‘Tá scileanna áirithe ag teastáil agus faraor níl siad ar Bhord an Údaráis’

Deir an Seanadóir agus fiontraí Pádraig Ó Céidigh gur láidre an ceangal atá ag cuid mhaith de bhaill Bhord nua Údarás na Gaeltachta le cúrsaí polaitíochta ná cúrsaí gnó

‘Tá scileanna áirithe ag teastáil agus faraor níl siad ar Bhord an Údaráis’

Dar leis Seanadóir agus fiontraí aitheanta Pádraig Ó Céidigh nach bhfuil dóthain saineolais i gcúrsaí gnó i measc bhaill Bhord nua Údarás na Gaeltachta.

Ag labhairt dó ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt an Seanadóir gur “polaiteoirí” nó daoine a bhfuil “ceangal an-láidir acu le cúrsaí polaitíochta” beagnach “chuile dhuine” atá ar bhord nua na heagraíochta nua agus gur láidre an ceangal sin acu ná  a gceangal le cúrsaí gnó.

“Tá fadhb ann dar liomsa leis an mbord, ní dóigh liom go bhfuil struchtúr ceart leis an mbord, ní dóigh liom ar chuid de na bealaí go bhfuil na daoine cearta ar an mbord nó nach bhfuil cuid de na daoine cearta ar an mbord. Ba chóir go mbeadh níos mó mná agus fir gnó ar an mbord le tuiscint agus taithí gnó acu,” a dúirt Ó Céidigh.

Dúirt Ó Céidigh gur daoine “breátha” a bhí ceaptha ar an mbord nua ach go raibh “scileanna áirithe ag teastáil agus faraor níl siad sin ar bhord an Údaráis”.

Dúirt an Seanadóir chomh maith nach raibh dóthain “joined-up thinking” i gceist le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht agus gur údar “díomá” dó nach bhfuil ceangal níos láidre ag Údarás na Gaeltachta le leithéidí Fiontar Éireann.

“Mar shampla, bhí cruinniú agamsa an tseachtain seo caite le feidhmeannaigh shinsearacha ó Fiontar Éireann agus chuir mé ceist orthu, cén sórt ceangail a bhíonn acu leis an Údarás agus dúirt siad gur beag é agus go mbíonn ceangal i bhfad níos mó acu le dreamanna eile ar nós an Western Development Commission agus iad sin.

“Caithfidh an tÚdarás dul amach níos mó agus níos mó cineál idirbheartaíochta a dhéanamh le dreamanna éagsúla atá ag plé le cruthú fostaíochta sa tír seo agus fiú is nach bhfuil, b’fhéidir, baint dhíreach ag cuid acu le fostaíocht i gceantracha Gaeltachta, seans go bhfuil baint indíreach acu leis.”

Dúirt Ó Céidigh gur cheart don Údarás dreamanna ar nós Fiontair Éireann, Fáilte Ireland agus na comhairlí contae “a thabhairt le chéile” chun plean a aontú agus chun “go bhfeicfí go bhfuil an tÚdarás i gceannas ar chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht”.

Dúirt an Seanadóir Gaeltachta gur éirigh “an-mhaith” leis an Údarás ó thaobh cruthú fostaíochta,  go raibh foireann “mhaith” agus “an-phroifisiúnta” ag an eagraíocht agus go raibh “an-jab” á dhéanamh ag a bPríomhfheidhmeannach nua, Micheál Ó hÉanaigh.

Dúirt sé, áfach, nach raibh ach oiread áirithe a d’fhéadfadh an eagraíocht a dhéanamh toisc acmhainní “an-teoranta” a bheith acu i gcomparáid le Fiontar Éireann agus an IDA.

“Ba bhreá liom a rá go mbeinn dóchasach nó go bhfuil mé dóchasach go dtiocfaidh ardú ar an tacaíocht nó an méid airgid a fhaigheann an tUdarás ach ní dóigh liom go dtarlóidh sé sin. Ní fheicim é sin beag ná mór,” a dúirt an Seanadóir Ó Céidigh.

155 post lánaimseartha a cruthaíodh in 2017 i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, nuair a chuirtear san áireamh líon na bpostanna a cailleadh le linn na bliana céanna.

Bhain dhá thrian de na postanna sin le Gaeltacht Dhún na nGall, mar a raibh glanmhéadú 103 post i gceist in 2017, agus ní raibh ach glanmhéadú aon phost amháin i nGaeltacht na Gaillimhe. Cailleadh 210 post i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón Údarás sa Ghaillimh in 2017 agus cruthaíodh 211 post le linn na bliana sin.

De réir Athbhreithniú 2017 Údarás na Gaeltachta, a foilsíodh maidin inné, cruthaíodh 630 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2017 agus bhí glanmhéadú fostaíochta i gceist i ngach ceantar Gaeltachta, an chéad uair ar tharla a leithéid ó 1996.

7,503 post lánaimseartha agus 606 post páirtaimseartha a bhí i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ón Údarás ag deireadh na bliana.

Agus bord nua Údarás na Gaeltachta á fhógairt aige níos túisce an mhí seo, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh gur chun leas na Gaeltachta a bheadh a gcuid oibre.

“Ag cur san áireamh an cumas agus an raon leathan taithí agus scileanna atá ag an mbord nua atá ceaptha agam, faoi chathaoirleacht Anna Ní Ghallachair, táim cinnte gur chun leas an Údaráis agus na Gaeltachta dá réir a bheidh obair an bhoird nua san achar cúig bliana atá romhainn,” a dúirt sé.

 

Fág freagra ar '‘Tá scileanna áirithe ag teastáil agus faraor níl siad ar Bhord an Údaráis’'

  • Ruairí

    Tá níos mó ná scileanna ghnó ag teastáil. Tá daoine go bhfuil dílseacht don phobal mar uimhir a haon dóibh seachas dílseacht do pháirtí polaitíochta nó dílseacht don ciorcal órga corparáideach atá thuas sa mullach orainn go léir agus atá níos cumhachtaí ná airí rialtais. Teastaíonn baill a cheisneoh cur-chuige an Üdarái acmhainní nádúrtha Chonamara (ar nós feamainn) a chur ar fáil do comhlucht corparáideach ar nós Arcadian i gCill Chiaráin seachas dos na fiontraith óga Gaetachta gu bhfui muireolaíocht mar chéim acu. Teastaíonn baill a chuirfeadh ceisteanna ar nós “cén fáth go bhfuil tuirbíní gaoithe ollmhóra ceadaithe i gConamara nuair atá tuirbíní níos lú i bhfad níos éifeachtaí ó thaobh fuinneamh leitreach a ghinniúint agus an bhfuil sé ceart níos lú tacaíocht Stáit a bheith ar fáil dos na tuirbíní bheaga? Baill a niarrfadh ar an rialtas an tírdhreach a chosaint ó na hedge-funds atá ag prapáil chun feirmeaacha gaoithe a thógaint i gConamara toisc gur “easy touch”atá sa dúiche. Baill a bhreathnódh ar na staitisticí fostaíochta agus a cheisneodh an nós seanbhunaithe jobanna do Bhéarlóirí na Gaillimhe a chur ar fáil i gCois Fharraige nuair nach bhfuil postanna curtha ar fái i gCeantair na nOileán, Ros Muc agus Iorra Aithneach.