‘Is ionann scála pá RnaG agus pionós a chur ar oibrithe as a gcuid oibre a dhéanamh as Gaeilge’

Deir an Teachta Dála Imelda Munster go bhfuil éagothroime ann dóibh siúd atá ag obair do Raidió na Gaeltachta agus go bhfuil sí ag súil le hathbhreithniú atá geallta ag RTÉ

‘Is ionann scála pá RnaG agus pionós a chur ar oibrithe as a gcuid oibre a dhéanamh as Gaeilge’

An Teachta Dála Imelda Munster. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá sé “áiféiseach” nach mbeadh a fhios ag ceannairí RTÉ go bhfuil scálaí pá éagsúla i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ Raidió 1, a deir Teachta Dála de chuid Shinn Féin.

Thug Ard-Stiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, an Stiúrthóir Acmhainní Daonna, Eimear Cusack, agus an Grúprialtóir Airgeadais Fiona O’Shea le fios i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo caite nach raibh aon eolas acu faoi aon éagothroime pá idir foirne an dá stáisiún.

Ag an gcruinniú den Choiste Um Chuntais Phoiblí, cheistigh Imelda Munster na bainisteoirí sinsearacha ó RTÉ faoi scála pá RnaG agus dúirt sí go raibh “alltacht agus uafás” uirthi nach raibh eolas ag an triúr bainisteoirí faoin éagsúlacht pá.

Deir Munster go bhfuil éagothroime ann dóibh siúd atá ag obair do RnaG agus go bhfuil sí ag súil leis an athbhreithniú ar an scéal atá geallta ag RTÉ.

“Is ionann sin agus pionós a chur ar oibrithe as a gcuid oibre a dhéanamh as Gaeilge,” arsa an Teachta Dála.

“Is deacair a chreidiúint nach raibh a fhios ag Ardstiúrthóir RTÉ go ndúirt na hoibrithe sin le déanaí go raibh siad “in áit na leathphingine” i gcomparáid lena gcomhghleacaithe Béarla.

“Tá tuairisc fhorlíontach faoin gceist geallta ag RTÉ don Choiste agus tá rún agam coinneáil leis an ábhar seo. Cuireann RnaG seirbhís luachmhar náisiúnta ar fáil a thaitníonn le héisteoirí taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta agus caithfear meas dá réir a léiriú dá oibrithe.”

Dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Mairéad Farrell nach féidir glacadh le “córas pá dhá chéim” agus go gcaithfidh RTÉ réiteach a fháil ar an scéal gan mhoill.

Dúirt sí gur “acmhainn náisiúnta fhíorthábhachtach” é Raidió na Gaeltachta a bheas leathchéad bliain ar an bhfód an bhliain seo chugainn.

“Ní féidir linn glacadh le córas pá dhá chéim de chineál ar bith ó thaobh na meán Gaeilge is Béarla. Ós rud é go n-aithníonn RTÉ anois an fhadhb, tá dualgas orthu í a réiteach gan mhoill. Caithfidh siad cinntiú nach gcaitear níos measa le hoibrithe Raidió na Gaeltachta ná lena gcomhghleacaithe i RTÉ Radio 1 maidir le cúrsaí pá.”

Tá ceist an phá ina cnámh spairne le fada ag lucht ceardchumainn sa stáisiún Gaeltachta.

Níl an leagan amach céanna ar struchtúr foirne RnaG agus atá ar struchtúr foirne RTÉ, ach maítear, mar shampla, gur chóir go mbeadh Clár-Reachtaire i RnaG ar an scála céanna pá is a bheadh ag léiritheoir in RTÉ toisc na freagrachtaí céanna a bheith orthu.

Idir €45,000-€64,000 a fhaigheann Clár-Reachtaire in RnaG, grád nach ann dó aon áit eile in RTÉ, mar a bhfuil 167 grád ar fad.

Tuairiscíodh anseo an tseachtain seo caite go raibh RTÉ chun athbhreithniú a dhéanamh ar an éagsúlacht idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ agus tuairisc a chur faoi bhráid an Choiste um Chuntais Phoiblí faoin scéal.

Fág freagra ar '‘Is ionann scála pá RnaG agus pionós a chur ar oibrithe as a gcuid oibre a dhéanamh as Gaeilge’'

  • S. Mac Muirí

    Ach an oiread le bainistíocht Dhomhnach Broc, níl an ceardchumann sasanach aonteanga gan locht sa leithcheal, an irish chapel de go mór mór i mbéal na hurchóide anoir.
    B’fhurasta an scéal soin a leigheas dá mbunófaí ceardchumann d’iriseoirí na Gaeilge thrí chéile.
    Cén fáth go bhfágfaí na Gaeil ar an mballán cúil i dtólamh?

  • Fiachra Ó Donnchadha

    Ní haon scéal nua é seo. Mar a deir an sean-fhocal: “An té a bhíonn thuas, óltar deoch air. An té a bhíonn thíos, buailtear cos air!!!”