag duine dár gclub leabhar féin – cuimhne a bhí ag a hathair a d’oibrigh i monarcha bagúin áitiúil Denny’s. Dar léi siúd, chuirtí bagún anonn go rialta as monarcha Denny’s chuig Winston Churchill le linn an dara Cogadh Domhanda.
B’fhéidir gur tugadh slisne bagún dó tar éis na timpiste leis an asal agus gur uaidh sin a fuair sé an dúil ann.
Faoi thús an fichiú haois, bhí stair fhada thiarnaí Portarlington agus theach ársa Emo ag teacht chun deiridh. Díoladh an chuid is mó den talamh le Coimisiún na Talún. Ina dhiaidh sin, cuireadh an teach ar díol agus cheannaigh Ord na nÍosánach é.
Rinne na hÍosánaigh coláiste as. Ní raibh aon ghanntanas sagart ann an uair sin – bhí os cionn 500 mac léinn ag staidéar ann i gcaitheamh na mblianta. Agus ar feadh beagnach tríocha bliain ó 1930 go dtí 1957, bhí sagart amháin ann a bhain cáil dhomhanda amach – ach ní mar gheall ar chúrsaí creidimh.
Chuaigh an tAth Frank Browne chuig an gcoláiste mar shagart misin – ní i bun misinéireachta thar lear a bhí sé ach d’oibrigh sé in Éirinn ó cheann ceann na tíre.
Fear mor ceamaradóireachta ab ea an tAthair Browne agus bhí sé tar éis cáil dhomhanda a bhaint amach blianta roimhe sin nuair a chuaigh sé ar bord an Titanic agus í ar a turas ó Shasana go dtí Cóbh. B’in an chéad turas agus an turas deireanach a rinne an long chéanna. Ach ar an turas gearr go Cóbh, ghlac an tAth Browne lear mór grianghraf den saol ar an long – na huaisle i mbun caitheamh aimsire, criú agus captaen na loinge, an t-innealra agus fearaistí na loinge, chomh maith le pictiúir den long sular sheol sí.
Nuair a shroich sé Cóbh, bhí fonn air fanacht uirthi don turas uilig go Meiriceá agus go deimhin bhí paisinéir saibhir ar bord a bhí sásta íoc as. ‘Leave that ship now – Provincial,’ an freagra borb a fuair sé ó cheannasaí an Oird nuair a chuir sé teileagram chuige ag iarraidh cead fanacht ar bord. An t-ordú sin a shábháil sé a bheatha.
Ghlac an tAth. Browne os cionn 5,000 pictiúr an fhad is a bhí sé sa choláiste -nó i gCúirt Emo. Chuir sé a chuid pictiúr agus gach ar bhain leo i mboscaí agus níor frítheadh iad go dtí amach sna 1980idí. Bhíodar i ndroch-chaoi ach le cabhair deontais éagsúla, athchóiríodh iad agus is bailiúchán fíorthábhachtach pictiúr iad a bhaineann le chuile ghné de shaol na hÉireann, chomh maith le stair thragóideach an Titanic.
Lena gceart a thabhairt do na hÍosánaigh, níor tharraing siad Emo Court as a chéile chun coláiste sagartóireachta a dhéanamh as. Cinnte, thógadar séipéal istigh ina lár, agus leagadar ballaí agus doirse anseo is ansiúd. Ach nuair a bhain siad aon rud amach as an teach – tinteán mar shampla, nó colúin – leagadar go cúramach iad thíos sa siléar faoin teach nó i seomraí nach raibh in úsáid acu féin.
Mar sin, nuair a d’imigh na sagairt i 1969 agus nuair a cuireadh an teach ar díol arís, bhí an fear a cheannaigh é, in ann gach rud a chur ar ais san áit ba dual dóibh.
Fear saibhir a raibh baint aige le stocbhróicéireacht ab ea an Cholmeley Dering Cholmeley-Harrison a cheannaigh Cúirt Emo i ndeireadh na seascaidí.
Rinne sé gach rud ab fhéidir leis an teach a chur ina cheart arís – chaith sé suimeanna móra airgid le seomraí a chóiriú, le troscáin agus pictiúir a chur ar ais san áit a mbíodh siad. Ní hé amháin sin, ach d’athchóirigh sé na gairdíní chun an áilleacht a bhíodh iontu a thaispeáint arís.
D’fhág an Maor Cholmeley, agus é ag dul in aois, an teach ag an Stát ach thóg sé beagnach tríocha bliain sula raibh an Stát agus Oifig na nOibreacha Poiblí in ann é a oscailt go hiomlán don phobal. Tá sárobair déanta acu agus daoine maithe acu ag obair ann anois ag tabhairt chuile eolas do chuairteoirí.
Thugamar cuairt ina dhiaidh sin ar an reilig ina bhfuil ár gcara curtha. Sheasamar tamall ansin agus a cuimhní féin ag gach duine ar bhean álainn a bhásaigh i bhfad ró-óg. Agus muid ag iarraidh rud éigin feiliúnach a rá, chuimhnigh duine amháin ar phaidir a chum an Cairdinéal Newman, blianta fada ó shin.
Agus tar éis ár gcuairt ar Theach ársa Emo, beidh cuimhne níos fearr againn ar chontae dúchais ar gcara – contae Laoise, agus ar an stair a bhaineann leis.
Gabriel Rosenstock
“Tháinig Winston Churchill ann ina chuairteoir óg agus é cúig bliana d’aois. D’fhoghlaim sé marcaíocht, ar asal, agus caitheadh go talamh é . . .”
Ní hionadh liom gur caitheadh go talamh é!
Criostóir Ó Maonaigh, An Astráil
Nár dheas é ag Winston easpórtáil rúnda bágún na hÉireann a chuir ar aghaidh tríd an Cogadh? Rud tábhachtach ab ea é chun Impireacht na Breataine a chaomhnú is docha – anuas ar sin ba leigheas é ar maidin t’réis cúpla buidéal an oíche roimh ré? N’fheadar ach i mbád fé thoinn a tháinig na ‘rashers’ chuige ina shiléar fé thalamh?