‘Táimid réidh anois chun aghaidh a thabhairt ar lá nua’ – ceadú na céime deireanaí díghlasála fógartha ag an Taoiseach

Fógraíodh chomh maith tráthnóna go mbeidh sé éigeantach masc a chaitheamh ar an gcóras iompar poiblí agus go mbeidh cead taisteal thar lear go dtí tíortha áirithe ón 9 Iúil ar aghaidh

‘Táimid réidh anois chun aghaidh a thabhairt ar lá nua’ – ceadú na céime deireanaí díghlasála fógartha ag an Taoiseach

Tá sé deimhnithe ag an Taoiseach Leo Varadkar go mbeifear ag bogadh ar aghaidh Dé Luain go dtí Céim 3 de phlean díchuibhrithe an rialtais, mar a mbeidh deireadh le formhór mór na srianta dianghlasála.

“D’fhulaing muid go dona sa tír seo ach tháinig muid tríd agus táimid réidh anois chun aghaidh a thabhairt ar lá nua,” a dúirt Leo Varadkar anocht.

Dúirt Leo Varadkar nár ghá dó an óráid a chríochnú le dán nó le sliocht, mar go raibh dóchas againn anois arís a bhuíochas don obair chrua a rinne muintir na hÉireann.

Ag labhairt dó ag preasócáid a d’fhéadfadh a bheith ar an gceann deireanach aige mar Thaoiseach go dtí 2022, dúirt Varadkar gurb é an “onóir is mó ina shaol” an post sin a bheith aige le trí bliana anuas.

“Tá trí bliana caite agam i mo Thaoiseach agus is é sin an onóir is mó a bhí agam ó rugadh mé. Is mó a d’fhoghlaim mé le trí mhí ná a d’fhoghlaim mé sa tréimhse ar fad atá caite agam leis an bpolaitíocht,” arsa an Taoiseach.

D’fhógair Varadkar chomh maith go mbeadh cead taisteal thar lear go dtí tíortha áirithe ar an 9 Iúil. Mhol sé do dhaoine gan laethanta saoire a chur in áirithe nó go bhfoilseofaí liosta na dtíortha atá i gceist.

Aon duine a bheidh ag taisteal go dtí ceann de na tíortha a bheidh ar an liosta, ní bheidh air dul ar choraintín ar feadh 14 lá ach a bhfillfidh sé ar Éirinn. Déanfar athbhreithniú ar an liosta gach coicís, bunaithe ar líon na gcásanna den choróinvíreas sna tíortha éagsúla.

Fógraíodh chomh maith tráthnóna go mbeidh sé éigeantach masc a chaitheamh ar an gcóras iompair phoiblí. Ní bheidh aon phionós i gceist ar shárú na rialach.

Beidh cead taistil go dtí oileáin na tíre ag cách ó Dé Luain seo chugainn ar aghaidh. Tá éiginnteacht mhór ann le cúpla seachtain anuas faoi céard a bhí i ndán don chosc taistil i gcás na n-oileán agus easaontas ann faoin gcur chuige ab fhearr.

Mhol an Taoiseach muintir na hÉireann agus na hoibrithe tús líne go háirithe as a raibh curtha díobh acu ó thús na paindéime.

“D’fhoghlaim muid nach cultacha lucht leighis a bhíonn ar gach laoch, tugann cuid acu an post chugainn, agus éide na n-ollmhargaí a bhíonn ar chuid eile acu. Ní amhrán, ná dán, ná sliocht ná briathra inspioráide na focail deiridh atá agam daoibh anocht ach focail bhuíochais do gach uile dhuine agaibh, is agaibh féin amháin atá a fhios an t-ualach trom a bhí le hiompar agaibh.”

Dúirt Leo Varadkar go raibh súil aige nach mbeadh ar Éirinn dul trína leithéid seo go deo arís, ach go gcaithfí ceachtanna a fhoghlaim ón ráig seo agus a bheith faoi réir don dara maidhm den víreas.

Dúirt sé go raibh súil aige go mbeadh lá náisiúnta cuimhneacháin ann amach anseo i gcuimhne ar na daoine ar fad a chuir an coróinvíreas den saol.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go raibh duine amháin eile a raibh an coróinvíreas tolgtha aige básaithe. 

11 cás nua den ghalar a deimhníodh. 

Ní raibh bás aon duine eile de thoradh an ghalair le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus níor deimhníodh ach cás nua amháin ó thuaidh. 

2,274 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,727 duine ó dheas den teorainn agus 547 ó thuaidh di.

30,280 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,405 cás ó dheas den teorainn agus 4,875 cás ó thuaidh di.

Ní raibh aon chás nua le fógairt in aon cheann de na contaetha Gaeltachta. Tá níos mó ná seachtain ann ó aimsíodh cás nua ar bith i nGaillimh, i nDún na nGall ná i gCorcaigh.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, níor fógraíodh aon chás nua i nDún na nGall (464 cás) don 12ú lá as a chéile. Tá 11 lá ann ó fógraíodh cás nua i nGaillimh (485) agus tá ocht lá ann ó fógraíodh cás nua i gCorcaigh (1535).

Tá cúig lá ann ó fógraíodh cás nua i gCiarraí (310) agus ceithre lá ó bhí cás nua le fógairt i Maigh Eo (571). Níor tháinig aon ardú ar líon na gcásanna sa Mhí (808) ná i bPort Láirge (156).

Dúirt an Fhoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) inniu gur daoine faoi 35 bliain an tríú cuid de na daoine ar deimhníodh go raibh an Covid-19 orthu le coicís anuas. Thagair Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, chomh maith don ardú ar an líon cásanna nua i dtíortha eile san Eoraip.

“Baineann 7% de na cásanna a deimhníodh in Éirinn le coicís anuas le cúrsaí taistil. Dúirt NPHET go raibh an-bhaol ann go dtabharfadh daoine a bheadh ag taisteal an galar abhaile leo agus go scaipfeadh sé in athuair sa tír seo.

“Tá rabhadh tugtha ag an ECDC le déanaí nach bhfuil an phaindéim curtha faoi chois. Tá an-dul chun cinn déanta ag Éirinn ó thaobh an Covid-19 a cheansú. Is é an cúram a bheidh orainn anois sna seachtainí seo amach romhainn an dul chun cinn sin a chosaint,” arsa an Dr Holohan.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte go raibh an Covid-19 ag scaipeadh go rábach ar fud an domhain.

“Nuair a fheictear mar atá cúrsaí i dtíortha eile ar fud an domhain ní cóir a bheith réchúiseach. Ní mór a bheith san airdeall i gcónaí ar na contúirtí agus cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí ionad go gcoinneofar daoine slán,” arsa an Dr Ronan Glynn.  

Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil an Rialtas chun cinneadh a dhéanamh gur féidir dul ar aghaidh go dtí Céim 3 den phlean díchuibhrithe, a thiocfaidh i bhfeidhm ar an 29 Meitheamh.

Tá an Rialtas chun a mbeannacht a thabhairt chomh maith tráthnóna do mholadh go mbeadh sé éigeantach masc a chaitheamh ar an gcóras iompair phoiblí.

Tá na srianta maidir le taisteal chun na hÉireann á bplé tráthnóna chomh maith. Níl sé i gceist na srianta sin a scaoileadh ach amháin i gcás tíortha eile a bhfuil an galar curtha faoi smacht acu. 

‘Droichid san aer’ idir Éirinn agus tíortha áirithe eile atá le fógairt ag an Rialtas.

D’fhógair Feidhmeannas Stormont inniu go raibh an treoir maidir leis an scoitheadh sóisialta le laghdú ó dhá mhéadar go dtí méadar amháin agus fógraíodh a thuilleadh dátaí do scaoileadh na srianta.

Fág freagra ar '‘Táimid réidh anois chun aghaidh a thabhairt ar lá nua’ – ceadú na céime deireanaí díghlasála fógartha ag an Taoiseach'