Táirgí áilleachta agus cúram cnis i bhféilire iontach Aidbhinte ó Aldi

€49.99 an costas ar an bhféilire seo atá lán bronntanas agus is iontach an luach ar airgead é a deir ár gcomhfhreagraí

Táirgí áilleachta agus cúram cnis i bhféilire iontach Aidbhinte ó Aldi

Tuigim go maith go bhfuil sé róluath fós a bheith ag caint ar shéasúr na Nollag ach tá cúis mhaith agam inniu a bheith ag smaoineamh air. Cuimhním fós ar Lá Nollag agus mé óg, ag oscailt an píosa seacláide deireanaí  ó m’fhéilire Aidbhinte. Ach ní seacláidí ach táirgí beaga áilleachta agus cúram cnis atá i bhfolach sa bhféilire Aidbhinte atá á mholadh agam daoibh anseo inniu.

Ón gcomhlacht Gearmánach Aldi a thagann an féilire speisialta seo, ní nach ionadh b’fhéidir ó tharla gur nós Gearmánach ó thús an 19ú haois é, é an féilire Aidbhinte. Níl amhras ar bith orm ach go bhfuil an féilire a chur siad ar an margadh ina gcuid siopaí sa tír seo ar an Domhnach seo caite ar an gceann is fearr agus is deise ata feicthe agam le blianta.

Tá 24 bronntanas beag, idir uachtar don chorp, uachtar láimhe, folcadh colainne agus aghaidhe, cumhrán, agus coinnle i bhfolach sa bhféilire – ceann do gach lá sa tseachtain ó thús na hAidbhinte go lá Nollag.

An rud is suntasaí faoi na táirgí beaga seo gur macasamhail, nó glanaithris, iad ar tháirgí ón dearthóir mór le rá, Jo Malone. Go bunúsach, is ‘dupes’ iad ach ní cóipeanna saora iad seo ná baol air.  

Tá na bolaithe cumhráin céanna in úsáid agus a bhíonn i dtáirgí Jo Malone – Pomegranate, Lime, Basil & Mandarin, Amber & Ginger, Freesia & Pear, Blackberry & Bay, Peony Blush agus Velvety Rose.

€49.99 an costas atá ar an bhféilire aidbhinte seo agus is iontach an luach ar airgead é.

Dhéanfadh sé bronntanas álainn do dhuine ar bith, nó fiú duit féin! Sin an chúis go bhfuil mé ag tagairt do shéasúr na Nollag inniu mar nach bhfuil fágtha go tús na hAidbhinte ach trí seachtaine anois. Tá baol láidir ann go mbeidh sé deacair lámh a leagadh ar cheann de na féilirí seo nuair a scaipfidh an scéal fúthu. 

Spreag an táirge seo mé le breathnú ar an suíomh gréasáin ag Jo Malone, an comhlacht  a thug ‘inspioráid’ do Aldi sa chás seo, agus, creid é nó ná creid, tá a bhféilire Aidbhinte féin acusan ach tá costas €360 air.  Déarfainn gur rogha iontach ar fad a bheadh ansin don té gur acmhainn dóibh an méid sin airgid a chaitheamh, ach is ionann é agus €15 in aghaidh an lae do gach lá den Aidbhint.

Ach ní gá go mbeadh imní ar bith ort go bhfuil cuma shaorga nó shuarach ar leagan Aldi den táirge. Tá an dearadh, an pacáistiú agus an leagan amach chomh tarraingteach céanna. Dá mbeadh rogha agam féin idir ceann Aldi agus ceann oifigiúil Jo Malone, roghnóinn ceann Aldi agus choinneoinn an €300 de dhifríocht sa phraghas i mo sparán!

Ar ndóigh, tá iliomad comhlachtaí eile ag tairiscint féilirí Aidbhinte na laethanta seo – ceann ó Nars (€195), Molton Brown (€200), Charlotte Tilbury (€185) agus ceann iontach ó Marks & Spencer atá ar fáil ar €40 má chaitheann tú €40 eile sa siopa. Go deimhin, tá cinn nua ag teacht ar an margadh gach lá anois.

Agus fad is atá tú in Aldi, cloisim go bhfuil féilire Aidbhinte eile acu agus buidéilín beag fíona ann do gach lá idir tús na míosa seo chugainn go Lá Nollag féin. Sin plean B.

Fág freagra ar 'Táirgí áilleachta agus cúram cnis i bhféilire iontach Aidbhinte ó Aldi'

  • Pól Ó Braoin

    Bhí an t-ádh orm ceann a fháil mar bhronntanas Nollag do dhuine spéisialta…