Táirgí nua cúram cnis ó bhandia i saol na háilleachta le fáil i Penneys ón lá amárach

Idir €4 agus €6 an ceann a bheidh ar an 20 táirge nua ó Alex Steinherr a bhí ag obair faoi rún ar an tionscnamh seo le dhá bhliain anuas

Táirgí nua cúram cnis ó bhandia i saol na háilleachta le fáil i Penneys ón lá amárach

Sibhse a bhfuil spéis ar leith agaibh i gcúrsaí cúram cnis tuigfidh sibh go raibh Alex Steinherr ina bandia sna cúrsaí sin le tamall. Iriseoir as Londain í an bhean seo a thugadh comhairle stuama i gcónaí faoi tháirgí agus faoi aon chur chuige nua i saol na háilleachta.

Bhuel, tháinig dea-scéal chugainn níos túisce an tseachtain seo nuair a fógraíodh go raibh sí ag obair i ngan fhios don saol mór le dhá bhliain anuas ar shraith nua d’ábhair cúram cnis a thiocfaidh ar an margadh den chéad uair amárach i siopaí de chuid Primark – Penneys sa tír seo. Ach is geall le míorúilt ón mbandia é go mbeidh na táirgí seo ar díol ar phraghsanna idir €4 agus €6 an ceann.

Ar a cuntas Instagram, áit a bhfuil 173,000 leantóir aici, a d’fhógair sí an scéala faoi na táirgí nua – ‘an approachable, results-driven skincare range, ensuring everyone can afford their most beautiful skin’.

Chuir an iris mór le rá Vogue an scéal amach ar líne ar an bpointe. 

Dúirt Steinherr agus í ag fógairt an scéil gur mhinic lagmhisneach uirthi faoin gcaighdeán a bhain le cuid de na táirgí cúram cnis ba shaoire a bhí ar an margadh agus gur theastaigh uaithi táirgí fiúntacha a fhorbairt a mbeadh praghas an-íseal orthu.

20 táirge difriúil atá sa mbailiúchán ar a dtugtar Alex Steinherr X Primark.

Is fiú na hábhair nach bhfuil in úsáid sna táirgí nua seo a lua. Tá siad go hiomlán saor ó chomhábhair ar nós parabens, phthalates, ola eisintiúil agus sulfáití.

Ní raibh cruálacht nó drochíde d’ainmhithe i gceist i dtástáil na dtáirgí, tá siad saor ó bholadh agus tá siad oiriúnach do veigeáin.

Meascán de chomhábhair atá sábháilte agus seanbhunaithe chomh maith le hábhair nuálacha atá in úsáid sa mbailiúchán nua.

Tá an 20 táirge roinnte faoi chúig cinn de cheannteidil – ‘Sleep Spa’, ‘Pore Balance’, ‘Maximum Moisture’, ‘Plump & Glow’ agus ‘Pollution Solution’- tá sé soiléir go maith cén aidhm atá le gach ceann acu.

Tá an t-ardmheas atá ar Alex Steinherr tuillte aici de bharr a cuid oibre mar bhlagadóir agus mar stiúrthóir áilleachta leis na hirisí Glamour (breis agus 10 mbliana) agus Cosmopolitan (6 bliana). Ba mar fháilteoir in oifigí na hirise Marie Claire a thosaigh sí ag obair ar dtús.

A seanmháthair, dearthóir agus déantóir éadaí faisin san Ostair, a spreag a suim i gcúrsaí áilleachta den chéad uair mar ba mhinic irisí faisin ar fud an tí aici.

Chaith Alex Steinherr blianta ina cónaí i Meiriceá Thuaidh agus Theas agus tamall eile sa Bheilg, ach is sa Bhreatain a chónaíonn sí anois.

Is cinnte go mbeidh a hainm in airde feasta áit ar bith a bhfuil siopa Primark nó Penneys.

Fág freagra ar 'Táirgí nua cúram cnis ó bhandia i saol na háilleachta le fáil i Penneys ón lá amárach'

  • Grace

    I mo thuairim, sílim go mbeidh an-tóir ar na táirgí seo sa phobal. Ta siad saor agus ní raibh cruálacht nó drochíde d’ainmhite i gecist i dtástáil na dtáirgí. Tá na táirgí foirfe!