‘Tabhair cothrom na Féinne do phobal na Gaeilge’ – litir chuig Varadkar agus May ag éileamh achta

Foilsíodh inniu litir ó 200 duine aitheanta ag éileamh ar Príomh-Aire na Breataine agus an Taoiseach gníomh a dhéanamh maidir le hacht Gaeilge a thabhairt isteach

‘Tabhair cothrom na Féinne do phobal na Gaeilge’ – litir chuig Varadkar agus May ag éileamh achta

Tá litir chuig Príomh-Aire na Breataine Theresa May agus an Taoiseach Leo Varadkar ag éileamh go dtabharfaí acht Gaeilge isteach ó thuaidh sínithe ag os cionn 200 duine aitheanta ó réimsí éagsúla den saol.

I measc na ndaoine a shínigh an litir atá foilsithe inniu ar an nuachtán Feirsteach an Irish News mar chuid d’fheachtas an Dream Dearg, tá na hiarpheileadóirí Peter Canavan agus Jarlath Burns, an ceoltóir Damien Dempsey, an ceannasaí ceardchumainn Patricia McKeown, an gníomhaí teanga aontachtach, Linda Ervine, an feachtasóir Bernadette McAliskey agus an t-ealaíontóir Robert Ballagh.

Is é a deirtear sa litir:

“Éilíonn muidne, na daoine thíosluaite a bhfuil ár n-ainmneacha leis seo, go gcuirfear i bhfeidhm go huile is go hiomlán na coimitmintí a tugadh i gComhaontú Chill Rìmhinn in 2006 maidir le cearta Gaeilge.

“Éilíonn muid mar sin go ndéanfar beart de réir briathair. Munar féidir theacht ar réiteach sásúil sna cainteanna reatha seo, éilíonn muid ar Rialtas na Breataine an t-acht a chur i bhfeidhm de réir a ndualgas i gComhaontú Chill Rìmhinn agus aithníonn muid nach mór do Rialtas na hÉireann a ról mar chomhshínitheoir Chomhaontú Chill Rìmhinn a chomhlíonadh go sásúil fosta. Ba cheart go gcaithfí le pobal na Gaeilge le cothrom na Féinne.”

Tá an litir sínithe chomh maith ag oideachasóirí, polaiteoirí, gníomhaithe pobail agus saineolaithe ar chearta daonna agus ar chearta teanga.

Dúirt duine de lucht sínithe na litreach an tOllamh Colin Harvey, saineolaí i gcúrsaí dlí agus cearta teanga in Ollscoil na Banríona go raibh “géarchéim” faoi láthair “maidir le cearta agus cothromas sa tsochaí seo” agus go gcaithfí dul i ngleic leis an ngéarchéim sin.

Dúirt an ceoltóir aitheanta Damien Dempsey gur “teanga ársa fhíorshaibhir í an Ghaeilge”.

“Cuireann labhairt na Gaeilge go mór le féinbhród, le féintuiscint an Éireannaigh, ar chúrsaí staire, ar chúrsaí féiniúlachta agus ar neart inmheánach an anama, in áit bheith thíos leis an aonchineálachas, nó le mórchultúr Shasana nó Mheiriceá,” arsa Damien Dempsey.

Dúirt an gníomhaí teanga Linda Ervine gur thug an teanga “léargas” nua di ar a hoidhreacht Phreispitéireach féin agus ar an nasc idir Cúige Uladh agus Albain.

“Níor chaill mé rud ar bith ó thug mé faoin turas seo ach d’éirigh liom cuid mhór rudaí nua a bhaint amach. Ba mhaith liom an Ghaeilge a fheiceáil leis an stádas céanna atá ag na teangacha dúchasacha in Albain agus sa Bhreatain Bheag, rud a bheadh ag teacht leis an gcosaint atá ag mionteangacha na hEorpa le fada an lá,” arsa Linda Ervine.

Dúirt Patricia McKeown, Rúnaí Réigiúnach an cheardchumainn UNISON agus duine eile de lucht sínithe na litreach gurb “ionann cearta teanga agus cearta daonna”.

“Ní mór gealltanais a rinneadh a chur i bhfeidhm chun go mbeidh cothrom na Féinne ann,” arsa Patricia McKeown.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, urlabhraí An Dream Dearg gur léirigh an litir go bhfuil cuid mhór den phobal “tiomanta do chosaint agus do chur chun cinn na Gaeilge ag bogadh chun tosaigh”.

“Má táimid dáiríre faoi ‘dhípholaitiú’ na Gaeilge, is trí chearta a chur ar fáil an bealach is éifeachtaí agus inmharthana chun seo a dhéanamh,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

Fág freagra ar '‘Tabhair cothrom na Féinne do phobal na Gaeilge’ – litir chuig Varadkar agus May ag éileamh achta'

  • John Ó Gall cobhair

    Tabhair comhrom ceartaí theanga dúinn . Is rud fhíor tabhactach do gach daoine agus tá an theanga ag gach duine sa 6 gcontae

    Give us the Irish language act now !!