Tá sé beagnach leathchéad bliain ó bhuaileas den chéad uair le Brian Cody

Níl aon dabht faoi ach gurb é Brian Cody an bainisteoir is rathúla agus is fearr i stair na hiomána

Tá sé beagnach leathchéad bliain ó bhuaileas den chéad uair le Brian Cody

Bhuel tá sé imithe ón taobhlíne ach cad é mar rian atá fágtha ar spórt na hiomána ón gcéad uair a chaith sé geansaí club agus ansin geansaí contae agus ansin bib an bhainisteora.

Tá sé beagnach leathchéad bliain ó shin ó bhuaileas den chéad uair le Brian Cody, agus, mar a tharla, gar do Pháirc an Chrócaigh a tharla sé. Meán Fómhair 1973 a bhí ann agus bhí seisean sa dara bliain i gColáiste Oiliúna Naomh Pádraig agus mise sa chéad bhliain i gColáiste Oiliúna Muire Marino. Ag an tráth sin bhí cúpla bonn chraobh na hÉireann buaite aige le Coláiste Chiaráin agus le mionúir Chill Chainnigh agus dar ndóigh bhí sé tar éis a bheith ag imirt i gcraobh shinsir na hÉireann i Meán Fómhair 1973, cluiche a bhuaigh Luimneach.

Bhí súil aithne agam air agus eolas agam go raibh an fear seo ina réalta iomána cheana féin. Rud a chuir ionadh orm ag an am ná an méid eolais a bhí aige ar chlubanna agus imreoirí óga i gCorcaigh. Bhí an t-uafás eolais aige ar an iománaíocht i gCorcaigh i gcoitinne.

Ina dhiaidh sin, chonaic go minic é ag imirt do Chill Chainnigh agus uaireanta eile bhíos ag imirt ina choinne le club agus contae.

Dar ndóigh bhí seal fada iomána contae aige ó 1973 go 1986 agus mórán buaite aige ach is i ndiaidh a chuid imeartha a rinne sé na gaiscí is mó agus é ina bhainisteoir ar fhoireann iomána Chill Chainnigh ó mhí na Samhna 1998 go mí Iúil 2022. Agus cad é mar ualach duaiseanna a bhuaigh an contae faoina stiúir, aon chraobh déag Éireann, ocht gcinn déag de craobhacha cúige, deich gcomórtas sraithe, seacht gcinn de choirn an Bhreatnaigh agus corn an Oireachtais amháin.

Ina chéad bhliain mar bhainisteoir chailleadar cluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Chorcaí lá fliuch gruama. Ach nuair a tháinig sé isteach i seomra feistis Chorcaí i ndiaidh an chluiche labhair sé go stuama macánta agus chuaigh a chuid cainte i bhfeidhm go mór ar gach duine a bhí istigh sa seomra sin. Bhí sé an-soiléir domsa ar an ócáid sin go raibh an fear sin an-dáiríre faoin iomáint agus go raibh an-mheas aige ar an spórt agus ar na himreoirí a d’imir é.

Sna blianta ina dhiaidh sin bhuaileas leis minic go leor ag cluichí móra agus ag dinnéir na nAll Stars. Bhí sé an-mhacánta arís in 2004 nuair a tháinig sé isteach sa seomra feistis chun tréaslú le Corcaigh a bhí i ndiaidh Cill Chainnigh a choinneáil ó thrí chraobh i ndiaidh a chéile a bhuachaint. Bhí ormsa a bheith chomh humhal leis nuair a bhí orm dul isteach go seomra feistis na gCat i ndiaidh chraobh 2006 agus na Cait buacach agus trí chraobh as a chéile do Chorcaigh stoptha acu.

Aon uair a bhuaileas leis ní raibh aon ábhar cainte eile aige ach an iománaíocht.

An chéad uair eile a bhuaileas leis sa chraobh bhíomar beirt inár seasamh sa tolláin i nDurlas Éile sular imir Luimneach agus Cill Chainnigh i gcoinne a chéile i gcluiche ceathrú ceannais 2012. Ní raibh mórán le rá aige an lá céanna. Bhí cuma dháiríre air mar a bhí roimh aon chluiche agus é céad fán gcéad sa ‘zón’ agus an cluiche ar siúl.

Bhí Brian tugtha ar fad don spórt agus d’iománaithe Chill Chainnigh, rud a bhí thar a bheith soiléir i mbliana nuair a léirigh dímheas ar Henry Shefflin agus Shefflin ina bhainisteoir ar chontae eile.

Dar ndóigh rinne sé éachtaí le glúnta difriúla imreoirí agus d’fhan sé dílis i gcónaí dá bhunphrionsabail ‘buaigh an liathróid tú féinig’.

Ní raibh mórán cur amach nó suim aige i dteaicticí den chuid is mó dá shaol bainistíochta. Ach b’fhéidir go bhfuil sé sin ag breith air i láthair na huaire.

I ndiaidh an chluiche ceannais i gcoinne Luimnigh scríobh an cóitseálaí agus an t-anailísí Seán Flynn alt thar a bheith suimiúil ina ndearna sé scagadh agus cíoradh ar na staitisticí a bhain leis an gcluiche. Mhol sé ábaltacht, lúthchleasaíocht agus dúil san obair imreoirí Chill Chainnigh. Ach mheas sé go bhfuil faillí á déanamh acu i ngnéithe áirithe den cluiche agus nach bhfuil a dhóthain den traenáil nua-aimseartha á múineadh ag Cody agus a chóitseálaithe.

Mar chonclúid cheap Flynn go raibh an easpa eolaíochta agus teaicticí sin á ligean síos.

B’fhéidir go bhfuil sé sin dian ar Cody ach is dócha go bhfuil cuid maith den fhírinne ann. Tá seacht mbliana ann ó bhuadar an chraobh dheireanach, trí chluiche ceannais sroichte acu sa tréimhse sin gan aon cheann buaite aci agus cuid mhaith de na botúin céanna á ndéanamh acu.

É sin go léir ráite sé Brian Cody an bainisteoir is rathúla agus is fearr i stair na hiomána. Is fíor an seanrá agus sinn ag caint faoi, ‘Ní bheidh a leithéid arís ann’.

Go maire tú an céad, a Bhrian Cody.

Fág freagra ar 'Tá sé beagnach leathchéad bliain ó bhuaileas den chéad uair le Brian Cody'