‘Tá sé thar a bheith míchothrom sa seomra foirne’ – glactha le rún faoi liúntas Gaeltachta ag comhdháil an INTO

Tá tacaíocht mhór léirithe ag comhdhálacha na múinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile an tseachtain seo don éileamh go dtabharfaí ar ais na liúntais a bhfuarthas réidh leo in 2012

‘Tá sé thar a bheith míchothrom sa seomra foirne’ – glactha le rún faoi liúntas Gaeltachta ag comhdháil an INTO

Tá ceist an liúntais Ghaeltachta do mhúinteoirí agus an ganntanas múinteoirí Gaeilge i measc na n-ábhar atá á bplé ag comhdhálacha na múinteoirí atá ar siúl faoi láthair.

Dúradh ag comhdhálacha múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile, atá ar siúl an tseachtain seo, gur gá go dtabharfaí ar ais na liúntais bhreise a d’íoctaí le múinteoirí le dul i ngleic leis na deacrachtaí earcaíochta i scoileanna na tíre.

Glacadh le rún ag comhdháil Chumann Mhúinteoirí Éireann, an INTO, i nDoire ag éileamh go dtabharfaí ar ais seacht gcinn de liúntais nár íocadh le múinteoirí nua ó 2012, ina measc an liúntas Gaeltachta a d’íoctaí le múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Ina bpríomhóráid ag Comhdháil Aontas Múinteoirí Éireann atá ar siúl i gCill Airne, dúirt Michael Gillespie, Rúnaí Ginearálta an TUI, go raibh géarghá leis na liúntais a thabhairt ar ais, beart a d’fhéadfadh “tionchar dearfach” a imirt ar chúrsaí earcaíochta agus ar na deacrachtaí a bhíonn ann múinteoirí a choinneáil san earnáil.

Ag labhairt di ón ardán ag comhdháil Chumann Mhúinteoirí Éireann, dúirt Sarah Murray, múinteoir i Scoil Naithí mBaile Átha Cliath, go raibh sé “thar a bheith míchothrom” go mbeadh múinteoirí sa seomra foirne céanna atá ag déanamh an phoist “ceannann céanna” ag fáil níos lú airgid ná múinteoirí eile.

“An príomhrud i ndáiríre ná cén fáth a bhfuil sé seo ag teastáil? Go bunúsach tá scileanna sa bhreis ag teastáil le bheith ag múineadh i scoil lán-Ghaeilge. Dar ndóigh, tá caighdeán an-ard sa Ghaeilge ag teastáil le bheith ag múineadh i scoil lán-Ghaeilge.

“Anuas air sin, mar theagascóirí tá scileanna sa bhreis ag teastáil uainn. Tá muid ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an tsóisialaithe, sé sin go mbeadh na páistí á húsáid go nádúrtha ach anuas air sin, nuair atá na ceachtanna a múineadh againn, tá foghlaim chomhtháite, ábhar agus teanga, i gceist. Sé sin go bhfuil muid ag cur na gcoincheap agus na teanga chun cinn.”

Dúirt Murray, go raibh freagrachtaí breise agus brú sa bhreis ar mhúinteoirí a bhíonn ag múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge, sna scrúduithe caighdeánaithe sa Ghaeilge, rud nach bhfuil le déanamh i mbunscoileanna Béarla.

“Má tá tusa ag múineadh i scoil lán-Bhéarla nó trí mheán an Bhéarla, i rang a dó, i rang a ceathair agus i rang a sé cuireann tú scrúduithe caighdeánaithe, cuireann tú na torthaí ó na scrúduithe sin ar aghaidh chuig an Roinn Oideachais don Bhéarla agus don Mhata.

“Ach i scoil lán-Ghaeilge is gá na torthaí sin a chur ar aghaidh anuas ar na torthaí a fhaigheann tú ó na scrúduithe caighdeánaithe sa Ghaeilge.

“Dá bharr, tá an t-uafás deacrachtaí againn ó thaobh earcaíochta de. Níl scoil in Éirinn faoi láthair nach bhfuil deacrachtaí acu ag iarraidh múinteoirí a fháil ar fud na tíre ach tá dúshláin sa bhreis againn ó thaobh na scoileanna Lán-Ghaeilge agus tá sé thar a bheith deacair orainne múinteoirí a mhealladh leis na dualgais bhreise seo.”

Roimh 2012 d’íoctaí liúntas €3,455 le múinteoirí sa Ghaeltacht agus i scoileanna lán-Ghaeilge. Ní bhfuair aon mhúinteoir nua a fostaíodh i ndiaidh 2012 an liúntas Gaeltachta ach íocadh é le hoibrithe a raibh an liúntas acu roimhe sin.

Tá dóchas ann go dtabharfar ar ais an liúntas Gaeltachta a d’íoctaí le hoibrithe sa tseirbhís phoiblí agus lucht na gceardchumann ar aon intinn faoin cheist seo den chéad uair.

Tá comhéileamh á dhéanamh ag Cumann Múinteoirí Éireann [INTO] agus Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann [IMNO] go dtabharfaí ar ais an liúntas Gaeltachta mar chuid de na cainteanna atá ar siúl ag lucht ceardchumainn agus an rialtas faoi chomhaontú pá nua d’oibrithe na hearnála poiblí.

In 2012, cuireadh deireadh leis an liúntas a d’íoctaí le múinteoirí, altraí agus oibrithe eile sa tseirbhís phoiblí a bhí ag obair sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar '‘Tá sé thar a bheith míchothrom sa seomra foirne’ – glactha le rún faoi liúntas Gaeltachta ag comhdháil an INTO'

  • Máirín

    Nach breá an chaint atá ag na ceardchumainn agus gan bunús eolaíoch ar bith leis maidir leis an staid reatha is scoileanna sa Ghaeltacht oifigiúil.
    “Go bunúsach tá scileanna sa bhreis ag teastáil le bheith ag múineadh i scoil lán-Ghaeilge. Dar ndóigh, tá caighdeán an-ard sa Ghaeilge ag teastáil le bheith ag múineadh i scoil lán-Ghaeilge.”

    Cé na “scileanna sa bhreis” agus cén cháilíocht bhreise chun na scileanna sin a chruthú?
    Níl aon slat tomhais eolaíoch chun “caighdeán an-ard sa Ghaeilge” múinteoirí Gaeltachta a dheimhniú. Níl cáilíocht faoi leith Ghaeilge seachas cáilíocht na hArdteiste ag go leor múinteoirí. Níl meas madra ag Conradh na Gaeilge ar an Ardteist Ardleibhéal. Níl fiú tada é sin mar chruthúnas go bhfuil Gaeilge agat.
    Ní úsáidtear Teastas Eorpach don Ghaeilge.
    Céard is brí le scoil LánGhaeilge? Glactar le rud ar bith faoin teideal sin fiú scoil Ghaeltachta arb é an Béarla teanga na scoile den chuid is mó i measc na ndaltaí.
    Leanfar leis an gcur i gcéill maidir leis an liúntas Gaeltachta i roinnt mhaith scoileanna.