‘Tá tábhacht náisiúnta le saothar Raiftearaí go fóill’ – cé nárbh é a chum Is Mise Raiftearaí an File!

AGALLAMH le TADHG MAC DHONNAGÁIN: Labhair Tuairisc.ie leis an údar agus foilsitheoir faoin saothar is déanaí uaidh – Mise Raiftearaí – An Fíodóir Focal

Tadhg Mac dhonnagáin

Ba in Achadh Mór in oirthear Mhaigh Eo, cúpla míle ó fhód dúchais Raiftearaí, file, a rugadh údar na beathaisnéise nua Mise Raiftearaí – An Fíodóir Focal, Tadhg Mac Dhonnagáin.

Ní haon iontas gur chuala an foilsitheoir, scríbhneoir agus ceoltóir go leor cainte faoin bhfile nuair a bhí sé ar scoil agus ag féilte áitiúla, mar a mbítí ag aithris véarsaí as dánta leis.

Déanann Mise Raiftearaí – An Fíodóir Focal cíoradh ar shaol agus ar shaothar Raiftearaí an File, agus is iad Futa Fata, teach foilsitheoireachta an údair, a chuir i gcló é.

I gCill Liadáin, Coillte Mach, Co. Mhaigh Eo, a rugadh Raiftearaí agus bhí saol dian, crua aige. Thóg sé galar na bolgaí nuair a bhí sé ina gharsún agus baineadh radharc na súl de dá dheascasan. Mharaigh an galar céanna a dheartháireacha is a dheirfiúracha ar fad.

D’fhéach sé le héalú óna phian trí dhul i muinín an drabhláis ina óige ach d’éirigh leis cáil a bhaint amach dó féin mar urlabhraí misniúil dá phobal níos deireanaí sa saol.

Fear suimiúil gan aon agó agus treisíodh ar an tsuim a bhí ag Mac Dhonnagáin san fhile agus é ina mhac léinn.

“Bhí mé i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach, agus bhí Ciarán Ó Coigligh mar léachtóir a’m. Bhí modúl ag Ciarán ar Raiftearaí agus chuaigh a chuid léachtaí go mór i gcion orm,” a dúirt Mac Dhonnagáin.

Ba mhó fós an fonn a bhí air tochailt a dhéanamh ar shaol an fhile tar éis dó Raiftearaí: Amhráin agus Dánta, lena léachtóir, a léamh.

“Chaith mé roinnt blianta leis an jab (i.e. taighde) agus ansin tháinig Seán Ó Cualáin ón gcomhlacht Sónta i gCill Chiaráin chugam agus d’iarr orm script a scríobh le haghaidh scannán faisnéise ar Raiftearaí agus é a chur i láthair, rud a rinne mé.”

Mise Raiftearaí – An Fíodóir Focal ab ainm don scannán sin chomh maith.

Ach oiread leis an taighde a rinne sé an t-am úd, braitheann an t-údar go bhfuil aithne níos fearr curtha aige ar an bhfile de bharr na bleachtaireachta atá déanta an turas seo aige agus maíonn go bhfuil “tábhacht náisiúnta le saothar Raiftearaí” i gcónaí.

Tar éis gur leabhar taighde é Mise Raiftearaí – An Fíodóir Focal, deir Mac Dhonnagáin go raibh cur chuige ábhairín difriúil aige le hais mar a bheadh ag údair eile agus leabhar dá leithéid á scríobh acu.

“Formhór mór na leabhar neamhfhicsin a scríobhtar i nGaeilge – go mór mór na ceanna a bhaineann le pearsana liteartha – tosaíonn siad amach ar an saol mar thráchtaisí ollscoile, ach scannán faisnéise ba chúis leis an leabhar seo agus theastaigh uaim fanacht dílis do phréamhacha na scannaíochta,” a dúirt sé.

Chuir Mac Dhonnagáin roimhe a shamhlaíocht a chur ag obair ar an stair ach gan imeacht ós na fíricí.

“Bhí mé ag iarraidh tarraingt ar mo chuid samhlaíochta maidir leis an tréimhse a léiriú agus maidir le pearsantacht an fhile a léiriú, ach chomh maith leis sin, bhí mé ag iarraidh fanacht dílis d’fhíricí na staire chomh maith is a bhí mé in ann”, a dúirt sé.

Ba é mian an údair, mar sin, rud éigin a scríobh a mbeadh “blas na scéalaíochta is na drámaíochta air”, ach a bheadh cruinn agus iontaofa ag an am céanna, dála thraidisiún na n-amhrán féin.

Go deimhin, déanann Mac Dhonnagáin amach nár chum Raiftearaí ach dhá véarsa de Eanach Dhúin (Anach Cuain) agus gurb amhlaidh a cuireadh leis an amhrán de réir a chéile.

“Is sampla maith é Anach Cuain ar an gcaoi a bhfuil an traidisiún beo th’eis gabháil i bhfeidhm ar an amhrán. Déanaimse amach gur mó an seans gur dhá véarsa a chum sé féin [Raiftearaí] ach gur chuir daoine eile véarsaí leis le himeacht aimsire.”

Ceist eile a phléitear sa leabhar atá thar a bheith spéisiúil ná an scéal atá laistiar den dán Mise Raiftearaí an File, is é sin gur dán magúil é a chum file darbh ainm Seán de Búrca le Raiftearaí a mhaslú, agus go ndearna file eile – Seághan Ó Cealla – athscríobh air. Pléitear é sin agus sanasaíocht shloinne an fhile, ceist shuimiúil eile.

Is léir cion agus meas Mhic Dhonnagáin ar an bhfile ach is léir freisin gur cás leis an fhírinne.

Deir sé gur tháinig forbairt an-mhór “ar chineál chultas Raiftearaí sa mbéaloideas”, mar a bhfuil an t-uafás scéalta faoi, agus cé nach gá go mbeadh na scéalta sin ar fad fíor, chabhraigh siad le stádas an fhile a ardú i measc a phobail féin, stádas ar chabhraigh misneach an fhile chomh maith leis.

“Thóg sé cúpla seasamh an-mhisniúil. Labhair sé amach go misniúil ar shon a mhuintire fhéin ar chúiseanna éagsúla ar chreid sé iontu. Nuair a chuimhníonn tú go raibh sé dall agus leochaileach go fisiciúil, bhí misneach thar na bearta aige. Réabhlóidí agus duine radacúil a bhí ann”.

Ar ndóigh, tá aithne fhorleathan chomh maith ar Thadhg Mac Dhonnagáin mar fhoilsitheoir agus mar cheoltóir agus a thuairimí féin aige faoin dá réimse sin i saol na Gaeilge.

Tugann sé cluas le héisteacht i gcónaí do ghrúpaí ceoil nua a chasann i nGaeilge sa lá inniu agus tá moladh aige dóibh, sa dá chiall den fhocal sin.

“Tá cumadóireacht bhreá ar bun. Is maith iad na haistriúcháin agus is cinnte go spreagann siad an t-aos óg le gabháil ag casadh i nGaeilge ach b’fhéidir nár mhiste dóibh níos mó aird’ a bheith acu ar na seanamhráin agus ar an traidisiún freisin – agus é sin a shníomh leis an nua-chumadóireacht.

“Sílim féin go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh bunús maith agus tuiscint mhaith ag aos óg na Gaeltachta agus ag lucht na nGaelscoileanna ar na hamhráin thraidisiúnta.”

Maidir le staid na foilsitheoireachta i nGaeilge, deir sé go bhfuil cúpla buille trom buailte ar an earnáil le tamall de bhlianta anuas de bharr an tóin a thitim as an ngeilleagar. Tá sé dearfach mar sin féin agus is údar misnigh aige go bhfuil “feabhas mór tagtha ar réimse na leabhar Gaeilge agus ar líon na leabhar Gaeilge”.

Ainmníodh Mise Raiftearaí – An Fíodóir Focal le haghaidh ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2015, gradam a bhronntar ar údair Ghaeilge.

Fógrófar buaiteoir an ghradaim sin ag Oireachtas na Gaeilge in óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath i gceann cúpla seachtain.

Fág freagra ar '‘Tá tábhacht náisiúnta le saothar Raiftearaí go fóill’ – cé nárbh é a chum Is Mise Raiftearaí an File!'

  • cormac@hotmail.com

    “Sílim féin go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh bunús maith agus tuiscint mhaith ag aos óg na Gaeltachta agus ag lucht na nGaelscoileanna ar na hamhráin thraidisiúnta.”
    Ana-cheart ag Tadhg sa méid sin mar is é an modh múinte teangan is fearr ar bith ná an amhránaíocht. Tá friotal nádúrtha, saibhreas cainte, eachtraíocht agus mothúchán liriciúil snoite tríd na hamhráin agus fuaimniú léir na bhfocal féin thar a bheith tábhachtach. Múintear gach aon scil tríd na hamhrain.
    Bhí múinteoir Gaeilge iontach agam fein a thugadh orainn na dánta a chanadh; aimsir na hArdteiste sa Ghaeilge bhí gach éinne againn sa halla ag portaireacht os íseal agus d’éirigh go hana-mhaith linn. Tá na foinn sin fós ar eolas agam. Roibeard Ó hUrdail, Béara, an múinteoir sin.

  • sean@hotmail.com

    Mise Raiftearaí an file,
    Lán dóchas ‘s grá,
    Le súile gan solas,
    Le ciúnas gan crá…
    Féach anois mé
    Is mo chúl le balla
    Ag seimn ceoil
    Do phócaí folamh.

    Nó an Béarla a chuir Brendan Behan air;
    …here I am with me arse to the wall
    playing music for sweet fuckall.

  • Feardorcha

    Píosa deas. An mbeadh ciall le halt a fhoilsiú ar gach aon ceann de na leabhair ar an ngearrliosta sin, Gradam Uí Shúilleabháin, ar mhaithe le haitheantas níos ginearálta a thabhairt dóibh? Conspóid na Húgónna a athchruthú sa Ghaolainn, abair?!