Tá scéal cráite scanrúil misniúil le hisint ag Nicola Hanney

Bean mhisniúil ag labhairt ón gcroí amach faoin smacht comhéigneach

Tá scéal cráite scanrúil misniúil le hisint ag Nicola Hanney

Ba in 2019 a deineadh coir den iompar a dtugaimid an smacht comhéigneach air. Tá an dlí curtha ar dhaichead duine ó shin. Coir dhanartha í seo atá faoi cheilt ó nádúr. Tá gá le hoiliúint agus tá gá le solas a scaladh i gcúinní dorcha na gcaidreamh agus na dteaghlach tíoránach ina bhfuil an t-iompar seo. Dhein an clár Taking Back Control an tseachtain seo caite é sin, agus tuilleadh.

Thosaigh an clár amach le seatanna de Nicola Hanney ag siúl páirce agus sinn ag éisteacht le cuid de na teachtaireachtaí fuaime a d’fhág a páirtí, an Garda Paul Moody, ar a guthán. Iad gránna, bagrach, cruálach. Ag tarrac i dtreo dheireadh an chláir tugadh le fios dúinn gur sheol sé 30,000 téacs chuici sa dorn beag blianta go rabhadar le chéile agus in aon lá amháin sheol sé 650 téacs chuici. Ciapadh agus smacht leanúnach. Mar bharr ar an mí-ádh tá Nicola go dona tinn le hailse ó 2016.

Ciontaíodh Moody in 2002 agus gearradh tréimhse phríosúnachta breis agus trí bliana air as an gciapadh agus suaitheadh a dhein sé ar Nicola feadh na mblianta. Seo a scéal ina focail féin agus focail a cairde is daoine muinteartha. Thug sí cuntas ar an misneach a léirigh sí sa chomhrac i gcoinne na hailse. Ba ansan a tháinig an bithiúnach an treo. É caithiseach agus tíoránach ar a sheal. Do léigh a cairde is a muintir air tapaidh go maith ach ba dheacair an caidreamh a bhriseadh. A chuid iompair ag éirí níos fiáine agus níos foréigní. “I’m only here to watch you bleed to death and die,” a dúirt sé léi agus í i dtinneas linbh. Ionsaí fíochmhar á dhéanamh uirthi agus í go dona tinn in ospidéal in Bangkok. An tsúil ribe uirthi agus na daoine timpeall orthu. A stádas agus a oiliúint mar Gharda ina chrann taca agus sciath chosanta aige.

Bhí sásamh éigin le fáil nuair a cuireadh in iúl dúinn gurb é a shotal agus amaidí féin ba chúis lena threascairt. Agus líomhaintí áiféiseacha á ndéanamh aige faoi dhuine muinteartha le Nicola thug sé a ghuthán (leis na teachtaireachtaí ar fad) do na Gardaí. Ní seachrán go dtí é. Siad na Gardaí a tháinig a fhad le Nicola.

Bhí ardú meanman ag baint leis an gclár chomh maith. An teacht aniar atá léirithe ag Nicola sa chomhrac i gcoinne na hailse agus Moody. Lena chois sin tá a grá ollmhór dá mac agus  an tacaíocht is dílseacht a léirigh a cairde is a muintir di in am an ghátair. Ag deireadh an chláir chonaiceamar í ag lapadaíl go sásta san uisce lena mac. Sinn ag súil go bhfuil an ghrian ag teacht i ndiaidh na fearthainne.

Fág freagra ar 'Tá scéal cráite scanrúil misniúil le hisint ag Nicola Hanney'