Tá plean beo nua-aimseartha don Ghaeilge ag teastáil ó CLG

Má tá tú ag iarraidh go ndéanfadh CLG a thuilleadh ar son na Gaeilge, ná fan i do thost

Tá plean beo nua-aimseartha don Ghaeilge ag teastáil ó CLG

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá an obair tosaithe ag Cumann Lúthchleas Gael ar Phlean Straitéiseach 2021-2026 atá fógartha ag an Uachtarán nua-thofa Larry McCarthy. As seo go ceann cúpla mí beidh grúpa faoi cheannas an Chárthaigh ag dul i gcomhairle le chuile aicme a bhfuil baint acu leis an eagraíocht – fostaithe, ardoifigigh, oifigigh chontae agus áitiúla, imreoirí agus gnáthbhaill.

Beidh cúpla mí eile caite sula dtiocfar chun cainte leis an dream is deireanaí atá luaite agam, ach foláireamh uaim roimhe sin, más ceadmhach.

‘Ní bhíonn aon mhaith sa seanchas nuair a bhíonn an anachain déanta.’ Fágann an daonlathas seans cainte ag an té is ísle ar dhréimire CLG mar sin chomh maith leis an lucht ceannais.

Mar sin beidh an deis ar fáil duit agus mura nglacann tú léi ná bí mo bhodhrú-sa ná ag bodhrú aon duine eile feasta le do chuid casaoide.

Dhéanfainn iarratas oraibhse a léann na leathanaigh seo bhur dtuairimí a
chur ar fáil i dtaobh an chaoi a ndéanann an eagraíocht a dualgas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh – tá chuile réimse i gceist anois agam agus ní hiad ardfheidhmeannaigh Pháirc an Chrócaigh amháin.

Tá go hard os cionn 40 bliain caite agam i mbun na hoibre seo agus fágann a bhfaca mé i rith an ama sin go gcreidim go daingean go raibh agus go bhfuil tiomantas láidir taobh istigh de CLG dár dteanga dhúchais. Sin ráite, ghlacfainn leis go bhfuil uisce go leor ligthe isteach, go háirithe sna blianta deireanacha den chéad seo caite agus ó thús an chéid seo.

Tá sin tarlaithe i gcás na rudaí is simplí. Ní fada an t-achar ó shin ó bhíodh sé de nós ardán soiléir a thabhairt don Ghaeilge i gcláracha agus sa bhfógraíocht phoiblí a dhéantaí ag cluichí. Inniu minic go leor is Béarla amháin a bhíonn iontu. Níl fáth faoin spéir, go náisiúnta ná go háitiúil, gur gá ainm club ná contae a scríobh ar an gcuma sin ar aon chineál páipéarachais a bhfuil branda oifigiúil an chumainn air.

Sin ráite, mura bhfuil Súil Seabhaic an cheannárais in ann a chur in iúl i dteanga na nGael amháin gur scór dlisteanach a bhí ann nó nach ea, tá sé in am éan nó ainmhí éicint eile a chur ina áit.

Tuigim go maith nach bhfuil sna samplaí atá luaite agam ach ‘caint in áit an ghnímh’, ach nuair a shleamhnaíonn siad isteach sa gcóras, is comhartha é go bhfuil fadhb níos mó ann. Agus tá.

Tá dhá chloigeann ar an bhfadhb sin. Baineann an chéad cheann acu le gur eagraíocht cluichí go príomha é Cumann Lúthchleas Gael. Sin a bunús agus a croí agus an t-údar go bhfuil oiread sin ratha uirthi.

Nuair a chaitear isteach an pheil, nó nuair a bhuailtear an chéad iarraidh ar an sliotar, fágtar chuile ní eile sa dara háit – más i bPáirc an Chrócaigh a tharlaíonn sin nó ar dhumhach Inis Oírr.

Sin go díreach mar ba chóir a bheith freisin.

Faoi na rialacha céanna a imríonn na foirne ar an dá pháirc. Is ionann an struchtúr smachta agus imeartha atá i chaon áit agus ar fhaitíos na hargóna, iad breactha síos go soiléir i scríbhinn dóibh siúd a cheistíonn iad.

Níl sé chomh héasca sin teanga atá ar an dé deiridh a chothú. Níl aon ghá dom a mhíniú cén fáth. Tuigeann an té is lú eolas ar stair na hÉireann an méid sin.

Cláir chluichí ceannais na hÉireann 1955, 1959 agus 1985

De réir mar a fheicimse an scéal, ní easpa suime is mó is cúis leis an bhfaillí a d’fhéadfaí a chur i leith Chumann Lúthchleas Gael i dtaobh na Gaeilge, ach easpa struchtúir a dhéanfadh a bhealach trí chreatlach na heagraíochta ó Pháirc an Chrócaigh anuas.

Is cinnte go bhfuil daoine ansiúd thuas atá tiomanta don obair agus a bhfuil tuiscint mhaith acu ar na modhanna nua-aimseartha cumarsáide a chuideodh leis an gcuspóir – tá lá na ranganna Gaeilge chomh seanchaite le bróga Methuselah, a mhair go raibh sé 969.

Tá easpa córas ceart cóirithe faoina scaipfeadh siad an soiscéal ar cheann de na constaicí is mó atá rompu siúd.

Rinneadh botún damanta cúpla bliain ó shin nuair a shocraigh Cumann Lúthchleas Gael go mba ar aon duine amháin a bheadh cúram na Gaeilge agus cúram Scór i gclubanna, ar choistí réigiúnda, contae agus cúige. Ar mhaithe leis an líon daoine a bhíonn ar na coistí sin a laghdú a deineadh an t-athrú – gan smaoineamh gur mór a bhí idir cúram na beirte.

In achar fíorghairid ina dhiaidh sin, déarfainn go raibh sé tagtha sa saol nach raibh líofacht na Gaeilge ag leath díobh sin sna postanna a raibh Oifigeach Cultúir mar ainm anois orthu. Bheadh iontas orm mura chun donais atá cúrsaí imithe ó shin.

Grá don cheol agus don damhsa is mó a thiomáineann iad siúd a d’fhág go bhfuil an oiread sin ratha ar Scór – ní féidir oiread sin milleáin a thabhairt dóibh mura bhfuil an Ghaeilge acu, nó más taobh leis an mbeagán di atádar.

Tá neart le déanamh acu i mbun a gcúraim fhéin, ach mura bhfuil sé ródheireanach, ba chóir oifigigh a cheapadh ag chuile leibhéal a mbeadh cur chun cinn na teanga amháin mar chúram orthu.

Ní leigheasfaidh sé an scéal – ní bheifeá ag súil go ndéanfadh. Ach cruthóidh sé cuisle ón gcroí go dtí na ladhracha is faide uaidh agus bealach fuinniúil le tabhairt faoin gcúram. Cuir plean beo, éifeachtach, nua-aimseartha ina lámha ansin.

Má tá tú ag teacht lena ndeirim, déan tusa freisin é a chur in iúl dóibh siúd atá ag plé leis an bPlean Straitéiseach. Má tá seift níos cliste agat le cur faoina gcomhair, is fearr ná sin arís é.

Pé brí céard a dhéanfaidh tú, ná fan i do thost. Mura bhfuil an fhoighid agat, postáil do litir amárach.

Fág freagra ar 'Tá plean beo nua-aimseartha don Ghaeilge ag teastáil ó CLG'

  • Máirtín Ó Maolmhuaidh

    Aontaím go huile is go hiomlán gur chóir go mbeadh Oifigeach na Gaeilge ceaptha ag gach aon choiste ag gach leibhéal de CLG ach lena chois bheadh fóchoiste de dhíth air chun a ról agus a chuspóirí a chur i bhfeidhm.
    Tá Glór na nGael i mbun oibre cheana féin le húsáid na teanga a fhobairt sna clubanna. Mar sin de, tá tacaíocht ar fáil ó eagraíocht náisiúnta ach is é an teaghmháil nó an líonra áiltiúil an nasc is tábhachtaí agus is éifeachtaí, i mo thuairimse.
    Tá na mílte páistí ag freastail ar na Gaelscoileanna agus dataí scoile nach iad ag foghlaim na Gaeilge. Ba cheart go mbeadh múinteoirí na ndaltaí siúd ar na fóchoistí ionas go mbeadh an tuiscint cheart ann go ritheann an teanga agus na cluichí náisiúnta lámh le chéile agus gur Gaeilge a bheas mar phríomhtheanga na hóige, ach go háirthe, agus iad ag traenáil agus ag imirt.

  • S. Mac Muirí

    Tá réiteach gach dul chun cinn na teangadh agus a mhalairt, an meath, léirithe in earnálacha éagsúla CLG in imeacht na mblianta. Is aisteach nár tharraing Comhairle Uladh aird taighde, go bhfios dom, i measc lucht na sochtheangeolaíochta.
    Forbraítear teanga anuas ó lárionaid chumhachta in eagras/sochaí, sin, nó meathann teanga roimh theanga eile anuas ina mullach. Tarlaíonn an dá athrú ar neamhchead do gach uaillmhian de jure, pleananna teangadh san áireamh.
    Tá Comhairle Uladh ag feidhmiú i nGaeilg amháin ó 1972, nó roimhe, de réir mo thuigse, ach tá na 3 chomhairle cúige eile ag feidhmiú i mBéarla. Tharla in amanna gur Ghaeilg a bhíodh in uachtar ag roghnóirí Chonnacht (Donncha Ó Gallachóir fágaim) is a leithéid nuair a tharlaíodh an teanga a bheith ag gach duine acu, ach níor rud córasach é. Ní duine CLG mé ach is cuimhin liom an tionchar a d’imir iompar teangadh Chomhairle Uladh ar ghaol gairid liom a raibh a chroí sa gcumann 7 sa nGaeilg óna óige go ndeachaigh sé i gcré. B’oscailt súile dó an chaoi ar reáchtáil C. Uladh chuile shórt i nGaeilg deireadh seachtaine amháin san am a raibh teilifís éireann, rialtas 7 conláin pholaitíochta sna 26 co., ‘páipéir bán ar an nGaeilg’ i mbun éireannú na nGael. Eagraíonn siad cúrsaí Gaeilge ó thuaidh sa ngeimhreadh 7 cúrsaí Gaeltachta sa samhradh. Bíonn slua as íochtar Chonnacht ag freastal orthu 7 iad an-mholtach fúthu. Murar athraigh Comhairle Uladh an t-iompar ceart teangadh a bhíodh acu, b’fhiú féachaint orthu 7 aithris a dhéanamh orthu.
    Luadh san alt thuas an teorannú a dhéantar, an srianadh a tharlaíonn nuair a leagtar cúram ar ‘oifigeach Gaeilge’ (nó ‘oififeach gaeilge’ mar a baisteadh ar dhuine gnaíúil amháin). Is mór an dochar a dhéantar leis an gcleas so. Tabhair faoi deara nach féidir aon tionchar fiúntach a oibriú suas ón mbun:
    Rialtas: de facto béarla
    Roinn: mar a chéile
    Údarás: / béarla suas Gaeilg síos
    Cumann forbartha / eile: le Gaeilg
    Oifigeach Teangadh: le Gaeilg

    7 i gCumann Lúthchleas Gael:
    Ard-Chomhairle: de facto béarla
    Comhairlí Cúige 7 Co Co: le béarla
    Comhairle Uladh: le Gaeilg
    Cumainn Ghaeltachta, Laochra Loch Laoi srl. i dtrí chathair eile 7 foirne gaelscoile: le Gaeilg.

    Tá na conláin pholaitíochta mar a chéile, caithfear tosú ar an iompar teangadh a athrú ina mbarr. Má leagtar an cúram ar an gcorrdhuine dea-mhéine ina bhun, mura satlófar air in imeacht ama, sárófar é le tuirse 7 le spíonadh croí.
    Ní féile go gnáthlucht féachana CLG (sa ngalltacht) nuair a fheiceann siad daoine ag bailú don ngaelscoil áitiúil. Ba cheart d’údaráis CLG an méid sin a thuiscint 7 freastal orthu trí ghníomh treorach ón mbarr a thabhairt go seasta. Éistear leo ó thusidh.

  • Éilís Ní Anluain

    Bhí foireann Gaeltachta a bhí tar éis cluiche a imirt in Inis Oírr ar an mbád ó Inis Meáin. Béarla is mó a labhradar. Mascanna orthu de réir na rialacha, rud a chuaigh i bhfeidhm orm mar ba mhó m’fhaitíos ag éisteacht leo faoi scaipeadh an Bhéarla ná scaipeadh an víreas. An le Gaeilge a thógfaidh siad a gclann nó an bhfuil sí ag teacht chun deiridh? É sin ráite, ní haon chúnamh ná spreagadh é cláracha, ábhar eile i gcló agus fógraíocht phoiblí a bheith i mBéarla amháin in ionad iad a bheith dhá theangach, ar fud na tíre.

  • Séamas Mac Coitir

    Is cosúil gurb é an mana atá ag CLG, maidir le Gaeilge, “ná déan mar a dhéanaim, déan mar a deirim” – an focal mór agus an droch-chur leis!

    Táim tar éis a bheith ag éisteacht leis an mbrille bhreaille chéanna, ag bronnadh na gCorn ag na craobhchluichí náisiúnta peile agus iomána ó bhliain go bliain.

    Seachas cúpla eisceacht, atá an-éasca a chomhaireamh, bhí siad uilig chomh leamh míbhlasta le seanmháistir!!

    Sea, tá an scríbhinn ar an mballa, mar tá ré na cluanaireachta thart anois nó riamh!

    #

    Táim

  • Ná bí a' caint!

    Ní plean a theastaíonn ach gníomh! Dá mbeadh maith i bpleananna ní ag caint ar an teanga a bheifí ach dá labhairt.