Maoiniú €250,00 thar thréimhse trí bliana ceadaithe ag Aire na Gaeltachta do CONCOS

Cheadaigh an tAire Dara Calleary an t-airgead chun tacú le CONCOS a clár oibre a chur i bhfeidhm idir seo agus 2027

Maoiniú €250,00 thar thréimhse trí bliana ceadaithe ag Aire na Gaeltachta do CONCOS

Tá maoiniú €250,000 thar thréimhse trí bliana fógartha ag an Aire na Gaeltachta do CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí samhraidh Gaeilge.

Cheadaigh an tAire Dara Calleary an t-airgead chun tacú le CONCOS a clár oibre a chur i bhfeidhm idir seo agus 2027.

Déanann CONCOS feachtasaíocht ar son na gcoláistí Gaeilge agus cuireann an scáthghrúpa seirbhís leanúnach comhairliúcháin ar fáil don earnáil maidir le cúrsaí cosanta leanaí agus cúrsaí sábháilteachta dóiteáin ach go háirithe.

Cuireann an eagraíocht, a bunaíodh i 1968, tacaíocht ar fáil chomh maith don os cionn 500 teaghlach atá aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a sholáthraíonn lóistín do na scoláirí.

D’fhógair an tAire Calleary an tseachtain seo caite ardú ar an liúntas a íoctar le fir agus mná tí as lóistín a chur ar fáil do dhaltaí na gcoláistí samhraidh.

“Níl ceist ar bith faoin tábhacht a bhaineann le hearnáil na gcoláistí Gaeilge don Ghaeilge agus don Ghaeltacht,” a dúirt an tAire Calleary agus é ag fógairt an deontais inniu.

“Tá ról lárnach ag CONCOS mar gheallsealbhóir ó thaobh cur chun cinn na hearnála, dar ndóigh, san obair luachmhar, riachtanach atá idir lámha acu. Tá áthas orm, dá réir, go bhfuil ar chumas mo Roinne a bheith ábalta tacú leis an obair sin agus leis an earnáil i gcoitinne arís an tseachtain seo.”

Infheistíocht os cionn €6m sa mbliain a dhéanann Roinn na Gaeltachta in earnáil na gcoláistí Gaeilge.

Fág freagra ar 'Maoiniú €250,00 thar thréimhse trí bliana ceadaithe ag Aire na Gaeltachta do CONCOS'