‘Táim an-neirbhíseach anseo!’ – agallamh i nGaeilge déanta ag imreoir ar fhoireann sacair na hÉireann

Deirtear gurb é Scales an chéad fhear a bhí ag imirt le foireann sacair na hÉirinn a rinne agallamh trí Ghaeilge

Tá agallamh i nGaeilge leis an imreoir sacair Liam Scales scaipthe ag an FAI agus an t-imreoir Celtic ag caint ar an dul chun cinn atá déanta aige go dtí seo agus ar an mbród atá air a bheith ag imirt d’Éirinn.

Meastar gurb é Scales an chéad fhear a bhí ag imirt le foireann sacair na hÉirinn a rinne agallamh mar seo trí Ghaeilge.

D’fhreastail an cosantóir, arb as Cill Mhantáin dó, ar Ghaelcholáiste na Mara ar an Inbhear Mór agus rinne sé céim sa Ghaeilge agus sa Tíreolaíocht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Tá Scales, 25, mar chuid d’fhoireann na hÉireann atá ag fáil réidh faoi láthair do chluiche in aghaidh na hÍsiltíre Dé Sathairn i gcomórtas cáilithe EURO 2024. Imreoidh Éire in aghaidh na Nua-Shéalainne ansin i gcluiche dúshláin Dé Máirt.

D’imir Scales a chéad chluiche d’fhoireann shinsir na hÉireann in aghaidh na Gréige an mhí seo caite. Tá sé anois ag imirt go rialta do Celtic san SPL agus i Sraith na gCuradh. Bhí sé ag imirt le UCD agus Shamrock Rovers in Éirinn sular bhog sé anonn go Glaschú in 2021.

Fág freagra ar '‘Táim an-neirbhíseach anseo!’ – agallamh i nGaeilge déanta ag imreoir ar fhoireann sacair na hÉireann'

  • Lillis Ó Laoire

    Treise leis!

  • Ruairí Mac Con Iomaire

    Ní hé baileach, rinne Garreth Farrelly roinnt píosaí le Nuacht Rte/tg4 fadó, iarscoláire de chuid Choláiste Mhuire i mBleá Cliath, a d’imir d’Aston Villa, Everton agus Bolton i measc foirne eile, agus a d’imir 6 hUaire d’fhoireann Sinsir na hÉireann. Ach nach Iontach go bhfuil liam scales anois againn!! 😊

  • Eoin Ó Seachnasaigh

    Is breá leat é a fheiceáil.