Bean óg Ghaeltachta ainmnithe ina captaen ar fhoireann rugbaí Chonnacht

Is as Ros an Mhíl i nGaillimh do Nic Dhonnacha, atá 21 bliain d’aois, agus í ag imirt le foireann shinsir ban Chonnacht ó 2023

Bean óg Ghaeltachta ainmnithe ina captaen ar fhoireann rugbaí Chonnacht

Bean Ghaeltachta a bheidh ina captaen ar fhoireann ban rugbaí Chonnacht don séasúr nua agus é fógartha go bhfuil an cúram tugtha d’Éabha Nic Dhonnacha

Is as Ros an Mhíl i nGaillimh do Nic Dhonnacha, atá 21 bliain d’aois, agus í ag imirt le foireann shinsir ban Chonnacht ó 2023. Bhronn Connacht an gradam don Imreoir Ban Faoi 18 is Fearr ar Nic Dhonnacha an bhliain chéanna.

D’imir Nic Dhonnacha, iardhalta de chuid Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua le foirne faoi aois na hÉireann chomh maith.

Cé go bhfuil Nic Dhonnacha óg, dúirt príomhchóitseálaí Chonnacht, Emer O’Dowd nach bhfuil aon easpa taithí ag cur as di.

“Tá a lán taithí ag Éabha tar éis di teacht isteach sa scuad cúpla bliain ó shin ó fhoireann faoi 18 Chonnacht,” a dúirt sí leis an IRFU.

“Tugann sí dea-shampla i gcónaí, lena ceart a thabhairt di. Tá pearsantacht aici, is Gaeilgeoir í. Éisteann na cailíní eile léi agus beidh siad spreagtha aici.

“Tá’s agam gur lá an-bhródúil di a bhí ann nuair a ghlaoigh mé uirthi lena rá léi go raibh sí ainmnithe ina captaen againn.”

Beidh Nic Dhonnacha, a imríonn i measc na gcúlaithe, mar chuid d’fhoireann Chonnacht a chuirfidh tús le Craobh Idirchúige na mBan an deireadh seachtaine seo. Imreoidh Connacht in aghaidh Chúige Mumhan thíos i Musgrave Park i gCorcaigh Dé Domhnaigh ag 16:15.

Craolfar na cluichí uile ó chomórtas na bliana seo ar chainéal Youtube Spórt TG4. Imreoidh Cúige Laighean agus Cúige Uladh in aghaidh a chéile sa gcéad chluiche i mbliana i Staid Dhomhnach Broc ag 14.30 Dé Domhnaigh beag seo.

Imreofar na cluichí sa dara babhta ar an 16 Lúnasa, beidh an tríú babhta cluichí ann ar an 23 Lúnasa agus imreofar na babhtaí ceannais Dé Sathairn 30 Lúnasa i nDomhnach Broc.

Fág freagra ar 'Bean óg Ghaeltachta ainmnithe ina captaen ar fhoireann rugbaí Chonnacht'