Tá gradam bronnta ar Dhrioglann agus Ionad Cuairteoirí Chroithlí i nGaeltacht Dhún na nGall. Tá an gradam TripAdvisor Travellers’ Choice Award 2025 bunaithe ar scóranna agus léirmheasanna dearfacha ó chuairteoirí as ceithre hairde an domhain.
Dúirt Catherine Nic Grianna, Bainisteoir Ionad na gCuairteoirí, go raibh siad “thar a bheith sásta” leis an ngradam seo agus nach don drioglann amháin atá an t-aitheantas seo ag dul ach “do gach duine a shiúil isteach fríd na doirse” agus a thóg rud beag ama chun rud inteacht deas a rá.
“Coinníonn an t-aiseolas a fhaigheann muid ó na cuairteoirí muid ag imeacht, ó dhaoine áitiúla a bhíonn ag foghlaim faoinár stair shaibhir, go dtí cuairteoirí idirnáisiúnta a thagann anseo chun foghlaim faoinár n-oidhreacht Ghaeltachta,” a dúirt sí.
Thart ar mhí ó shin, bhí an drioglann ag ceiliúradh 3 bliana ar an bhfód, agus deir Nic Grianna go bhfuil sé ‘thar a bheith speisialta” an gradam a fháil díreach i ndiaidh dóibh an chloch mhíle sin a bhaint amach.
Bunaíodh Drioglann Chroithí in 2018 agus rinneadh infheistíocht mhór sa bhfoirgneamh stairiúil ina bhfuil siad lonnaithe, a tógadh ar dtús sa bhliain 1901.
Fág freagra ar 'Gradam idirnáisiúnta bronnta ar dhrioglann Ghaeltachta'