‘Tábhachtach’ go rachadh RTÉ ‘i ngleic’ le ceist scála pá oibrithe RnaG, a deir Roinn na Gaeltachta

Ag cruinniú den Choiste Um Chuntais Phoiblí inniu, cuireadh i leith Roinn na Gaeltachta nach raibh aon mhaoirseacht cheart á déanamh acu ar RTÉ maidir leis na scálaí pá éagsúla atá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ Raidió 1

‘Tábhachtach’ go rachadh RTÉ ‘i ngleic’ le ceist scála pá oibrithe RnaG, a deir Roinn na Gaeltachta

Deir Roinn na Gaeltachta go bhfuil sé “tábhachtach” go rachadh RTÉ i ngleic “gan mhoill” le ceist scála pá oibrithe RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ag cruinniú den Choiste Um Chuntais Phoiblí inniu, cuireadh i leith na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Spóirt nach raibh aon mhaoirseacht cheart á déanamh acu ar RTÉ maidir leis na scálaí pá éagsúla atá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ Raidió 1.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Imelda Munster, go raibh “alltacht” uirthi faoina laghad a bhí á dhéanamh, dar léi, ag an Roinn faoin scéal “go bhfuil pá níos lú á íoc le hoibrithe mar gur i nGaeilge a bhíonn siad ag obair”.

Shéan Katherine Licken, Ard-Rúnaí na Roinne, go raibh easpa maoirseachta i gceist agus chuir sí fáilte roimh an scéal go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag RTÉ ar ghráid phá uile na heagraíochta,  gráid Raidió na Gaeltachta san áireamh.

Dúirt sí go raibh tairiscintí á lorg i dtaobh an athbhreithnithe faoi láthair.

Dúirt Katherine Licken go mbíonn go leor maoirseachta á déanamh ag an Roinn ar RTÉ agus go raibh sé tábhachtach go ndéileálfadh an craoltóir “gan mhoill” le ceisteanna dá leithéid.

Mhaígh Imelda Munster gurb é an dearcadh a bhí ag an Roinn i leith cheist phá oibrithe RnaG agus ceisteanna eile ná go ndeir RTÉ “tá fadhb againn, ach réiteoimid é” agus go ndeir an Roinn “tá sin togha, fágfaimid fúibhse é”.

Dúirt Katherine Licken nár tháinig RTÉ faoina cúram go dtí samhradh 2020 agus nach raibh sí féin ar an eolas faoin scéal roimhe sin.

Dúirt Imelda Munster go raibh an “éagothroime pá” ag tarlú le 20 bliain agus nach raibh sé “sách maith”.

Dúirt Ard-Rúnaí na Roinne go gcuirfeadh sí eolas ar fáil don Teachta Dála faoi cén uair go díreach a fuair daoine sa Roinn amach mar gheall ar an scéal agus faoi cad go díreach atá déanta acu faoi.

Tá ceist an phá ina cnámh spairne le fada ag lucht ceardchumainn sa stáisiún Gaeltachta.

Níl an leagan amach céanna ar struchtúr foirne RnaG agus atá ar struchtúr foirne RTÉ, ach maítear, mar shampla, gur chóir go mbeadh Clár-Reachtaire i RnaG ar an scála céanna pá is a bheadh ag léiritheoir in RTÉ toisc na freagrachtaí céanna a bheith orthu.

Idir €45,000-€64,000 a fhaigheann Clár-Reachtaire in RnaG, grád nach ann dó aon áit eile in RTÉ, mar a bhfuil 167 grád ar fad.

Dúirt Imelda Munster níos túisce i mbliana go raibh sé “áiféiseach” nach mbeadh a fhios ag ceannairí RTÉ go bhfuil scálaí pá éagsúla i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ Raidió 1.

I mí Bealtaine thug Ard-Stiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, an Stiúrthóir Acmhainní Daonna, Eimear Cusack, agus an Grúprialtóir Airgeadais Fiona O’Shea le fios i dTithe an Oireachtais nach raibh aon eolas acu faoi aon éagothroime pá idir foirne an dá stáisiún.

Fág freagra ar '‘Tábhachtach’ go rachadh RTÉ ‘i ngleic’ le ceist scála pá oibrithe RnaG, a deir Roinn na Gaeltachta'