Ar an 2 Feabhra chuile bhliain i Punxsutawney, baile beag i stát Pennsylvania i Meiriceá, cuirtear traidisiún ársa ar bun. Tugtar cead don úitseach a bhealach a déanamh amach as an bpluais inar chaith sé an geimhreadh agus ag brath ar cén taobh de a dtiteann scáil na gréine timpeall ar Punxsutawney Phil, airíonn pobal na Stát Aontaithe, go háirithe pobal Pennsylvania, go mairfidh an geimhreadh sé seachtaine eile nó gur gearr uathu an t-earrach. Bunaíodh scannán i nóchaidí an chéid seo caite ar fhear aimsire a dhúisíonn arís agus arís an lá céanna, ‘Groundhog Day’ mar a tugadh air, agus tháinig an nath sin isteach go coitianta sa gcaint.
Cá bhfuil sí ag dul leis seo, a deir tú? Bhuel, is minic a shamhlaím agus mé ag faire iarrachtaí an rialtais tabhairt faoin ngéarchéim thithíochta gurb é seo lá na n-úitseach nó ‘groundhog day’ na tíre. Is cuma cén iarracht, cén scéim ná cén plean a chuirtear inár láthair ní bhreathnaíonn sé go mbeidh aon athrú ar an toradh.
Ag tús na bliana, bhí an rialtas ag snámh in aghaidh easa ag iarraidh a chruthú nach raibh an pobal curtha amú acu leis na spriocanna tithíochta a luaigh siad le linn an fheachtais olltoghcháin faoi Shamhain in 2024. Nuair a tháinig sé chun solais i dtús na bliana go raibh oifigigh na roinne ar an eolas nach mbainfí amach an sprioc 40,000 áras a thógáil, cáineadh páirtithe an chomhrialtais nua go fíochmhar. Gheall siad go mbeadh an tithíocht ar an gceist is tábhachtaí ar a gclár oibre. Cuireadh Darragh O’Brien amach as an Roinn Tithíochta. Ba í tuairim na coitiantachta gur tugadh ceannas na tithíochta do James Browne ionas go mbeadh an Taoiseach in ann tabhairt faoin obair agus treoir a thabhairt don aire nua é féin.
Gealladh ‘sár’ tithíochta dúinn agus tuairiscíodh go mbeadh iarcheannasaí NAMA sa ról sin. Tháinig an méid airgid a d’íocfaí leis chun solais freisin agus chuir sé uafás ar dhaoine go raibh sé i gceist reachtaíocht a rith lena thuarastal €430,000 a chinntiú dó. Dúirt an Tánaiste Simon Harris go raibh amhras air féin gur theastaigh sár ar bith agus ar deireadh chuir Brendan McDonagh é féin as an áireamh.
Gealladh plean nua tithíochta dúinn le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim atá ag dul in olcas le hos cionn ceithre bliana déag. Bheadh an ceann seo níos fearr ná na trí cinn a foilsíodh cheana. Beidh 300,000 á dtógáil idir seo agus 2030 ach cinneadh gan aon sprioc bhliantúil a ainmniú mar d’fhéadfadh sin brú polaitiúil a chur ar an rialtas. Idir an dá linn is cosúil nach gcloífear le sprioc na bliana seo, áirítear anois go dtógann sé €600,000 le hárasán a thógáil i mBaile Átha Cliath agus tá 16,744 duine i lóistín éigeandála, os cionn 5,000 páiste ina measc.
Ní léir go bhfuil aon athrú le bliain anuas ar chomh práinneach agus atá an ghéarchéim ná go bhfuil aon smaointe nua a mholtar ag dul i gcion uirthi.
Meas tú nach bhfuil sé in am Punxsutawney Phil a thabhairt anall thar sáile agus fiafraí de buille faoi thuairim a thabhairt faoi cén lá a ndéanfar dul chun cinn maidir le géarchéim na tithíochta na hÉireann?
Fág freagra ar 'Tá sé ina Lá na nÚitseach againn ó thaobh cúrsaí tithíochta'