Tá sé fógartha go bhfuil an tOllamh David J. Burn ceaptha ina Uachtarán nua ar Ollscoil na Gaillimhe.
Tá an tOllamh Burn, a bhí ina Leas-Seansailéir Ionaid Dhámh na nEolaíochtaí Leighis in Ollscoil Newcastle, le tosú ar a théarma i mí Mheán Fómhair 2025.
Tiocfaidh an tOllamh Burn i gcomharbacht ar an Ollamh Peter McHugh a raibh an post aige ar bhonn eatramhach ó Mheán Fómhair 2024, nuair a d’éirigh an tUachtarán deireanach, Ciarán Ó hÓgartaigh, as an ról.
Beidh an Sasanach ar an 14ú hUachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe.
Bhí an tOllamh Burn ina Leas-Seansailéir Ionaid ar Dhámh na nEolaíochtaí Leighis, Ollscoil Newcastle ó 2017 i leith, áit a raibh sé i gceannas ar mhórthionscnaimh athruithe a bhain le hathstruchtúrú na foirne teagaisc; luas a chur faoi fheidhmíocht taighde; an comhionannas, an éagsúlacht agus an cuimsiú a chur chun cinn; agus borradh a chur faoin idirnáisiúnú. Is Ollamh le Néareolaíocht Neamhord Gluaiseachta agus Néareolaí Comhairleach Oinigh d’Iontaobhas NHS Ospidéil Newcastle upon Tyne é chomh maith agus is é an tUachtarán tofa ar an gCumann Idirnáisiúnta Parkinson agus Neamhord Gluaiseachta.
Is é Burn an chéad uachtarán ar an ollscoil le breis is 100 bliain nach bhfuil Gaeilge aige. Fuair Ollscoil na Gaillimhe réidh in 2016 leis an riachtanas a bhíodh ann go mbeadh líofacht sa nGaeilge ag uachtarán na hollscoile. Bhí tiomantas chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus tacú leis an nGaeltacht luaite sa gcur síos ar phost an uachtaráin nuair a fógraíodh é.
Tosóidh Burn ina phost nua mar Uachtarán ar an Ollscoil ar an 8 Meán Fómhair 2025, an chéad lá den téarma nua.
Dúirt an tOllamh Burn gur mór an onóir dó a bheith ceaptha mar uachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe.
“Bíodh is gur rugadh agus gur tógadh in Oirthuaisceart Shasana mé, tá nasc láidir pearsanta agam le hÉirinn le breis agus 35 bliain agus tá seantaithí agam ar a hoidhreacht shaibhir agus a cultúr bríomhar. Tá mé ag súil le bheith ag obair as lámha a chéile le comhaltaí foirne agus le mic léinn chun lánacmhainneacht Ollscoil na Gaillimhe a bhaint amach, agus tá mé ar bís faoinar féidir linn a bhaint amach le chéile.”
Dúirt an Dr Máire Geoghegan-Quinn, Cathaoirleach Údarás na hOllscoile, gur ceapadh an tOllamh Burn tar éis próiseas measúnaithe a bhí “dian agus iomaíoch”.
“Tá neart taithí ag an Ollamh Burn i gceannaireacht Ollscoile agus cúram sláinte agus tá fís láidir curtha i láthair aige chun foireann agus mic léinn Ollscoil na Gaillimhe a spreagadh le go rachaidh an Ollscoil ar leith seo ó neart go neart,” a dúirt sí.
Mícheál Ó Flaithearta
Saoi Iú Burn i nGaillimh gan Ghaeilge! Sa chathair ‘dhá-theangach sin’ mar dhea!