Tá úrscéal nua curtha amach ag Bob Quinn, fear gnaíúil agus ealaíontóir cruthanta

Tá comhbhá ag Bob Quinn leis an gcine daonna agus is dócha gur as an daonnacht seo a tháinig a leabhar nua Darwin on the Shannon

Tá úrscéal nua curtha amach ag Bob Quinn, fear gnaíúil agus ealaíontóir cruthanta

Tá leabhar eile curtha ar fáil ag Bob Quinn. Darwin on the Shannon an teideal atá uirthi. Cinegael a d’fhoilsigh í. Sin le rá gurb é Bob féin a chuir amach í.

Is éard atá inti léiriú ar an saol uafásach a bheas in Éirinn amach anseo má leanann an domhan ag téamh.

Tharraing an léirmheastóir Criostóir Mac Aonghusa aird uair amháin ar rud a dúirt T.S. Eliot faoi leabhair agus lucht a ndéanta. Dúirt Eliot nár chall duit iad a léamh dá mbeadh aithne mhaith agat ar an dream a scríobh iad. Ón eolas a bheadh agat ar leagan a n-intinne bheadh a fhios agat roimh ré céard a bheadh le rá acu.

Tá aithne agamsa ar Bhob Quinn le leathchéad bliain ón am ar tháinig sé go Conamara ar dtús. Duine ann féin é. Ní fhéadfadh cara níos fearr a bheith agat. Fear seasmhach é a bhféadfá brath air.

Níl maíomh ná mustar ann. Níl galamaisíocht ná cur i gcéill ag baint leis. Duine gnaíúil a thugann muintir Chonamara air.

Tá daonnacht ann agus comhbhá aige leis an gcine daonna, go mór mór leis an gcuid is laige den phobal.

Is dócha gur as an daonnacht seo a tháinig an leabhar Darwin on the Shannon.

Feictear do Bhob nach bhfuil muintir na hÉireann ag tabhairt aird mar is cóir ar théamh an domhain.

Nuair a labhraítear ar an athrú aeráide déanann siad fiodmhagadh faoi, a dúirt sé ar Raidió na Gaeltachta.

“Nach n-athraíonn an aimsir ó lá go lá in Éirinn an deilín a bhíonn acu,” ar seisean.

Tá léiriú scanrúil tugtha aige sa leabhar seo ar an gcineál saoil a d’fhéadfadh a bheith i ndán dúinn amach anseo.

Ealaíontóir ar na hailt, ealaíontóir cruthanta, is ea Bob Quinn. Ní taobh le réimse amháin de na healaíona atá sé.

Tá scannáin agus cláracha faisnéise den scoth déanta aige. Is álainn uaidh snoíodóireacht a dhéanamh mar atá le feiceáil ag a áit chónaithe i mBéal an Daingin.

Tá sé oilte ar ghearrscéal agus ar alt nuachtáin a chur le chéile.

Tá an domhnaíocht leabhar léite aige agus cuimhne ghlé ghlinn aige ar an méid a d’fhoghlaim sé.

Tá acmhainn grinn aige agus fealsúnacht shoiléir.

Síos abhainn na Sionainne atá príomhcharachtar an leabhair ag dul. Tá bean agus seanfhear ina chuideachta píosa den bhealach.

Tá an tSionainn thar bruach agus an tír mórthimpeall faoi uisce.

Báthadh na mílte. I gcampaí ar na cnoic atá na truáin bhochta ar éirigh leo éalú.

Bheadh a fhios agat ar an bpointe go bhfuil an-tuiscint ag Bob ar bháid a láimhsiú ar an tSionainn. Ní hionadh sin mar go raibh bád ar an abhainn sin aige féin ar feadh tréimhse.

Stíl scríbhneoireachta Ernest Hemingway a thiocfadh i do cheann agus tú ag léamh na mionphointí a thugann sé faoin turas.

Maidir leis an gcomhrá bheadh a fhios agat gur fear scannán é.

Tá eachtra bharrúil sa leabhar faoin uair a stopann an príomhcharachtar i gCluain Mhic Nóis.

Bean atá ag léamh an Aifrinn ann.

Ní shin é an chéad uair ar bhain Bob leas as smaoineamh mar sin. Is cuimhin liom dráma thar a bheith spéisiúil a scríobh sé do raidió RTÉ uair amháin.

Criú a cuireadh go Meiriceá Theas le hagallamh a dhéanamh le Dia a bhí tagtha ar an talamh ansin. Bean a bhí rompu.

Ar an mbealach ar ais dóibh bhí imní ar an léiritheoir nach gcreidfeadh an pobal gur bean í Dia.

‘Ná bíodh imní ort,’ a deireann an fear fuaime, ‘athróidh mise a glór.’

Ar an mbealach as Meiriceá dom féin agus do Bhob lá tar éis dúinn a bheith ag obair ar chlár teilifíse ansin bhí Bob ag léamh úrscéil le Brian Moore. Dúirt mise nár thaitin úrscéalta liom ariamh.

‘Is mór an díth céille atá ort,’ a dúirt Bob, ‘bíonn níos mó fírinne in úrscéal go minic ná a bhíonn i leabhair eile.’

Léigh mé Darwin on the Shannon le fonn agus le flosc. Ní mhillfidh mé deireadh an scéil oraibh.

Is maith a thuigim gur mór é gráin Bhob ar lucht fógraíochta agus ar an bpáirt atá acu i gcur chun cinn tomhaltachais agus cur amú airgid.

Tá sin amhlaidh ach is fiú fógraíocht a dhéanamh i gcónaí ar earra fiúntach.

Scaipigí an scéala faoin leabhar seo agus ceannaígí í.

Fág freagra ar 'Tá úrscéal nua curtha amach ag Bob Quinn, fear gnaíúil agus ealaíontóir cruthanta'

  • CRISTINE hi LABHRAI

    Is fear Ann suimuil e